+IARSCRÍBHINN VI

IARSCRÍBHINN VI

IARSCRÍBHINN VI

Treoracha maidir le faisnéis a nochtadh maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an chreata rialála

Teimpléad EU LI1 – Difríochtaí idir raon feidhme cuntasaíochta agus raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta agus mapáil catagóirí ráitis airgeadais ina bhfuil catagóirí priacal rialála. Formáid sholúbtha.

1. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 436 de Rialachán (AE) 575/2013 ( 7 ) (“CRR”) trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU LI1 a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

1 go XXX

Iomlán na Sócmhainní

Beidh an struchtúr róe céanna le struchtúr róe an chláir chomhardaithe ar mbaineadh úsáid as i dtuairisciú airgeadais na hinstitiúide is déanaí atá ar fáil.

Tagraíonn “tuairisciú airgeadais” do na ráitis airgeadais bhliantúla aonair nó chomhdhlúite a shainmhínítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2013/34 (1), agus (nuair is infheidhme) do na ráitis airgeadais de réir bhrí na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta mar a formhuiníodh san Aontas Eorpach iad i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) 1606/2002 (2).

1 go XXX

Iomlán na nDliteanas

Beidh an struchtúr róe céanna le struchtúr róe an chláir chomhardaithe ar mbaineadh úsáid as i dtuairisciú airgeadais na hinstitiúide is déanaí atá ar fáil.

Tagraíonn “tuairisciú airgeadais” do na ráitis airgeadais bhliantúla aonair nó chomhdhlúite a shainmhínítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2013/34/AE, agus (nuair is infheidhme) do na ráitis airgeadais de réir bhrí na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta mar a formhuiníodh san Aontas Eorpach iad i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) 1606/2002.

(1)   

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(2)   

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1606/2002 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir thagartha an cholúin

Míniú

a

Luachanna de réir na leabhar mar a thuairiscítear i ráitis airgeadais fhoilsithe

An tsuim a tuairiscíodh ar thaobh na sócmhainní agus ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe a bunaíodh de réir na gceanglas comhdhlúthúcháin sa chreat cuntasaíochta is infheidhme, lena n-áirítear creataí bunaithe ar Threoir (AE) 2013/34/AE agus le Treoir (CEE) 86/635 (1), nó na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a formhuiníodh san Aontas Eorpach iad

b

Luachanna de réir na leabhar faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

An tsuim a tuairiscíodh ar thaobh na sócmhainní agus na dliteanais sa chlár comhardaithe a bunaíodh de réir na gceanglas maidir le comhdhlúthú rialála i Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon de CRR

Má tá raon feidhme an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta agus raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta díreach mar an gcéanna, déanfar colúin (a) agus (b) den teimpléad sin a chumasc.

c

Luachanna ítimí de réir na leabhar atá faoi réir creata priacal creidmheasa

Suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) a bhfuil feidhm ag Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR maidir leo

d

Luachanna ítimí de réir na leabhar atá faoi réir creata priacal creidmheasa an chontrapháirtí

Suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) a bhfuil feidhm ag Caibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR maidir leo

e

Luachanna ítimí de réir na leabhar atá faoi réir creata urrúsúcháin

Suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) ón leabhar neamhthrádála a bhfuil feidhm ag Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR maidir leo

f

Luachanna ítimí de réir na leabhar atá faoi réir creata priacal margaidh

Suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) a bhfuil feidhm ag Teideal IV de Chuid a Trí de CRR maidir leo. Ítimí a chomhfhreagraíonn do shuíomhanna urrúsúcháin sa leabhar trádála – lena n-áireofar na ceanglais i dTeideal IV de Chuid a Trí de CRR sa cholún seo.

g

Luachanna ítimí de réir na leabhar nach bhfuil faoi réir ceanglas cistí dílse nó atá faoi réir asbhainte ó chistí dílse

Suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) nach bhfuil faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhréir le CRR; suimeanna glanluacha faoi raon feidhme stuamachta maidir le comhdhlúthú ítimí (seachas ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe) atá faoi réir asbhaintí as cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Dó de CRR

Féadfar a áireamh sna hítimí asbhainte, mar shampla, na hítimí a liostaítear in Airteagail 37, 38, 39 agus 41 de CRR.

