+CHAPTER I PRINCIPLES
---+Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 2 Raon Feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
------+Airteagal 2 6.
------+Airteagal 2 7.
------+Airteagal 2 8.
------+Airteagal 2 9.
------+Airteagal 2 10.
------+Airteagal 2 11.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Prionsabail le haghaidh bearta faoin Rialachán seo
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.

CHAPTER I PRINCIPLES

CHAPTER I PRINCIPLES

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
Airteagal 2 Raon Feidhme
Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “maoirseacht” fíorú, a dhéanann údarás inniúil nó a dhéantar thar ceann údaráis inniúil, ar bhonn leanúnach, go leantar de bheith ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, arb iad an bonn ar a eisíodh deimhniú nó a ndearnadh dearbhú ina leith;

(2) 

ciallaíonn “Coinbhinsiún Chicago” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944;

(3) 

ciallaíonn “táirge” aerárthach, inneall nó lián;

(4) 

ciallaíonn “páirt” aon eilimint de tháirge, mar a shainítear le dearadh cineáil an táirge sin;

▼M3

(5) 

ciallaíonn “BAT/SAL” bainistíocht aerthráchta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2024/2803 agus seirbhísí aerloingseoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), den Rialachán sin, chomh maith leis na feidhmeanna bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 37 den Rialachán sin, agus seirbhísí arb é atá iontu sonraí a thionscnamh agus a phróiseáil agus sonraí a fhormáidiú agus a sholáthar d’aerthrácht ginearálta chun críche aerloingseoireachta;

▼B

(6) 

ciallaíonn “comhdhamhnaí BAT/SAL” réada inláimhsithe amhail crua-earraí agus réada doláimhsithe amhail bogearraí a mbíonn idir-inoibritheacht an EATMN ag brath orthu;

(7) 

ciallaíonn “córas BAT/SAL” comhiomlán na gcomhdhamhnaí san aer agus ar an talamh, chomh maith le trealamh sa spás, lena soláthraítear tacaíocht do sheirbhísí aerloingseoireachta maidir le gach céim eitilte;

(8) 

ciallaíonn “an Máistirphlean BAT” an plean a formhuiníodh le Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle ( 2 ), i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ( 3 );

(9) 

ciallaíonn “deimhniúchán” aon chineál aitheantais i gcomhréir leis an Rialachán seo, bunaithe ar mheasúnú iomchuí, go gcomhlíonann duine dlítheanach nó nádúrtha táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte, trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, aeradróm, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córas BAT/SAL, comhdhamhna BAT/SAL nó feiste oiliúna ionsamhalta eitilte na ceanglais is infheidhme den Rialacháin seo agus ceanglais na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, trí eisiúint deimhnithe lena bhfianaítear an comhlíonadh sin;

(10) 

ciallaíonn “dearbhú” aon ráiteas scríofa a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi fhreagracht aonair duine dhlítheanaigh nó nádúrtha faoi réir an Rialacháin seo agus lena ndeimhnítear gur comhlíonadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin a bhaineann le duine dlítheanach nó nádúrtha, táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte, trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córas BAT/SAL, comhdhamhna BAT/SAL nó comhdhamhna d'fheiste oiliúna ionsamhalta eitilte;

(11) 

ciallaíonn “eintiteas cáilithe” duine dlítheanach nó nádúrtha creidiúnaithe a bhféadfaí cúraimí áirithe deimhniúcháin nó maoirseachta a thabhairt dó faoin Rialachán seo a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht na Gníomhaireachta nó údaráis inniúil náisiúnta;

(12) 

ciallaíonn “deimhniú” aon deimhniú, formheas, ceadúnas, údarú, fianú nó aon doiciméad a eisítear de thoradh deimhniúchán lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas infheidhme;

(13) 

ciallaíonn “oibreoir aerárthaí” aon duine dlítheanach nó nádúrtha, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó a oibriú;

(14) 

ciallaíonn “oibreoir aeradróim” aon duine dlítheanach nó nádúrtha, a oibríonn aeradróm amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aeradróm amháin nó níos mó a oibriú;

(15) 

ciallaíonn “feiste oiliúna ionsamhalta eitilte” aon chineál feiste ina n-ionsamhlaítear dálaí eitilte ar an talamh, lena n-áirítear ionsamhlóirí eitiltí, feistí oiliúna eitilte, oiliúnóirí nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta agus feistí bunúsacha um oiliúint ar uirlisí;

(16) 

ciallaíonn “aeradróm” limistéar sainithe, ar an talamh nó ar an uisce, nó ar dhéanmhas fosaithe, ar dhéanmhas fosaithe amach ón gcósta nó ar dhéanmhas snámhach, lena n-áirítear aon fhoirgnimh, suiteálacha agus trealamh atá orthu, a bheartaítear a úsáid go hiomlán nó i bpáirt le haghaidh teacht, imeacht agus gluaiseacht aerárthaí ar an dromchla;

