+Airteagal 17 4.

Airteagal 17 4.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 3a den Airteagal seo a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá iontu, a chinneadh údarú dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15(1), an dara fomhír, a dheonú, i gcás ina bhfuil sé lánsásta gur fíor an méid seo a leanas i gcás an CPL is iarratasóir agus sa chás sin amháin:

(a) 

comhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar le haghaidh ionstraimí neamhairgeadais; agus

(b) 

tugtar fógra ina leith mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.

I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú.

Ní údarófar an CPL is iarratasóir sna cásanna seo a leanas:

(a) 

chinn údarás inniúil an CPL gan an t-údarú a dheonú; nó

(b) 

tagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú.

Luafar i scríbhinn sa tuairim chomhpháirteach dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais.

I gcás nach dtagtar ar thuairim chomhpháirteach den sórt sin trí chomhaontú frithpháirteach agus ina dtugann tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim dhiúltach uathu, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, laistigh de 30 lá féilire ón tuairim dhiúltach sin a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Sa chinneadh i dtaobh an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh maidir le húdarú a chur siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh maidir le húdarú a d’fhéadfadh ESMA a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ESMA tar éis dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo.

I gcás ina dtagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú, féadfaidh údarás inniúil an CPL an t-ábhar a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí tar éis cinneadh a dhéanamh i dtaobh údarú a dheonú nó a dhiúltú faoi mhír 3c, an CPL is iarratasóir a chur ar an eolas i scríbhinn maidir lena chinneadh tríd an mbunachar sonraí lárnach, mar aon le míniú lánréasúnaithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.