+Airteagal 29 Measúnú ar chuair
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6

Airteagal 29 Measúnú ar chuair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

i gcás inar gá measúnú a dhéanamh ar chuair a bhfuil a bpointí ina bhfachtóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2060, mír 2 den Airteagal seo;

(b)

i gcás inar gá measúnú a dhéanamh ar chuair a samhaltaíodh trí bhíthin paraiméadair feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2060, mír 4 den Airteagal seo.

Chun críocha phointí (a) agus (b), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na teicnící idirshuímh agus eachtarshuímh a úsáideann an institiúid i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 29 2

2.   I gcás cuair a mbunaíonn an institiúid féin buicéid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil critéir arna mbunú ag beartais inmheánacha na hinstitiúide chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an líon fachtóirí riosca atá le húsáid chun cuar a shamhaltú, agus go bhfuil na critéir sin bunaithe ar leachtacht agus ábharthacht na suíomhanna atá neamhchosanta ar an gcuar sin;

(b)

go ngabhann anailís leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) lena léirítear gur féidir luaineacht thar aibíochtaí éagsúla a ghabháil leis an líon fachtóirí riosca a úsáidtear.

Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbreithneoidh an t-údarás inniúil nach iomchuí an líon fachtóirí riosca a úsáidtear chun cuar a shamhaltú, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú agus an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 3 á úsáid.

Airteagal 29 3

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla:

(a)

a cheangal ar an institiúid cásanna de thurraingí amach anseo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca an chuair mar a dhéantar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(b)

a cheangal ar an institiúid luaineacht pointe sa chuar nach fachtóir riosca é a dhíorthú;

(c)

a cheangal ar an institiúid luaineacht bhreathnaithe an phointe sa chuar dá dtagraítear i bpointe (b) a fháil;

(d)

an luaineacht a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a chur i gcomparáid leis an luaineacht bhreathnaithe a fhaightear i gcomhréir le pointe (c).

I gcás an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), beidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 325bc(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an tréimhse struis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), den Rialachán sin araon mar bhonn ag na húdaráis inniúla.

Airteagal 29 4

4.   I gcás cuair a samhaltaíodh trí bhíthin paraiméadair feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cé acu a áirítear nó nach n-áirítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide anailís lena léirítear gur féidir na rioscaí ábhartha uile sna cuair agus an luaineacht thar aibíochtaí éagsúla a ghabháil leis na paraiméadair feidhmeanna turrainge. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 29 5

5.   Chun críocha mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal ar an institiúid cásanna de thurraingí amach anseo a chur i bhfeidhm maidir leis na paraiméadair feidhme mar a dhéantar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(b)

a cheangal ar an institiúid luaineacht pointe sa chuar a dhíorthú;

(c)

a cheangal ar an institiúid luaineacht an phointe sa chuar dá dtagraítear i bpointe (b) a fháil;

(d)

an luaineacht a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a chur i gcomparáid leis an luaineacht bhreathnaithe a fhaightear i gcomhréir le pointe (c).

I gcás an mheasúnaithe sin, beidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 325bc(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an tréimhse struis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (c), den Rialachán sin araon mar bhonn ag na húdaráis inniúla.

Airteagal 29 6

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na teicnící uile a úsáideann an institiúid chun cuar a thógáil, lena n-áirítear idirshuíomh agus eachtarshuíomh, fónta. I gcás ina ndíorthófar cuid den chuar trína dhá phointe amuigh a eachtarshuí, fíoróidh na húdaráis inniúla an amhlaidh nach bhfuil difríocht mhór idir luaineacht na dtorthaí a bhreathnaítear sa mhargadh i gcás an chuid den chuar arna eachtarshuí agus an chuid a leanann as an eachtarshuíomh. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis inniúla na modhanna measúnúcháin dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5 a chur i bhfeidhm trí phointe sa chuar arna fháil trína eachtarshuí a roghnú agus pointe (b), de na míreanna sin, á chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.