Is éard a bheidh sna suimeanna le haghaidh sócmhainní na suimeanna iarbhír a asbhaineadh ó chistí dílse, agus aon ghlanluacháil le dliteanais a cheadaítear le hasbhaint (agus aon tairseach le haghaidh asbhainte) is infheidhme de réir na n-Airteagal ábhartha i gCuid a Dó de CRR á gcur san áireamh.

I gcás inarb iad na hítimí a liostaítear i bpointe (k) d’Airteagal 36(1) agus in Airteagal 48 de CRR 1 250  % a ualaítear ó thaobh priacal seachas iad a asbhaint, ní nochtfar iad i gcolún (g) den teimpléad sin ach sna colúin iomchuí eile de theimpléad EU LI1. Tá feidhm aige sin freisin maidir le hítim ar bith eile atá 1 250  % ualaithe ó thaobh priacal de i gcomhréir leis na ceanglais in CRR.

Is éard a bheidh sna suimeanna le haghaidh dliteanas suim na ndliteanas is gá a thabhairt san áireamh chun cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na sócmhainní atá le hasbhaint ó chistí dílse i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha i gCuid a Dó de CRR. Ina theannta sin, nochtfar sa cholún seo gach dliteanas seachas na dliteanais sin (i) atá ábhartha do chur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR, nó (ii) atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR agus i dTeideal IV de Chuid a Trí de CRR.

gach ceann

I gcás ina meallann ítim aonair ceanglais chaipitil i gcomhréir le níos mó ná creat priacal amháin, nochtfar luachanna i ngach colún a chomhfhreagraíonn do na ceanglais chaipitil lena mbaineann siad. Dá thoradh sin, féadfaidh suim na méideanna i gcolúin (c) go (g) den teimpléad seo a bheith níos mó ná an méid atá i gcolún (b) den teimpléad seo. Soláthróidh institiúidí mínithe cáilíochtúla ar shócmhainní agus ar dhliteanais atá faoi réir ceanglas caipitil le haghaidh níos mó ná creat priacal amháin a liostaítear i gCuid a Trí de CRR.

(1)   

TREOIR 86/635/CEE ÓN gCOMHAIRLE an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

Teimpléad EU LI2 – Príomhfhoinsí na ndifríochtaí idir méideanna risíochta rialála agus luachanna de réir na leabhar i ráitis airgeadais. Formáid sheasta.

2. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 436 de CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU LI2 a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

1

Sócmhainní ag a bhfuil luach de réir na leabhar faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

Beidh na suimeanna i gcolúin (b) go (e) den teimpléad seo mar an gcéanna leis na suimeanna i gcolúin (c) go (f) de theimpléid EU LI1.

2

Dliteanais ag a bhfuil luach de réir na leabhar faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

Beidh na suimeanna i gcolúin (b) go (e) den teimpléad seo mar an gcéanna leis na suimeanna i gcolúin (c) go (f) de theimpléid EU LI1.

3

Glansuim iomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

An tsuim tar éis glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe idir sócmhainní agus dliteanais faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta, beag beann ar incháilitheacht na sócmhainní agus na ndliteanas sin sna rialacha glanluachála sonracha maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR agus Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

Beidh an tsuim sa ró seo cothrom leis an luach i ró 1 a asbhaintear leis an luach i ró 2 den teimpléad seo.

4

Suimeanna lasmuigh den chlár comhardaithe

Áireofar bunrisíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, sula mbainfear úsáid as fachtóir coinbhéartachta, nuair is ábhartha, ón ráiteas bunaithe lasmuigh den chlár comhardaithe, tar éis raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta i gcolún (a) go colún (d) den teimpléad sin a leanúint.

5

Difríochtaí i luachálacha

Tionchar suim ghlanluacha na gcoigeartuithe i gcomhréir le hAirteagal 34 de Chaibidil 2 de Theideal I de Chuid a Dó de CRR agus le hAirteagal 105 de Chaibidil 3 de Theideal I de Chuid a Trí de CRR maidir le risíochtaí leabhair trádála agus leabhar neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme

Beidh an tsuim sin comhsheasmhach leis an tsuim i ró 7 de theimpléid EU CC1 agus leis an tsuim atá i ró 12 (f) de theimpléad EU PV1.

