|
+Airteagal 4a 3. |
Airteagal 4a 3.Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun coinbhleachtaí leasa a mball foirne agus chomhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a chosc. Chun na críche sin, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha atá comhréireach le ról agus freagrachtaí na mball foirne agus chomhaltaí comhlachtaí rialachais, agus a chuirfidh cosc orthu, ar a laghad, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
trádáil in ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint ag na hinstitiúidí atá faoi mhaoirseacht a n-údarás inniúil, agus ag máthairghnóthais, fochuideachtaí nó cleamhnaithe díreacha nó indíreacha na n-institiúidí sin nó trádáil in ionstraimí ina dtagraítear dóibh sin, cé is moite díobh seo a leanas:
(i)
ionstraimí arna mbainistiú ag tríú páirtithe ar choinníoll go gcuirtear bac ar úinéirí na n-ionstraimí sin idirghabháil a dhéanamh i mbainistiú na punainne;
(ii)
infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta;
(b)
post nó aon chineál conartha a ghlacadh chun seirbhísí gairmiúla a sholáthar le linn tréimhse áirithe (“tréimhse mharana”) le haon cheann díobh seo a leanas:
(i)
institiúidí a raibh baint dhíreach ag an mball foirne nó ag comhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil leo chun críoch maoirseachta nó cinnteoireachta, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó cleamhnaithe díreacha nó indíreacha na n-institiúidí sin;
(ii)
eintitis a sholáthraíonn seirbhísí d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i), mura gcuirtear dianchosc ar an mball foirne nó ar chomhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil páirt a ghlacadh i soláthar na seirbhísí sin le linn na tréimhse marana;
(iii)
eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí brústocaireachta agus abhcóideachta atá dírithe ar an údarás inniúil maidir le hábhair a raibh an ball foirne nó comhalta chomhlachta rialachais an údaráis inniúil freagrach astu le linn fhostaíocht nó théarma oifige an bhaill foirne nó an chomhalta sin. Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointí (a)(i) agus (ii), ach amháin i gcás nach n-infheistíonn na tríú páirtithe agus na gnóthais chomhinfheistíochta den chuid is mó in ionstraimí arna n-eisiúint ag na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó a thagraíonn dóibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|