|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Tarchuirfidh na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chuig an Údarás, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid, ionas go gcuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí:
(a)
liosta de na húdaráis mhaoirseachta agus de na comhlachtaí féinrialála uile ina mBallstát ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis faoina sainordú, a gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an phríomh-mhaoirseora nó an tsásra comhordúcháin;
(b)
faisnéis staidrimh i dtaobh catagóirí agus líon na n-eintiteas faoi oibleagáid faoi mhaoirseacht in aghaidh na catagóire ina mBallstát agus faisnéis bhunúsach i dtaobh phróifíl riosca na n-eintiteas sin;
(c)
na bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm agus na smachtbhannaí airgid a forchuireadh i gcúrsa maoirseacht a dhéanamh ar eintitis aonair faoi oibleagáid mar fhreagairt ar sháruithe ar cheanglais AML/CFT, agus an méid seo a leanas ag gabháil leo:
(i)
na forais leis an mbeart riaracháin a chur i bhfeidhm nó leis an smachtbhanna airgid a fhorchur, amhail cineál an tsáraithe;
(ii)
faisnéis ghaolmhar maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na torthaí as ar eascair an beart riaracháin atá á chur i bhfeidhm nó an smachtbhanna airgid atá á fhorchur;
(d)
aon chomhairle nó tuairim a bhaineann le rioscaí ML/TF a sholáthraítear d’údaráis eile i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, aistarraingt nósanna imeachta údarúcháin, agus measúnuithe ‘cuí córa’ ar scairshealbhóirí nó comhaltaí de chomhlacht bainistíochta eintiteas aonair faoi oibleagáid;
(e)
torthaí a measúnuithe ar phróifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais uile a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(1);
(f)
torthaí agus tuairiscí athbhreithnithe téamacha agus gníomhaíochtaí maoirseachta cothrománacha eile maidir le réimsí nó gníomhaíochtaí ardriosca;
(g)
faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinne siad le bliain féilire anuas, arna bailiú de bhun Airteagal 40(5) de Threoir (AE) 2024/1640;
(h)
faisnéis staidrimh i dtaobh na foirne agus acmhainní eile maoirseoirí agus údarás maoirseachta. Ní áireofar san fhaisnéis a sholáthrófar de bhun na chéad fhomhíre tagairt d’amhras sonrach arna thuairisciú de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624. Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí, ina theannta sin, an fhaisnéis a eascraíonn óna ghníomhaíochtaí i réimse na maoirseachta dírí a chomhfhreagraíonn do na catagóirí faisnéise a liostaítear sa chéad fhomhír, chomh maith le torthaí an phróisis measúnaithe riosca a rinne an tÚdarás de bhun Airteagal 12. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|