+Airteagal 5 Forléargas ar an measúnú ar cheanglais cháilíochtúla
---+Airteagal 5 (a)
---+Airteagal 5 (b)
---+Airteagal 5 (c)
---+Airteagal 5 (d)
---+Airteagal 5 (e)
---+Airteagal 5 (f)
---+Airteagal 5 (g)
---+Airteagal 5 (h)
---+Airteagal 5 (i)
---+Airteagal 5 (j)
---+Airteagal 5 (k)
---+Airteagal 5 (l)
---+Airteagal 5 (m)
---+Airteagal 5 2
|
Airteagal 5 Forléargas ar an measúnú ar cheanglais cháilíochtúla
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach in Airteagal 325bi de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 (a)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil struchtúr eagraíochtúil soiléir ag an institiúid le haghaidh rialachas agus bainistíocht ar an tsamhail riosca margaidh, lena n-áirítear línte freagrachta dea-shainithe trédhearcacha iomchuí;
|
|
Airteagal 5 (b)
|
a fhíorú cé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear go soiléir i ndoiciméadacht inmheánach na hinstitiúide próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide i ndáil le gnéithe uile na samhlacha inmheánacha maidir le riosca margaidh;
|
|
Airteagal 5 (c)
|
fíoróidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 6:
|
(i)
|
leordhóthanacht chomhdhéanamh na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta;
|
|
(ii)
|
ról na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta;
|
|
|
Airteagal 5 (d)
|
a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 7, cé acu atá socrú na ndeasc trádála a bhfuil an formheas á dheonú don institiúid ina leith, nó a bhfuil a bhformheas faighte aici cheana, leordhóthanach nó nach bhfuil;
|
|
Airteagal 5 (e)
|
measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8, ar rialachas inmheánach agus formhaoirseacht na hinstitiúide i ndáil leis an aonad rialaithe riosca;
|
|
Airteagal 5 (f)
|
measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 9, ar cé acu atá nó nach bhfuil an beartas inmheánach leordhóthanach chun táirgí nua a thabhairt isteach;
|
|
Airteagal 5 (g)
|
a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 10, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail inmheánach;
|
|
Airteagal 5 (h)
|
measúnú a dhéanamh:
|
(i)
|
i gcomhréir le hAirteagal 11, ar leordhóthanacht an phróisis bailíochtaithe inmheánaigh agus ar a thoradh;
|
|
(ii)
|
i gcomhréir le hAirteagal 12, ar leordhóthanacht raon feidhme an bhailíochtaithe agus ar a iomláine;
|
|
|
Airteagal 5 (i)
|
measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13, ar leordhóthanacht an tuairiscithe thráthrialta inmheánaigh;
|
|
Airteagal 5 (j)
|
measúnú a dhéanamh:
|
(i)
|
i gcomhréir le hAirteagal 14, ar leordhóthanacht teorainneacha suímh;
|
|
(ii)
|
i gcomhréir le hAirteagal 15, ar leordhóthanacht an phróisis chun na teorainneacha sin a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(iii)
|
i gcomhréir le hAirteagal 16, ar leordhóthanacht an phróisis a leanfar i gcás ina sárófar na teorainneacha sin;
|
|
|
Airteagal 5 (k)
|
measúnú a dhéanamh:
|
(i)
|
i gcomhréir le hAirteagal 17, ar leordhóthanacht an chláir tástála struis;
|
|
(ii)
|
i gcomhréir le hAirteagal 18, ar leordhóthanacht cásanna tástála struis droim ar ais agus cásanna tástála struis ad hoc;
|
|
|
Airteagal 5 (l)
|
measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19, ar leordhóthanacht chórais TF;
|
|
Airteagal 5 (m)
|
a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 20, cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail tomhais riosca inmheánach, lena n-áirítear aon samhail phraghsála, maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí, agus nach bhfuil difear mór idir í agus na samhlacha a úsáideann an institiúid le haghaidh a bainistíochta riosca inmheánaí.
|
|
Airteagal 5 2
|
Chun críocha phointe (a), déanfaidh na húdaráis inniúla cineál agus méid na hinstitiúide, agus scála agus castacht a gníomhaíochtaí, a chur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|