+Airteagal 35 Bearta maoirseachta ESMA
---+Airteagal 35 1
---+Airteagal 35 2
---+Airteagal 35 3
---+Airteagal 35 4
---+Airteagal 35 5
---+Airteagal 35 6
---+Airteagal 35 7

Airteagal 35 Bearta maoirseachta ESMA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1

1.   I gcás ina bhfaighidh ESMA amach nár chomhlíon soláthraí rátála ESG a oibleagáidí faoin Rialachán seo, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta seo a leanas:

(a)

údarú nó aitheantas an tsoláthraí rátála ESG a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(b)

toirmeasc sealadach a chur ar an soláthraí rátála ESG rátálacha ESG a fhoilsiú nó a dháileadh, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;

(c)

a cheangal ar an soláthraí rátála ESG deireadh a chur leis an sárú;

(d)

fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 36;

(e)

fógraí poiblí a eisiúint.

Airteagal 35 2

2.   Ina theannta sin, féadfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (e), den Airteagal seo a dhéanamh i leith aon soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1):

(a)

gan Airteagal 4 a chomhlíonadh, nó i gcás ina ndearna ESMA údarú nó aitheantas an tsoláthraí rátála ESG dá dtagraítear san Airteagal sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(b)

gan na coinníollacha chun tairbhiú d’aon eisiamh a leagtar amach in Airteagal 2(2) a chomhlíonadh.

Airteagal 35 3

3.   Féadfaidh ESMA an beart maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhéanamh freisin, i gcás ina bhfuil gníomhaíocht rátála ESG de chuid soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí san Aontas.

Chun a fhíorú an bhfuil duine ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), féadfaidh ESMA na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagail 32, 33 agus 34 a úsáid i leith an duine lena mbaineann nó i leith aon tríú páirtithe a chuireann ar chumas an duine lena mbaineann an ghníomhaíocht rátála ESG a dhéanamh.

Airteagal 35 4

4.   Beidh na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 35 5

5.   Nuair a bheidh aon cheann de na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)

i dtaobh an raibh an sárú ina chúis le déanamh coireachta airgeadais nó i dtaobh ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó i dtaobh an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c)

cé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d)

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)

láidreacht airgeadais an tsoláthraí rátála ESG, mar a léirítear lena ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán;

(f)

tionchar an tsáraithe ar leasanna infheisteoirí agus ar úsáideoirí eile rátálacha ESG;

(g)

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG agus tábhacht na gcaillteanas a sheachain sé nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis agus na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(h)

leibhéal comhair an tsoláthraí rátála ESG le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé mar gheall ar an sárú, a áirithiú;

(i)

aon sáruithe a rinne an soláthraí rátála ESG roimhe sin;

(j)

bearta a rinne an soláthraí rátála ESG tar éis an tsáraithe chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.

Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (c), measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

Airteagal 35 6

6.   Tabharfaidh ESMA fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon chinneadh chun beart maoirseachta a dhéanamh de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú. Déanfaidh ESMA aon chinneadh den sórt sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Beidh na nithe seo a leanas uile san fhoilseachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

ráiteas lena ndearbhófar ceart an tsoláthraí rátála ESG achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;

(b)

i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 35 7

7.   Féadfaidh ESMA a cheangal ar an soláthraí rátála ESG a rinne sárú freisin úsáideoirí a rátálacha ESG a chur ar an eolas faoi aon bheart maoirseachta arna dhéanamh ag ESMA de bhun mhír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.