6

Difríochtaí mar gheall ar rialacha éagsúla glanluachála, seachas na cinn a cuireadh san áireamh cheana i ró 2 den teimpléad seo

Leis an ítim seo, tagraítear do shuimeanna risíochta glana laistigh den chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe tar éis na rialacha glanluachála sonracha i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR agus i dTeideal IV de Chuid a Trí de CRR a chur i bhfeidhm. Féadfaidh tionchar diúltach a bheith ag cur i bhfeidhm na rialacha glanluachála (i gcás inar gá níos mó risíochtaí a ghlanluacháil ná úsáid glanluachála laistigh den chlár comhardaithe i ró 2 den teimpléad sin) nó dearfach (i gcás rialacha glanluachála a chur i bhfeidhm in CRR lena ndéantar suim níos ísle a ghlanluacháil ná glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe i ró 2 den teimpléad sin).

7

Difríochtaí mar gheall ar bhreithniú ar fhorálacha

Ath-lánpháirtiú i luach risíochta na gcoigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa (mar a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 183/2014 ón gCoimisiún (1)) a asbhaineadh, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, as suim ghlanluacha na risíochtaí faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR ar mhaithe le priacal a ualú. Maidir le risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR, i gcás ina ndearnadh an méid anonn sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta a laghdú le heilimintí atá cáilithe mar choigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa faoin rialachán tarmligthe thuasluaite, déanfar na heilimintí sin a ath-lánpháirtiú i luach na neamhchosanta.

8

Difríochtaí mar gheall ar úsáid teicnící um maolú priacail creidmheasa

Tionchar ar luach na risíochta faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta chur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe priacal creidmheasa mar a shainítear in CRR.

9

Difríochtaí mar gheall ar fhachtóirí coinbhéartachta creidmheasa

Tionchar ar luach risíochta risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi raon feidhme comhdhlúthú stuamachta chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta ábhartha i gcomhréir le CRR

Déanfar an fachtóir coinbhéartachta chun ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a ualú ó thaobh priacal a chinneadh i gcur i bhfeidhm Theideal II de Chuid a Trí de CRR i gcomhréir le hAirteagail 111, 166, 167 agus 182 (de réir mar is infheidhme maidir le priacal creidmheasa), agus in Airteagal 246 CRR (mar is infheidhme maidir le priacal urrúsúcháin).

10

Difríochtaí mar gheall ar Urrúsú le haistriú priacail

Tionchar ar luach risíochta risíochtaí urrúsaithe maidir le húsáid a bhaint as idirbhearta urrúsaithe chun priacal creidmheasa a aistriú chuig tríú páirtithe i gcomhréir le CRR

11

Difríochtaí eile (más ábhartha)

Spreagthaí fóinteacha eile le haghaidh difríochtaí idir ráitis airgeadais a bhfuil luachanna de réir na leabhar ag gabháil leo faoi raon feidhme rialála an chur i bhfeidhm agus na suimeanna risíochta a mheastar chun críocha rialála

Déanfaidh institiúidí na nochtuithe cainníochtúla atá san áireamh sa tsraith seo a chomhlánú le mínithe cáilíochtúla ar phríomhspreagthaí na ndifríochtaí sin i dtábla EU LIA.

12

Suimeanna risíochta arna meas chun críocha rialála

An tsuim comhiomlán a mheastar a bheith ina thúsphointe de ríomh RWEA tar éis modhanna CRM seachas glanluacháil i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR a chur i bhfeidhm agus tar éis ceanglais glanluachála a chur i bhfeidhm i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR agus i dTeideal IV de Chuid a Trí de CRR den rialachán céanna le haghaidh gach ceann de na catagóirí priacal

I gcás ina gcuirtear an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm, is é sin an luach i ndiaidh coigeartuithe creidmheasa sonracha, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus Airteagal 110 de CRR agus laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an ítim sócmhainne. Maidir le hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, beidh luach na risíochta cothrom leis an luach ainmniúil tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a laghdú, arna iolrú faoin gcéatadán is infheidhme a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (d) d’Airteagal 111(1) de CRR.

I gcás an chur chuige IRB, beidh an luach a nochtar cothrom le luach na risíochta de réir bhrí Airteagal 166, Airteagal 167 agus Airteagal 168 de CRR.

