+IARSCRÍBHINN VII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA

IARSCRÍBHINN VII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA




IARSCRÍBHINN VII

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Déanann cuntais fhoraoiseacha sonraí faoi acmhainní foraoiseacha agus gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010. Soláthraíonn cuntais fhoraoiseacha faisnéis chomhlántach agus úsáidtear coincheapa atá curtha in oiriúint do nádúr ar leith foraoisí agus do thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhoraoiseacha.

Roinn 2

CUMHDACH

Déantar taifeadadh i gcuntais fhoraoiseacha ar stoic agus sreafaí acmhainní foraoiseacha (coillearnach agus adhmad) agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseacha agus na lománaíochta, lena n-áirítear táirgeadh lomán cruinn agus baint agus bailiú táirgí foraoise fiáin-fháis nach táirgí adhmaid iad.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Ullmhóidh na Ballstáit cuntais fhoraoiseacha de réir na saintréithe a thuairiscítear sa Roinn seo.

1. Cuntais sócmhainní coillearnaí agus adhmaid. Sainítear coillearnach mar shuim na dtrí phointe seo a leanas.

(a) 

Foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar: foraoisí nach bhfuil tionchar suntasach ag aon srianta comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha ar sholáthar reatha ná ar sholáthar féideartha adhmaid. D’fhéadfadh sé gur rialacha dlí, cinntí bainistíochta nó úinéirí nó cúiseanna eile is bun do na srianta sin.

(b) 

Is é atá i bhforaois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar: gach foraois nach meastar a bheith ar fáil chun adhmad a sholáthar i gcomhréir le pointe (a). Is foraoisí iad sin ina gcuireann srianta comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha nó dlíthiúla cosc ar aon soláthar suntasach adhmaid. Áirítear leis (i) foraoisí a bhfuil srianta dlíthiúla orthu nó srianta eile orthu atá mar thoradh ar chinntí polaitiúla eile a dhéanann soláthar adhmaid a eisiamh go hiomlán nó a theorannú go mór ar chúiseanna amhail caomhnú comhshaoil nó bithéagsúlachta (foraoisí cosanta, páirceanna náisiúnta, anaclanna dúlra agus limistéir chosanta eile, amhail limistéir ar díol spéise iad ó thaobh an chomhshaoil, na heolaíochta, na staire, an chultúir nó na spioradáltachta de); (ii) foraoisí ina bhfuil an táirgiúlacht fhisiceach nó cáilíocht an adhmaid ró-íseal nó ina bhfuil costais lománaíochta agus iompair ró-ard le gurbh fhiú aon lománaíocht adhmaid, seachas ó gearradh ó am go chéile chun críoch úsáide críochnaithí dílse.

(c) 

Coillearnach eile.

Sainítear “foraois” mar thalamh is fairsinge ná 0,5  heicteár le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.

Sainítear “coillearnach eile” mar thalamh nach bhfuil aicmithe mar fhoraois, agus is fairsinge ná 0,5  heicteár; le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 5 go10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; nó a bhfuil clúdach comhcheangailte toir, toim agus crann acu ar mó é ná 10 %. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.

Sainítear “glan-incrimint bhliantúil adhmaid” mar an meánfhás bliantúil ar thoirt na gcrann beo lúide an mheánráta básmhaireachta bliantúil.

Sainítear “asbhaint” mar thoirt na gcrann go léir, atá beo nó marbh, a leagtar agus a bhaintear as an bhforaois, as coillearnach eile nó as láithreáin leagain eile. Áirítear leis lomáin chruinne nár díoladh atá stóráilte ar thaobh an bhóthair foraoise. Áirítear leis freisin caillteanais nádúrtha a athbhunaítear, asbhaint le linn na bliana d’adhmad a leagadh i dtréimhse roimhe sin, asbhaint neamh-ghasadhmad (amhail stumpaí agus brainsí), agus asbhaint crainn a maraíodh nó a ndearnadh damáiste dóibh ar chúiseanna nádúrtha (ar a dtugtar caillteanais nádúrtha), e.g. dóiteán, gaoth, feithidí agus galair. Ní áirítear leis bithmhais neamhadhmadach ná aon adhmad a fhágtar san fhoraois agus nach n-aistrítear i rith na bliana, e.g. stumpaí, brainsí, barr na gcrann agus fuíoll ó chrainn a leagan (dramhaíl as lománaíocht adhmaid).

Sainítear “caillteanais dho-athbhunaithe” mar fhuíoll ó chrainn a leagan agus gach crann a leagann an ghaoth nach féidir a bhaint as an bhforaois, agus adhmad a chailltear trí dhóiteáin foraoise.

2. Cuntais eacnamaíocha lena dtuairiscítear gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta. Sainítear tionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta mar gach aonad áitiúil príomhghníomhaíochta (APG áitiúil) a dhéanann gníomhaíochtaí a aicmítear faoi NACE Rev. 2, Rannán A02.

