3. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine nó nach gcuirtear, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 325bg den Rialachán sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
i ndáil le ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar luach na punainne:
|
(i)
|
a fhíorú cé acu is ionann nó nach ionann na laethanta gnó a úsáidtear i ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar luach na punainne agus na cinn siúd a úsáidtear i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu is iad nó nach iad na suíomhanna a úsáidtear i ríomh na n-athruithe hipitéiseacha na cinn siúd a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla a ríomh.
|
|
(iii)
|
a fhíorú cé acu a ghlactar nó nach nglactar leis, nuair a ríomhann an institiúid na hathruithe teoiriciúla, go bhfuil na suíomhanna gan athrú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iv)
|
a fhíorú nach bhfuil aon difríocht idir na modhanna praghsála, paraiméadruithe samhla, sonraí margaidh agus aon teicníc eile a úsáidtear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, agus na cinn siúd a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla a ríomh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(2) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(v)
|
a fhíorú nach léirítear le hathruithe teoiriciúla ar luach na punainne ach amháin athruithe ar luachanna na bhfachtóirí riosca a shuaitear nuair a ríomhtar an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó an beart riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(vi)
|
a fhíorú go bhfuil na próisis cheartúcháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (e) láidir agus go leantar sa chleachtas iad aon uair a tharlaíonn teagmhais, eisceachtaí, earráidí agus teipeanna praghsála;
|
|
|
(b)
|
i ndáil leis na torthaí ar shannadh brabúis agus caillteanais:
|
(i)
|
a fhíorú cé acu a ríomhtar nó nach ríomhtar comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov i gceart;
|
|
(ii)
|
a fhíorú, maidir leis na fachtóirí riosca a n-úsáideann an institiúid sonraí ionchuir ina leith agus na hathruithe hipitéiseacha á ríomh aici chun na hathruithe teoriciúla a ríomh, de réir mar a cheadaítear le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach bhfuil sna fachtóirí sin ach na cinn siúd a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin ina leith;
|
|
(iii)
|
a fhíorú, maidir leis na fachtóirí riosca a n-úsáideann an institiúid a luachanna arna n-úsáid agus na hathruithe hipitéiseacha á ríomh chun na hathruithe teoriciúla a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, nach bhfuil sna fachtóirí sin ach na cinn siúd a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin ina leith.
|
|
Chun críocha phointe (a)(ii), déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn córais TF na hinstitiúide gur féidir na hathruithe sin a ríomh ar na suíomhanna céanna. Chuige sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid fardal na suíomhanna a gabhadh sna hathruithe iarbhír agus teoiriciúla a sholáthar, agus na suíomhanna sin a chur i gcomparáid.
Chun críocha phointe (a)(iv), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a áirithíonn nó n-áirithíonn córais na hinstitiúide gurb iad na feidhmeanna praghsála a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla a ríomh na cinn siúd a úsáidtear i ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin.
Chun críocha phointe (a)(v), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn córais na hinstitiúide go gcoimeádtar luach na bhfachtóirí riosca eile tairiseach agus na hathruithe teoiriciúla á ríomh. Féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 5.
Chun críocha phointe (a)(vi), déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar stair na dteagmhas, na n-eisceachtaí, na n-earráidí, agus na dteipeanna praghsála sna ríomhanna ar na hathruithe ar luachanna na bpunann, déanfaidh siad measúnú ar cé acu a leasaíodh nó nár leasaíodh iad agus ar an gcaoi ar leasaíodh iad agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad measúnú ar thionchar na n-earráidí sin ar thorthaí na cúltástála agus na tástála ar shannadh brabúis agus caillteanais.