|
+Article 76 6. |
Article 76 6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar an gcomhlacht bainistíochta agus gur féidir leo tuairisciú go díreach dó ina fheidhm mhaoirseachta. Chuige sin, beidh na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh neamhspleách ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta agus ar bhainistíocht shinsearach, agus beidh siad in ann go háirithe ábhair imní a chur in iúl agus foláireamh a thabhairt don chomhlacht bainistíochta sin ina fheidhm mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, nó i gcás ina mbeadh nó ina bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag forbairtí sonracha riosca ar an institiúid, gan dochar do fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Bainisteoirí sinsearacha neamhspleácha a bheidh i gceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus beidh freagracht ar leith orthu i dtaca leis na feidhmeanna bainistithe riosca, comhlíontachta agus iniúchóireachta inmheánaí. I gcás nach leor cineál, scála ná castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide le duine sonrach a cheapadh don fheidhm bainistithe riosca nó don fheidhm chomhlíontachta, féadfaidh duine sinsearach eile a fheidhmíonn cúraimí eile laistigh den institiúid freagrachtaí na bhfeidhmeanna comhlíontachta nó bainistithe riosca a chomhlíonadh, ar choinníoll nach ann do choinbhleacht leasa agus gur fíor an méid a leanas i gcás an duine atá freagrach as an bhfeidhm bainistithe riosca agus as an bhfeidhm chomhlíontachta:
(a)
comhlíonann an duine na critéir oiriúnachta agus na ceanglais eolais, scileanna agus taithí is gá do na réimsí éagsúla lena mbaineann; agus
(b)
tá an t-am leordhóthanach ag an duine chun an dá fheidhm rialaithe a chomhlíonadh i gceart. Ní dhéanfar an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a chomhcheangal le haon réim ghnó eile ná le haon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide. Ní chuirfear na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh as oifig gan formheas a fháil roimh ré ón gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|