Tuairisceofar na saintréithe seo a leanas, agus sainmhínithe CEC 2010 á n-úsáid:

— 
aschur;
— 
agus de sin: aschur chun críoch úsáide críochnaithí dílse;
— 
ídiú idirmheánach;
— 
oll-bhreisluach;
— 
ídiú an chaipitil sheasta;
— 
cánacha eile ar tháirgeadh;
— 
fóirdheontais eile ar tháirgeadh;
— 
cúiteamh d’fhostaithe;
— 
foirmiú ollchaipitil sheasta agus ceannacháin lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais;
— 
athruithe ar fhardail;
— 
aistrithe caipitil.

Tuairisceoidh na Ballstáit fostaíocht i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta i mílte aonad oibre bliantúil mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.

4. Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.

5. Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

I gcás na saintréithe a leagtar síos i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas:

1. 

Limistéar coillearnaí, arna mhiondealú de réir an mhéid seo a leanas:

— 
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
coillearnach eile.

Déanfar gach ceann de na catagóirí sin a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

— 
limistéar tosaigh ag tús na bliana tagartha;
— 
foraoisiú agus méaduithe eile;
— 
dífhoraoisiú agus laghduithe eile;
— 
athaicmiú don staidreamh;
— 
limistéar deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Déanfar na sonraí a thuairisciú i mílte heicteár.

2. 

Toirt an adhmaid, arna miondealú de réir:

— 
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
coillearnach eile.

Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

— 
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
— 
incrimint ghlan;
— 
asbhaint;
— 
caillteanais dho-athbhunaithe;
— 
athaicmiú don staidreamh;
— 
mír chomhardúcháin;
— 
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

— 
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
— 
asbhaint;
— 
athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
— 
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Déanfar na sonraí a thuairisciú i dtéarmaí adhmaid lena choirt i mílte m3.

3. 

Luach an adhmaid, arna mhiondealú de réir:

— 
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
— 
coillearnach eile.

Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

— 
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
— 
incrimint ghlan;
— 
asbhaint;
— 
caillteanais dho-athbhunaithe;
— 
athluacháil;
— 
athaicmiú don staidreamh;
— 
mír chomhardúcháin;
— 
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

— 
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
— 
asbhaint;
— 
athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
— 
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.

4. 

I gcás na gcuntas eacnamaíoch, tuairisceofar an t-aschur dá dtagraítear i Roinn 3 de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:

— 
plandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11) agus síolta crann foraoise (táirge 02.10.12);
— 
crainn foraoise, a shainítear mar ghlan-incrimint an adhmaid i bhforaoisí saothraithe (táirge 02.10.30);
— 
adhmad neamhchóirithe (táirge 02.20.1), lena n-áirítear díolacháin adhmaid as foraoisí neamhshaothraithe, ina bhfuil na nithe seo a leanas atá le tuairisciú in dhá shraith ar leith:
(i) 

connadh (táirgí 02.20.14 agus 02.20.15);

(ii) 

lomáin, i.e. suim na lomán adhmaid bhuaircínigh (táirge 02.20.11), lomáin adhmaid neamhbhuaircínigh seachas adhmad trópaiceach (táirge 02.20.12), agus lomáin adhmaid thrópaicigh (táirge 02.20.13);

— 
táirgí fiáin-fháis nach táirgí adhmaid iad (táirge 02.30);
— 
seirbhísí saintréitheacha ghníomhaíocht na foraoiseachta agus na lománaíochta a shainítear mar sheirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG) de chuid thionscal na foraoiseachta;
— 
táirgí eile ó ghníomhaíochtaí tánaisteacha gaolmhara san APG áitiúil, amhail beacáin agus trufail (01.13.8), caora eile, torthaí den ghéineas vaccinium nach n-aicmítear in aon áit eile (01.25.19), rubar nádúrtha (01.29.10), adhmad neamhchóirithe lena n-áirítear cuaillí scoilte agus picéid (16.10.39), fioghual (20.14.72), seirbhísí anaclanna dúlra lena n-áirítear seirbhísí caomhnaithe fiadhúlra (91.04.12), agus aon táirge eile a tháirgeann APG áitiúil.

Tomhaltas idirmheánach thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar é de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:

— 
suim na bplandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11), síolta crann foraoise (táirge 02.10.12), agus crann foraoise (táirge 02.10.3) a úsáidtear chun adhmad a tháirgeadh;
— 
suim an fhuinnimh agus na mbealaithe, lena n-áirítear leictreachas (táirge 35.11.10), biotáille mhótair (gásailín) (táirge 19.20.21), gás nádúrtha – leachtaithe nó i staid ghásach (táirge 06.20.10), olaí peitriliam bhealaithe agus ullmhóidí troma nach n-aicmítear in áit ar bith eile (táirge 19.20.29), agus táirgí eile dá samhail;
— 
suim sheirbhísí saintréitheacha na foraoiseachta agus na lománaíochta lena n-áirítear seirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn APG áitiúil de chuid thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta;
— 
earraí agus seirbhísí eile nach gcuirtear san áireamh in aon cheann d’athróga an tomhaltais idirmheánaigh thuas.

Déanfar athruithe i bhfardail thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3 a thuairisciú de réir an mhiondealaithe seo a leanas:

— 
athruithe ar obair idir lámha ar shócmhainní bitheolaíocha saothraithe;
— 
athruithe eile ar fhardail.

Tuairisceofar na saintréithe ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.

5. 

Déanfar sonraí maidir le coillearnach eile a thuairisciú ar bhonn deonach.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.