+Airteagal 38 2

Airteagal 38 2

2.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe teoiriciúla ar luach na punainne chun críocha na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 325bg den Rialachán sin, fíoróidh siad gurb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe (e) sin:

(a)

áirithítear leo gurb ionann na laethanta gnó a úsáidtear i ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar luach na punainne agus na cinn siúd a úsáidtear i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;

(b)

sonraítear leo cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid an seat ama a ríomhann sí na hathruithe teoiriciúla ar luach phunann na deisce trádála ina leith a ailíniú leis an seat ama a ríomhann sí na hathruithe hipitéiseacha ar luach phunann na deisce trádála ina leith, de réir mar a cheadaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;

(c)

sonraítear leo cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí riosca ann a n-úsáideann an institiúid sonraí nó luachanna ionchuir ina leith i ríomh na n-athruithe hipitéiseacha chun na hathruithe teoiriciúla a ríomh, nó cé acu is amhlaidh nach bhfuil fachtóirí riosca ann a n-úsáidtear an láimhseáil sin ina leith, de réir mar a cheadaítear le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;

(d)

cumhdaítear leo na gnéithe uile dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i ndáil le fachtóirí riosca a n-úsáideann an institiúid sonraí nó luachanna ionchuir ina leith agus na hathruithe hipitéiseacha á ríomh aici chun na hathruithe teoriciúla a ríomh, de réir mar a cheadaítear le hAirteagal 14 den Rialachán Tarmligthe sin;

(e)

sonraítear leo na próisis cheartúcháin atá le leanúint agus na hathruithe teoiriciúla á ríomh i gcás teagmhas, eisceachtaí, earráidí agus teipeanna praghsála;

(f)

cumhdaítear leo na gnéithe uile dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059.

Chun críocha phointe (c), i gcás ina n-úsáidtear an láimhseáil lena mbaineann le haghaidh roinnt fachtóirí riosca, ach ní na fachtóirí riosca uile, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a shonraítear nó nach sonraítear critéir oibiachtúla leis na beartais inmheánacha chun fachtóirí riosca a gcuirtear an láimhseáil sin i bhfeidhm ina leith a roghnú.

Chun críocha phointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid critéir chainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht an ailínithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.