Dá bhrí sin, nochtfar na luachanna de réir na leabhar arna dtuairisciú sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta sna sraitheanna comhfhreagracha 1 go 3 den teimpléad seo, agus nochtfar na risíochtaí bunaidh lasmuigh den chlár comhardaithe i sraith 4 den teimpléad sin. Cuirfear aon mhéadú sonrach rialála nó aon laghdú rialála a bhaineann leis na suimeanna sin san áireamh i sraitheanna 5 go 11 den teimpléad sin chun míniú a thabhairt ar conas na suimeanna sin a réiteach leis an tsuim risíochta le haghaidh chun críoch rialála mar thúsphointe ríomh RWA i gcomhréir le gach ceann de na creataí a luaitear i gcolún (b) go colún (e) den teimpléad sin. Ciallaíonn sé sin, go háirithe i gcás priacal creidmheasa, go mbeidh na méideanna risíochta a mheastar chun críocha rialála a nochtar i sraith 12 den teimpléad seo éagsúil ó na luachanna de réir na leabhar mar a thuairiscítear iad sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta, mar gheall ar láimhseáil rialála ar leith na bhforálacha cuntasaíochta chun na RWEAanna a ríomh.

(1)   

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) Uimh. 183/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála chun ríomh coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar phriacal creidmheasa a shonrú (IO L 57, 27.2.2014, lch. 3).


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir thagartha an cholúin

Míniú

a

Iomlán

Iomlán i gColún (a) de theimpléad EU LI2 = Suimeanna i gColún (b) de theimpléad EU LI1 – Suimeanna i gColún (g) de theimpléad EU LI1.

 

Freagraíonn miondealú na gcolún sna catagóirí priacal rialála (b) go (e) don mhiondealú a liostaítear i gCuid a Trí de CRR:

b

Creat priacail creidmheasa

Risíochtaí i dTeideal II de Chuid a Trí de CRR

Beidh risíochtaí faoin gcreat priacail creidmheasa ag comhfhreagairt don mhéid risíochta a chuirtear i bhfeidhm sa chur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa (féach Airteagal 111 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR) nó do na risíochtaí ar mainneachtain (EAD) sa chur chuige priacail creidmheasa – IRB (féach Airteagal 166, Airteagal 167 agus Airteagal 168 i gCaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR).

c

Creat urrúsúcháin

Risíochtaí ón leabhar neamhthrádála a thugtar i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR

Cinnfear risíochtaí urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 246 de Chaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR.

d

Creat Priacail Creidmheasa an Chontrapháirtí (priacal creidmheasa an chontrapháirtí)

Risíochtaí arna meas i gCaibidil 6 i dTeideal II de Chuid a Trí de CRR

e

Creat priacail margaidh

Risíochtaí ar phriacal margaidh a chomhfhreagraíonn do shuíomhanna atá faoi réir an chreata priacail margaidh i dTeideal IV de Chuid a Trí de CRR

Ní nochtfar ach rónna 1 go 3 agus ró 12 den teimpléad seo a bhaineann leis an gcolún seo.

gach ceann

I gcás ina bhfuil ítim aonair faoi réir ceanglais chaipitil i gcomhréir le níos mó ná creat priacal amháin, nochtfar é sin i ngach colún a chomhfhreagraíonn do na ceanglais chaipitil. Dá thoradh sin, féadfaidh suim na méideanna i gcolúin (b) go (e) den teimpléad seo a bheith níos mó ná an méid atá i gcolún (a) den teimpléad seo. Soláthróidh institiúidí mínithe cáilíochtúla ar shócmhainní agus ar dhliteanais atá faoi réir ceanglas caipitil le haghaidh níos mó ná creat priacal amháin a liostaítear i gCuid a Trí de CRR.

Teimpléad EU LI3 – Imlíne na ndifríochtaí sna raonta feidhme comhdhlúthaithe (aonán ar aonán)

3. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 436 de CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU LI3 a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

 

Tá na rónna solúbtha. Cuirfear nochtuithe ar fáil d’eintitis a áirítear laistigh de raon feidhme cuntasaíochta agus rialála an chomhdhlúthaithe mar a shainmhínítear i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus le Roinn 2 agus le Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon de CRR, i gcás nach ionann modh an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta agus modh an chomhdhlúthaithe rialála. Ró amháin in aghaidh an eintitis.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir thagartha an cholúin

Míniú

a

Ainm an eintitis

Ainm tráchtála aon aonáin arna áireamh nó arna asbhaint as raon feidhme rialála agus cuntasaíochta comhdhlúthaithe institiúide

b

Modh comhdhlúthaithe cuntasaíochta

Modh an chomhdhlúthaithe ar baineadh úsáid as i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme

c go g

Modh comhdhlúthaithe rialála

Modh comhdhlúthaithe a chuirtear chun feidhme chun críche Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de CRR

Ar a laghad, nochtfar na modhanna a liostaítear i bpointe (b) d’Airteagal 436 de CRR.

