|
Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a dhéanfar ceanglas cistí dílse an bharrachais dá dtagraítear i mír 1 a ríomh: i gcás: OFRE = ceanglas cistí dílse don bharrachas. OFR = ceanglas cistí dílse na neamhchosaintí ar chliant aonair nó grúpaí cliant nasctha, arna ríomh trí cheanglais cistí dílse na neamhchosaintí ar na cliaint aonair sa ghrúpa a shuimiú, agus láimhseálfar iad mar neamhchosaint aonair; EV = luach na neamhchosanta arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 36; EVE = luach na neamhchosanta arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 37(2). Chun críche K-CON a ríomh, ní áireofar ar cheanglais cistí dílse na neamhchosaintí a eascraíonn as an bhfarasbarr dearfach de shuíomhanna fada gnólachta infheistíochta thar a shuíomhanna gearra sna hionstraimí airgeadais leabhair trádála uile arna n‐eisiúint ag an gcliant atá i gceist, suíomh glan gach ionstraime arna ríomh i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 22, ní áireofar orthu ach ceanglais riosca shonraigh. Maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann, chun críocha an cheanglais de réir K‐fhachtóirí RtM, ceanglais cistí dílse do shuíomhanna leabhair trádála a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a shonraítear in Airteagal 23, ríomhfaidh sé ceanglas cistí dílse na neamhchosanta chun críocha riosca comhchruinnithe na suíomhanna sin i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22.
Tábla 6
|
Colún 1:
Barrachas luach na neamhchosanta mar chéatadán de chistí dílse
|
Colún 2:
Fachtóirí
|
|
Suas go 40 %
|
200 %
|
|
Ó 40 % go 60 %
|
300 %
|
|
Ó 60 % go 80 %
|
400 %
|
|
Ó 80 % go 100 %
|
500 %
|
|
Ó 100 % go 250 %
|
600 %
|
|
Os cionn 250 %
|
900 %
|
|