(17) 

ciallaíonn “trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht” aon trealamh, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun cur le hoibriú sábháilte aerárthaí in aeradróm;

(18) 

ciallaíonn “naprún” limistéar sainithe aeradróim a bheartaítear chun freastal ar aerárthaí chun críocha luchtú nó díluchtú paisinéirí, bagáiste, poist nó lasta, nó chun críocha breoslú, páirceála nó cothabhála;

(19) 

ciallaíonn “seirbhís bainistíochta naprúin” seirbhís a sholáthraítear chun gníomhaíochtaí agus gluaiseacht aerárthaí agus feithiclí ar naprún a rialáil;

(20) 

ciallaíonn “seirbhís faisnéise eitiltí” seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach chun eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil;

(21) 

ciallaíonn “aerthrácht ginearálta” gach gluaiseacht aerárthaí sibhialta agus aerárthaí stáit a dhéantar i gcomhréir le nósanna imeachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”);

(22) 

ciallaíonn “ ►C2  caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ ” ►C2  na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ arna nglacadh ag ICAO i gcomhréir le hAirteagal 37 de Choinbhinsiún Chicago;

(23) 

ciallaíonn “seirbhís láimhseála ar an talamh” aon seirbhís a sholáthraítear ag aeradróim lena gcuimsítear gníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht ó thaobh maoirseacht ar an talamh, seoladh eitiltí agus rialú ualaí, láimhseáil paisinéirí, láimhseáil bagáistí, láimhseáil lasta agus poist, láimhseáil aerárthaí naprúin, seirbhísí aerárthaí, láimhseáil breosla agus ola agus luchtú lónadóireachta; áirítear sa mhéid sin an cás ina soláthraíonn oibreoirí aerárthaí na seirbhísí láimhseála ar an talamh sin dóibh féin (féinseirbhís);

(24) 

ciallaíonn “aeriompar tráchtála” oibríocht aerárthaí le paisinéirí, lasta nó post a iompar mar mhalairt ar luach saothair nó ar chomaoin luachmhar eile;

(25) 

ciallaíonn “feidhmíocht sábháilteachta” an méid atá bainte amach ó thaobh sábháilteachta ag an Aontas, ag Ballstát, nó ag eagraíocht, mar atá sainithe ina spriocanna feidhmíochta sábháilteachta agus ina t(h)áscairí maidir le feidhmíocht sábháilteachta;

(26) 

ciallaíonn “táscaire maidir le feidhmíocht sábháilteachta” paraiméadar a úsáidtear chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta;

(27) 

ciallaíonn “sprioc feidhmíochta sábháilteachta” cuspóir pleanáilte nó beartaithe le táscairí maidir le feidhmíocht sábháilteachta a chomhlíonadh le linn tréimhse áirithe ama;

(28) 

ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín ar féidir leis tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain;

(29) 

ciallaíonn “trealamh neamhshuiteáilte” aon ionstraim, trealamh, sásra, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas a iompraíonn oibreoir aerárthaí ar bord aerárthaigh, nach páirt é, agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun aerárthach a oibriú nó a rialú, lena dtacaítear le cumas teacht slán taistealaithe, nó lena bhféadfaí tionchar a imirt ar oibriú sábháilte an aerárthaigh;

(30) 

ciallaíonn “aerárthach gan foireann” aon aerárthach a oibríonn go huathrialach nó atá deartha le hoibriú go huathrialach gan píolóta ar bord;

(31) 

ciallaíonn “cianphíolóta” duine nádúrtha atá freagrach as an eitilt a chur i gcrích go sábháilte i gcás aerárthaigh gan foireann trína rialuithe eitilte a oibriú, de láimh nó, i gcás ina mbeadh an t-aerárthach ag eitilt go huathoibríoch, trí fhaireachán a dhéanamh ar a chúrsa agus trína bheith in ann idirghabháil a dhéanamh agus an cúrsa a athrú ag tráth ar bith;

(32) 

ciallaíonn “trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda” aon ionstraim, trealamh, meicníocht, gaireas, comhghabhálas, bogearra nó gabhálas is gá le haghaidh oibriú sábháilte aerárthaigh gan foireann seachas páirt agus nach n-iompraítear ar bord an aerárthaigh gan foireann sin;

▼M3

(33) 

ciallaíonn “Aerspás Eorpach Aonair” aerspás os cionn na críche a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, chomh maith le haon aerspás eile ina gcuireann Ballstáit Rialachán (AE). 2024/2803 i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Rialachán sin;

(34) 

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” eintiteas amháin nó níos mó a d’ainmnigh Ballstát agus a bhfuil na cumhachtaí agus na freagrachtaí leithdháilte is gá aige leis na cúraimí a bhaineann le deimhniú, maoirseacht agus forfheidhmiú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

▼B

Airteagal 4 Prionsabail le haghaidh bearta faoin Rialachán seo

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.