1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar mháthairghnóthas grúpa eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais nó ar cheannoifig eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais in ann coláistí maoirseachta tiomnaithe AML/CFT a chur ar bun in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina bhfuil bunaíochtaí bunaithe ag eintiteas faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais, nó grúpa de sin, in dhá Bhallstát dhifriúla ar a laghad cé is moite den Bhallstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil bunaíochtaí curtha ar bun ag eintiteas tríú tír atá faoi réir ceanglais AML/CFT, seachas institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais i dtrí Bhallstát ar a laghad.
|
Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteann maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí a bhfuil feidhm ag ceanglais uile-ghrúpa maidir leo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1624.
Is iad a bheidh i mbuanchomhaltaí an choláiste an maoirseoir seach-airgeadais atá i gceannas ar an máthairghnóthas nó ar an gceannoifig agusna maoirseoirí seach-airgeadais atá i gceannas ar bhunaíochtaí i mBallstáit óstacha nó atá i gceannas ar an maoirseacht ar an eintiteas sin faoi oibleagáid i mBallstáit eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 37(1), an dara fomhír.