+IARSCRÍBHINN D STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH

IARSCRÍBHINN D STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH




IARSCRÍBHINN D

STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH

Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir maidir le bailiú míosúil gearrthéarmach sonraí staidrimh.

In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.

Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san iarscríbhinn seo:

a) 

Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.

b) 

Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.

c) 

Formáid an tarchuir: Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.

d) 

Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.

1.    Allmhairí agus soláthar amhola

1.1.    Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú amhola.

1.2.    Sainmhínithe

1.2.1.   Allmhairí

Cuimsíonn allmhairí gach cainníocht amhola a thagann isteach i gcríoch custaim an Bhallstáit nó a thagann ó Bhallstát eile chun críoch eile seachas idirthuras. Ní mór amhola a mbaintear úsáid aisti le haghaidh stoc-charnadh a fholú.

Ba cheart ola a eastóscadh ó ghrinneall na farraige ar a bhfeidhmíonn Ballstát cearta eisiacha chun saothrú a dhéanamh agus a thagann isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail a eisiamh ó allmhairí.

1.2.2.   Soláthar:

Cuimsíonn soláthar an amhola a allmhairítear agus an amhola a tháirgtear sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha. Eisiatar soláthar amhola ó stoic a carnadh roimhe seo.

1.2.3.   Praghas CAL:

Folaítear le praghas CAL (costas, árachas agus lastas) an praghas SAB (saor ar bord), is é sin an praghas arna shonrasc go hiarbhír ag an gcalafort/ionad luchtaithe anuas ar chostas an iompair, an árachais agus na muirear a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe amhola.

Beidh praghas CAL na hamhola a tháirgtear i mBallstát le ríomh saor in aisce ag an gcalafort scaoilte nó saor in aisce ag an teorainn, i.e. tráth a thiocfaidh amhola faoi dhlínse chustaim na tíre allmhairíochta.

1.2.4.   Sainmheáchan API:

Is tomhas é sainmheáchan API ar cé chomh trom/éadrom agus atá amhola i gcomparáid le huisce. Tá sainmheáchan API le tuairisciú de réir na foirmle seo a leanas, maidir le sainmheáchan (SG): API = (141.5 ÷ SG) – 131.5

1.3.    Liosta na gcomhiomlán

1.3.1.   Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh allmhairí amhola roinnte de réir cineál agus limistéar geografach táirgeachta:

1.3.1.1. 

sonrú na hamhola

1.3.1.2. 

meán-shainmheáchan API

1.3.1.3. 

an meánchion sulfair

1.3.1.4. 

an méid iomlán a allmhairíodh

1.3.1.5. 

praghas iomlán CAL

1.3.1.6. 

líon na n-eintiteas tuairiscithe.

1.3.2.   Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh soláthar amhola:

1.3.2.1. 

an méid a soláthraíodh

1.3.2.2. 

meánphraghas ualaithe CAL

1.4.    Aonaid tomhais

bbl (bairille) le haghaidh 2.3.1.4. agus 2.3.2.1.

kt (míle tona) le haghaidh 2.3.2.1.

% (céatadán) le haghaidh 2.3.1.3.

° (céim) le haghaidh 2.3.1.2.

$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach bairille le haghaidh 1.3.1.5 agus 1.3.2.2.

$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach tona le haghaidh 1.3.2.2.

1.5.    Na forálacha is infheidhme

1. Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2. Minicíocht:

Míosúil.

3. An spriocdháta do tharchur sonraí:

Laistigh de mhí amháin féilire tar éis na míosa tuairiscithe.

4. Formáid an tarchuir:

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha arna shonrú ag Eurostat.

5. Modh an tarchuir:

Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R1099
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.