+19. Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh: a. na bearta is gá a …
|
19. Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh: a. na bearta is gá a …
Ba cheart don bhall foirne sinsearach an méid seo a leanas a dhéanamh: - a. na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Cuid 4.2 maidir leis an measúnú ar neamhchosaint ar bhearta sriantacha;
- b. na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Cuid 4.3 maidir le beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha um bearta sriantacha;
- c. faisnéis rialta agus leordhóthanach a sholáthar don chomhlacht bainistíochta chun go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i gCuid 4.1.1 agus i gCuid 4.1.2. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis bhainistíochta an méid seo a leanas ar a laghad:
- i) athruithe ar neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha agus toradh mheasúnaithe neamhchosanta na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha;
- ii) athruithe ar chórais na mbeart sriantach agus a dtionchar ar an institiúid airgeadais;
- iii) staitisticí agus faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- líon na bhfoláireamh a ghintear;
- líon na bhfoláireamh atá fós le hanailísiú;
- líon na dtuarascálacha arna gcur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme5 agus/nó faoi bhráid an údaráis inniúil mhaoirseachta mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
- an meán-am idir an fíormheaits dearfach agus an tuarascáil a cuireadh faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus/nó faoi bhráid an údaráis inniúil mhaoirseachta mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
- luach na gcistí reoite, na n-acmhainní eacnamaíocha reoite6 agus cineál na sócmhainní sin, arna sealbhú ag an institiúid airgeadais;
- iv) faisnéis maidir le hacmhainní daonna agus teicniúla agus leordhóthanacht na n-acmhainní sin i bhfianaise neamhchosaint na hinstitiúide airgeadais ar bhearta sriantacha;
- v) easnaimh nó laigí arna sainaithint i ndáil le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe na hinstitiúide airgeadais maidir le bearta sriantacha, lena n-áirítear barúlacha arna soláthar ag údaráis inniúla i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe chun bearta sriantacha a chur chun feidhme;
- vi) cásanna de shárú agus de dhul timpeall ar na bearta sriantacha agus na cúiseanna leis an sárú agus leis an dul timpeall ar na bearta sriantacha;
- vii) tograí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar aon athruithe ar cheanglais rialála nó ar neamhchosaint ar bhearta sriantacha, nó ar aon easnaimh nó laigí i mbeartais, nósanna imeachta nó rialuithe na hinstitiúide airgeadais maidir le bearta sriantacha a sainaithníodh agus cásanna de shárú agus de dhul timpeall ar na bearta sriantacha a sainaithníodh.
- d. gach sárú ar bhearta sriantacha a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus/nó don údarás maoirseachta inniúil mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme;
- e. comhoibriú go héifeachtach agus go cuiditheach leis na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus leis an údarás maoirseachta inniúil mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme.
5 https://finance.ec.europa.eu/eu-and-world/sanctions-restrictive-measures/overview-sanctions-and-related-resources_en#contact. 6 Féach Airteagal 2, pointí (5) agus (6) de Threoir (AE) 2024/1226.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|