Cuirfidh institiúidí tic sna colúin is infheidhme chun modh comhdhlúthaithe gach eintitis faoin gcreat cuntasaíochta a shainaithint agus chun a chinneadh, faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta, an bhfuil gach eintiteas (i) comhdhlúite ina iomláine; (ii) comhdhlúite go comhréireach; (iii) aitheanta faoin modh cothromais; (iv) neamh-chomhdhlúite ná neamh-asbhainte nó; (v) asbhainte.

h

Tuairisc an eintitis

Tuairisc ghairid ar an eintiteas, agus nochtadh (ar a laghad) a earnála gníomhaíochta

Tábla EU LIA – Mínithe ar dhifríochtaí idir suimeanna cuntasaíochta agus risíochtaí rialála. Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh

4. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (d) d’Airteagal 436 de CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU LIA a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

(a)

Míneoidh institiúidí bunús aon difríochtaí suntasacha idir na suimeanna i gcolún (a) agus i gcolún (b) i dteimpléad EU LI1 agus cainníochtóidh siad iad, gan beann ar an dtagann na difríochtaí ó rialacha comhdhlúthaithe éagsúla nó an mbaintear úsáid as caighdeáin chuntasaíochta éagsúla idir na comhdhlúthú cuntasaíochta agus na comhdhlúthú rialála.

(b)

Míneoidh institiúidí bunús na ndifríochtaí idir luachanna de réir na leabhar faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta agus na suimeanna arna meas chun críocha rialála i dteimpléad EU LI2.

Tábla EU LIB – Faisnéis cháilíochtúil eile faoi raon feidhme cur i bhfeidhm. Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh

5. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f), pointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 436 de CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun tábla EU LIB a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

(a)

Nochtfaidh institiúidí aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ábhartha reatha nó ionchais ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí.

(b)

Nuair is infheidhme, nochtfaidh institiúidí ainm nó ainmneacha na bhfochuideachtaí nach n-áirítear sa chomhdhlúthú.

(c)

Nuair is infheidhme, nochtfaidh institiúidí na himthosca faoina mbaintear úsáid as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7 de CRR nó an modh chomhdhlúite aonair a leagtar síos in Airteagal 9 de CRR.

(d)

Nuair is infheidhme, nochtfaidh institiúidí suim comhiomlán faoinar lú na cistí dílse iarbhír ná mar a theastaíonn i ngach fochuideachta nach bhfuil san áireamh sa chomhdhlúthú, agus ainm nó ainmneacha na bhfochuideachtaí sin.

Teimpléad EU PV1 – Coigeartuithe luachála stuama (PVA): Formáid sheasta

6. Institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm maidir leis an gcoigeartú luachála breise ar luacháil stuama a chinneadh i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ( 8 ) ón gCoimisiún, nochtfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 436 CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad iomlán EU PV1 a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.


Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

Ró 1 go ró 10

Leibhéal na Catagóire AVA

Déanfar leibhéal na catagóire AVA maidir le héiginnteacht i bpraghas an mhargaidh, costais clabhsúir, priacal samhaltaithe, suíomhanna neamhéagsúlaithe, costais riaracháin amach anseo, luathfhoirceannadh agus priacal oibriúcháin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14 go hAirteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún faoi seach.

Maidir le héiginnteacht i bpraghas an mhargaidh, costas clabhsúir agus catagóirí priacail samhaltaithe, atá faoi réir leas an éagsúlaithe mar a leagtar amach in Airteagal 9(6), Airteagal 10(7) agus Airteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 faoi seach, déanfar leibhéal na catagóire AVA a nochtadh i gcolúin a go EU-e2 den teimpléad sin mar shuim dhíreach na AVAnna aonair roimh leas an éagsúlaithe. Áireofar i gcolún (f) den teimpléad seo sochair éagsúlaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

1

Neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar neamhchinnteacht praghais an mhargaidh AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

2

Neamhbhainteach

3

Costais clabhsúir

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar costais clabhsúir AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún

4

Suíomhanna neamhéagsúlaithe

Airteagal 105(11) de CRR

Déanfar suíomhanna neamhéagsúlaithe AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

5

Luathfhoirceannadh

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar luathfhoirceannadh AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

6

Priacal de bharr samhaltaithe

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar luathfhoirceannadh AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

7

Priacal oibriúcháin

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar priacal oibriúcháin AVAnna a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

8

Neamhbhainteach

9

Neamhbhainteach

10

Costais riaracháin amach anseo

Airteagal 105(10) de CRR

Déanfar costais riaracháin AVAnna amach anseo a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

11

Neamhbhainteach

12

Coigeartuithe luachála breise iomlána

Nochtfar AVA iomlán atá le hasbhaint as cistí dílse faoi Airteagal 34 agus Airteagal 105 de CRR i ró 12, colún (f) den teimpléad seo. Beidh an tsuim sin comhsheasmhach leis an tsuim i ró 7 de theimpléid EU CC1 agus leis an tsuim atá i ró 5, colún (a) de theimpléad EU LI2.

