+IARSCRÍBHINN IV FAISNÉIS A SHOLÁTHRÓFAR IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL

IARSCRÍBHINN IV FAISNÉIS A SHOLÁTHRÓFAR IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL

IARSCRÍBHINN IV

FAISNÉIS A SHOLÁTHRÓFAR IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL

1. Is san ord seo a leanas a sholáthrófar faisnéis faoi bhoinn a bheidh san áireamh in ábhar fógraíochta teicniúil:

(a) 

an aicme éifeachtúlachta breosla (an litir “A” go “E”);

(b) 

an aicme fliuchghreama (an litir “A” go “E”);

(c) 

luach tomhaiste agus aicme an torainn sheachtraigh rollta in dB;

(d) 

léiriú ar cibé acu is bonn é an bonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta nó nach ea;

(e) 

léiriú ar cibé acu is bonn greama oighir é an bonn nó nach ea.

2. Comhlíonfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh sí soléite;

(b) 

beidh sí sothuigthe;

(c) 

má dhéantar cáiliú éagsúil, laistigh de ghrúpa boinn, ar chineáil áirithe boinn, de réir toise nó saintréithe eile, luafar an raon idir an bonn is ísle feidhmíochta agus an bonn is airde feidhmíochta.

3. Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí an méid a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin:

(a) 

nasc leis an leathanach gréasáin ábhartha de chuid an Choimisiúin atá tiomnaithe don Rialachán seo;

(b) 

míniú ar na picteagraim atá clóbhuailte ar an lipéad boinn;

(c) 

ráiteas ina dtugtar léiriú suntasach á rá go bhfuil spáráil breosla agus sábháilteacht ar bhóithre ag brath go mór ar iompraíocht an tiománaí, agus go háirithe, ar na nithe seo a leanas á léiriú:

— 
is féidir ídiú breosla a laghdú go mór ach a bheith ag tiomáint ar bhealach éiceolaíoch;
— 
is gá brú na mbonn a sheiceáil go rialta chun feidhmíocht éifeachtúlacht breosla agus fliuchghreim a bharrfheabhsú;
— 
ní mór faid stoptha a urramú i gcónaí.

4. Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí agus na dáileoirí, i gcás inarb ábhartha, na nithe a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin: ráiteas ina gcuirtear chun suntais go bhfuil boinn greama oighir deartha go sonrach do dhromchlaí bóthair atá cumhdaithe le hoighear agus le dlúthshneachta, agus nár cheart iad a úsáid ach i ndálaí aeráide an-dian (e.g. teochtaí fuara) agus go bhféadfaí feidhmíocht fho-optamach a bheith mar thoradh ar úsáid a bhaint as boinn greama oighir i ndálaí aeráide nach bhfuil chomh dian céanna (e.g. dálaí fliucha nó teochtaí teo), go háirithe i gcás fliuchghreama, láimhseála agus caithimh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.