+Airteagal 48
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
---+Airteagal 48 5.
---+Airteagal 48 6.
---+Airteagal 48 7.

Airteagal 48

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1.
Déanfaidh an tÚdarás próiseas athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí FIUnna a chur ar bun de bhun Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640 chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí FIU a neartú agus chun malartú dea-chleachtas idir FIUnna a éascú. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na FIUnna a athbhreithnítear agus forbróidh sé freisin rialacha nós imeachta chun athbhreithnithe piaraí a dhéanamh.

I gcás inarb ábhartha, agus athbhreithnithe piaraí á bpleanáil agus á ndéanamh, tabharfar aird chuí ar na meastóireachtaí, na measúnuithe agus na tuairiscí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath.

Airteagal 48 2.
Chun críocha mhír 1, cuirfidh an tÚdarás foireann athbhreithnithe piaraí ar bun, ar foireann í a bheidh comhdhéanta d’fhoireann an Údaráis agus d’ionadaithe ó na FIUnna atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí.
Airteagal 48 3.

Áireofar san athbhreithniú piaraí ar ghníomhaíochtaí FIU measúnú ar na nithe seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:

(a) 

leormhaitheas acmhainní FIU, lena n-áirítear acmhainní daonna agus teicniúla agus TF, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh;

(b) 

na bearta a chuirtear chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil neamhspleáchas agus uathriail oibríochtúil ag FIU agus nach bhfuil sé faoi réir tionchar míchuí;

(c) 

na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun slándáil agus rúndacht faisnéise a chosaint;

(d) 

feidhm FIU chun tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha agus nochtaí eile a fháil, lena n-áirítear líon agus cineál na nochtaí a fhaightear agus a gcáilíocht;

(e) 

na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha ag eintitis faoi oibleagáid a fheabhsú, go háirithe i ndáil lena gcáilíocht;

(f) 

rochtain FIU ar fhaisnéis bhreise agus úsáid na faisnéise breise sin chun a anailís a shaibhriú;

(g) 

na huirlisí a úsáideann FIU chun anailís a dhéanamh;

(h) 

a mhéid a thacaíonn anailís agus scaipeadh FIU le riachtanais oibríochtúla na n-údarás atá inniúil chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(i) 

comhar intíre idir FIU agus údaráis inniúla eile;

(j) 

comhar trasteorann idir FIU agus FIUnna ó Bhallstáit eile.

Airteagal 48 4.
Ullmhóidh an tÚdarás tuairisc ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na FIUnna atá rannpháirteach san fhoireann athbhreithnithe piaraí an tuairisc athbhreithnithe piaraí sin a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Áireofar sa tuairisc dea-chleachtais a shainaithnítear agus, i gcás inarb ábhartha, bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach mar thoradh ar an athbhreithniú piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 54 agus i bhfoirm tuairime de bhun Airteagal 55. Déanfaidh FIUnna gach iarracht cloí le haon treoirlínte agus moltaí a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 54.
Airteagal 48 5.
Foilseoidh an tÚdarás fionnachtana an athbhreithnithe piaraí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fhaigheann an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur ghá rialacha an Aontais is infheidhme i leith FIUnna a chomhchuibhiú tuilleadh ó thaobh an Aontais de.
Airteagal 48 6.
Cuirfidh an tÚdarás tuairisc leantach ar fáil 2 bhliain tar éis fhoilsiú na tuairisce athbhreithnithe piaraí. Déanfaidh foireann an Údaráis agus foireann ábhartha na FIUnna atá rannpháirteach san fhoireann athbhreithnithe piaraí an tuairisc leantach a ullmhú go comhpháirteach, agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í, tar éis dó barúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU a fháil maidir le comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na modheolaíochta le tuairiscí athbhreithnithe piaraí eile. Áireofar sa tuairisc leantach measúnú ar leormhaitheas agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rinne na FIUnna a bhí faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuairisceathbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an tÚdarás fionnachtana na tuairisceleantaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 48 7.
Chun críocha an Airteagail seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean oibre athbhreithnithe piaraí gach 2 bhliain, ina léireofar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithnithe piaraí a bhí ann roimhe seo agus an plé a tionóladh sa Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU. Beidh an plean oibre athbhreithniú piaraí ina chuid leithleach den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil agus áireofar é sa doiciméad clársceidealaithe aonair. Beidh gach FIU rannpháirteach sna hathbhreithnithe piaraí a bhaineann leis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.