1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, i gcás ina mbíonn amhras ann go bhfuil baint ag idirbheart le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, chun toiliú a chur ar fionraí nó a choinneáil siar i ndáil leis an idirbheart sin.
I gcás ina mbunófar an gá le toiliú i ndáil le hidirbheart a chur ar fionraí nó a choinneáil siar bunaithe ar amhras arna thuairisciú de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh na Ballstáit go bhforchuirfear fionraí nó coinneáil siar an toilithe ar an eintiteas faoi oibleagáid laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin. I gcás ina mbeidh an gá le hidirbheart a chur ar fionraí bunaithe ar obair anailíseach FIU, gan beann ar cibé acu ar chomhdaigh nó nár chomhdaigh an t-eintiteas faoi oibleagáid tuairisc roimh ré, déanfaidh an FIU an fhionraí a fhorchur a luaithe is féidir.
Forchuirfidh an FIU fionraí nó coinneáil siar an toilithe i ndáil leis an idirbheart chun na cistí a chaomhnú, chun a anailísí a dhéanamh, lena n-áirítear anailís ar an idirbheart, chun a mheasúnú an bhfuil an t-amhras deimhnithe agus, más amhlaidh atá, chun torthaí na n-anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla ábhartha chun gur féidir bearta iomchuí a ghlacadh.
Leagfaidh na Ballstáit síos an tréimhse fionraí nó an tréimhse chun toiliú a choinneáil siar is infheidhme maidir le hobair anailíseach na FIUnna, ar tréimhse í nach mbeidh níos faide ná 10 lá oibre. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a leagan síos i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina gcomhlíonann FIUnna an fheidhm maidir le sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil, a reo nó a choigistiú. I gcás ina leagtar síos tréimhse fionraí nó tréimhse chun toiliú a choinneáil siar níos faide, áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh FIUnna a bhfeidhm faoi réir coimircí náisiúnta iomchuí, amhail an fhéidearthacht don duine ar cuireadh a idirbheart nó a hidirbheart ar fionraí agóid a dhéanamh i gcoinne na fionraí sin os comhair cúirte.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na FIUnna deireadh a chur leis an bhfionraí nó an choinneáil siar toilithe tráth ar bith i gcás ina gcinnfidh siad nach bhfuil gá leis an bhfionraí nó an choinneáil siar toilithe sin a thuilleadh chun na cuspóirí a leagtar amach sa tríú fomhír a chomhlíonadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do FIUnna an toiliú dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fionraí nó a choinneáil siar arna iarraidh sin do FIU ó Bhallstát eile.