+Airteagal 35 5
|
Airteagal 35 5
5. Nuair a bheidh aon cheann de na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
fad agus minicíocht an tsáraithe;
|
|
(b)
|
i dtaobh an raibh an sárú ina chúis le déanamh coireachta airgeadais nó i dtaobh ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó i dtaobh an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
|
|
(c)
|
cé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
|
|
(d)
|
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
|
|
(e)
|
láidreacht airgeadais an tsoláthraí rátála ESG, mar a léirítear lena ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán;
|
|
(f)
|
tionchar an tsáraithe ar leasanna infheisteoirí agus ar úsáideoirí eile rátálacha ESG;
|
|
(g)
|
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG agus tábhacht na gcaillteanas a sheachain sé nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis agus na caillteanais sin a dhéanamh amach;
|
|
(h)
|
leibhéal comhair an tsoláthraí rátála ESG le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátála ESG sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé mar gheall ar an sárú, a áirithiú;
|
|
(i)
|
aon sáruithe a rinne an soláthraí rátála ESG roimhe sin;
|
|
(j)
|
bearta a rinne an soláthraí rátála ESG tar éis an tsáraithe chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (c), measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|