2. I gcás cuair a mbunaíonn an institiúid féin buicéid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil critéir arna mbunú ag beartais inmheánacha na hinstitiúide chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an líon fachtóirí riosca atá le húsáid chun cuar a shamhaltú, agus go bhfuil na critéir sin bunaithe ar leachtacht agus ábharthacht na suíomhanna atá neamhchosanta ar an gcuar sin;
|
|
(b)
|
go ngabhann anailís leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) lena léirítear gur féidir luaineacht thar aibíochtaí éagsúla a ghabháil leis an líon fachtóirí riosca a úsáidtear.
|
Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbreithneoidh an t-údarás inniúil nach iomchuí an líon fachtóirí riosca a úsáidtear chun cuar a shamhaltú, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú agus an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 3 á úsáid.