Maidir le punanna atá faoi réir an chur chuige lárnach mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 maidir le luacháil stuama, is éard a bheidh san AVA iomlán suim na méideanna i ró 1 go ró 10 den teimpléad sin, agus, na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) fomhíreanna (i) go (iii) d’Airteagal 7 (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, le haghaidh punanna atá faoi réir an chur chuige cúltaca, más ann dóibh.

I gcás punanna atá faoi réir an chur chuige shimplithe mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 maidir le luacháil stuama, is éard a bheidh san AVA iomlán a áirítear i gcolún (f) den teimpléad sin an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chaibidil seo.

Litir cholúin

Míniú

a-e

Miondealú de réir CATAGÓIRE PRIACAIL

Leithdháilfidh institiúidí a sócmhainní agus dliteanais a bhfuil luach cóir ag gabháil leo a áireofar sa ríomh tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún (leabhar trádála agus leabhar neamhthrádála) i gcomhréir leis na catagóirí priacail seo a leanas: rátaí úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearraí.

Eisiatar ón miondealú sna colúin sin na AVAnna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún a nochtar i gcolúin EU-e1 agus i gcolúin EU-e2 den teimpléad sin.

EU e1

Leibhéal na catagóire AVA – Neamhchinnteacht luachála: Raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte AVA

Airteagal 105(10) de CRR, Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún

Déanfar an AVA iomlán maidir le raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte (“AVA maidir le CVA”) agus a leithdháileadh idir neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais clabhsúir nó AVAnna le haghaidh priacal de bharr samhaltú a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

EU e2

Leibhéal na catagóire AVA – Costais infheistíochta agus chistithe AVA

Airteagal 105(10) de CRR, Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún

Déanfar an AVA iomlán chun costais infheistíochta agus chistithe agus leithdháileadh na gcostas sin idir éiginnteacht i bpraghas an mhargaidh, costais clabhsúir nó AVAnna le haghaidh priacal de bharr samhaltú a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

f

Leibhéal na catagóire iomlán tar éis éagsúlaithe

Maidir le punanna atá faoi réir an chur chuige lárnach mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún, cuimseofar leis an gcatagóir iomlán tar éis éagsúlaithe na AVAnna iomlána arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige lárnach i gcomhair sócmhainní agus dliteanais a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus a áirítear sa ríomh tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún. Áireofar leis seo sochair éagsúlaithe arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

Áireofar san AVA iomlán i ró 12, colún (f) den teimpléad sin, na suimeanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) fomhíreanna (i) go (iii) d’Airteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, do phunanna atá faoi réir an chur chuige cúltaca, más ann dóibh.

I gcás punanna atá faoi réir an chur chuige shimplithe mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 maidir le luacháil stuama, is éard a bheidh san AVA iomlán a áirítear i ró 12 den teimpléad sin an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chaibidil seo.

g

Ina bhfuil: cur chuige lárnach iomlán sa leabhar trádála

I gcás gach catagóire ábhartha AVA, maidir le punanna atá faoi réir an chur chuige lárnach mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún, sciar de AVAnna a thagann as suíomhanna sa “leabhar trádála”: gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála, nó d’fhonn suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil a fhálú, i gcomhréir le hAirteagal 104 de CRR.

Áireofar leis an luach nochtaithe na sochair éagsúlaithe arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

h

Ina bhfuil: cur chuige lárnach iomlán sa leabhar baincéireachta

I gcás gach catagóire ábhartha AVA, maidir le punanna atá faoi réir an chur chuige lárnach mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún, sciar de AVAnna a thagann as suíomhanna a bhfuil luach cóir ag gabháil leo sna hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí nach bhfuil leabhar trádála

Áireofar leis an luach nochtaithe na sochair éagsúlaithe arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.