|
+Airteagal 19 Cumhachtaí imscrúdúcháin |
Airteagal 19 Cumhachtaí imscrúdúcháinAirteagal 19 Cumhachtaí imscrúdúcháin Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí bailithe sonraí uile agus imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, lena n‐áirítear:
(a)
an chumhacht faisnéis a éileamh ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:
(i)
gnólachtaí infheistíochta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;
(ii)
cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;
(iii)
cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;
(iv)
cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann;
(v)
daoine a bhaineann leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv);
(vi)
tríú páirtithe ar sheachfhoinsigh na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla chucu;
(b)
an chumhacht na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) atá bunaithe nó lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann, lena n‐áirítear an ceart:
(i)
a cheangal ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) doiciméid a chur isteach;
(ii)
chun leabhair chuntais agus taifid na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu;
(iii)
chun mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) nó óna n‐ionadaithe nó óna bhfoireann;
(iv)
chun agallamh a chur ar aon duine ábhartha chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(c)
an chumhacht na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus áitreabh aon ghnóthas eile atá san áireamh sa mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil ghrúpa, i gcás inarb é an t‐údarás inniúil maoirseoir an ghrúpa, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré d'údaráis inniúla eile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|