|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II LORG CARBÓIN 1. Raon feidhme Soláthraítear eilimintí fíor-riachtanacha maidir le conas an lorg carbóin a ríomh san Iarscríbhinn seo. Leis an modheolaíocht chun an lorg carbóin a ríomh agus a fhíorú dá bhforálfar trí bhíthin an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7, cuirfear leis na heilimintí fíor-riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh sí i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh an Choimisiúin maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) agus léireofar léi na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicniúil/eolaíoch i réimse an mheasúnaithe saolré. Beidh an ríomh a dhéanfar ar an lorg carbóin saolré bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh agus ar na hábhair choimhdeacha arna n-úsáid i monarcha mhonaraíochta shonrach chun samhail shonrach cheallra a tháirgeadh. Go háirithe, déanfar na comhpháirteanna leictreonacha, mar shampla aonaid bainistithe ceallraí agus aonaid sábháilteachta, agus na hábhair chatóideacha a shainaithint go beacht, toisc gur féidir leo a bheith ar an bpríomhspreagthóir le haghaidh lorg carbóin ceallraí. 2. Sainmhínithe Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “sonraí gníomhaíochta” an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú, trína ndéantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg carbóin atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil;
(b)
ciallaíonn “liosta ábhar” liosta de na hamhábhair, na fo-chóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fo-chomhpháirteanna agus na páirteanna, agus na méideanna de gach ceann acu, a theastaíonn chun an ceallra a mhonarú;
(c)
ciallaíonn “sonraí cuideachta-shonracha” sonraí a thomhaistear nó a bhailítear go díreach ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí suíomh-shonracha) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta, tugtar “sonraí príomhúla” ar shonraí den sórt sin freisin;
(d)
ciallaíonn “aonad feidhmiúil” na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann leis na feidhmeanna, na seirbhísí, nó an dá cheann, atá á gcur ar fáil ag an gceallra;
(e)
ciallaíonn “saolré” na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhair a fháil nó na hacmhainní nádúrtha a ghiniúint go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);
(f)
ciallaíonn “fardal saolré (LCI)” an tacar comhcheangailte malairtí de shreabhadh bunúsacha, sreabhadh dramhaíola agus sreabhadh táirgí i dtacar sonraí LCI;
(g)
ciallaíonn “tacar sonraí fardail saolré (LCI)” doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré maidir le táirge sonrach nó tagairt eile, amhail láithreán nó próiseas, ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré, a bhféadfadh tacar sonraí aonadphróisis, tacar sonraí atá comhiomlánaithe go páirteach nó tacar sonraí comhiomlánaithe a bheith san áireamh ann;
(h)
ciallaíonn “sreabhadh tagartha” tomhas na n-aschur ó phróisis i gcóras táirge ar leith a éilítear chun an fheidhm arna sloinneadh leis an aonad feidhmiúil a chomhlíonadh (bunaithe ar ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);
(i)
ciallaíonn “sonraí tánaisteacha” sonraí nach mbailítear nó nach dtomhaistear go díreach ó phróiseas sonrach laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta nó nach ndéanann an chuideachta sin meastachán orthu, ach a fhaightear ó bhunachar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile; áirítear le sonraí den sórt sin meán-sonraí ón tionscal, mar shampla, ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail, chomh maith le staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus is féidir leo a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais agus is féidir seachshonraí agus sonraí cineálacha eile a bheith iontu; agus áirítear leo freisin sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim chomhiomlánaithe chothrománach;
(j)
ciallaíonn “teorainn an chórais” na gnéithe a áirítear sa chéimeanna saolré nó a fhágtar ar lár as. Ina theannta sin, áireofar sna rialacha comhchuibhithe chun lorg carbóin ceallraí a ríomh aon sainmhíniú eile is gá lena léiriú. 3. Aonad feidhmiúil agus an sreabhadh tagartha Sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar kWh (cileavatuair) amháin den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn córas an cheallra thar ré feidhme an cheallra, arna thomhas in kWh. Faightear an fuinneamh iomlán ó líon na dtimthriallta arna n-iolrú faoin méid fuinnimh a sheachadtar i gcaitheamh gach timthrialla. Is ionann an sreabhadh tagartha agus meáchan an cheallra a theastaíonn chun feidhm shonrach a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWh den fhuinneamh iomlán a sheachadann ceallra i gcaitheamh a ré feidhme. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha. Mar eisceacht ar an gcéad mhír, i gcás ceallraí cúltaca arb é a bpríomhfheidhm leanúnachas foinse cumhachta a áirithiú, sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar an cumas kWmin amháin (cileavata-nóiméad) amháin de thoilleadh cumhachta cúltaca a sholáthar tráth ar bith le linn shaolré an cheallra. Dá réir sin, is é an sreabhadh tagartha le haghaidh ceallraí cúltaca meáchan an cheallra a theastaíonn chun an fheidhm shainithe a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWmin de thoilleadh cumhachta cúltaca arna roinnt ar ré feidhme an cheallra de réir blianta. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag monaróirí na gceallraí cúltaca chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha sin. I gcásanna eisceachtúla, amhail i gcás ceallraí le haghaidh feithiclí hibrideacha neamh-inluchtaithe, féadfar aonad feidhmiúil éagsúil a shainiú sa mhodheolaíocht. 4. Teorainn an chórais Is iad seo a leanas na céimeanna saolré agus na próisis lena mbaineann a áireofar i dteorainn an chórais:
Eisiafar na próisis seo a leanas a bhaineann leis na céimeanna saolré ó theorainn an chórais:
—
monaraíocht trealaimh i gcomhair cóimeáil agus athchúrsáil ceallraí, toisc gur ríomhadh go bhfuil na tionchair ar an lorg carbóin diomaibhseach in PEFCRanna le haghaidh ceallraí in-athluchtaithe ardfhuinnimh sonracha le haghaidh feidhmchláir mhóibíleacha;
—
an próiseas cóimeála ceallraí lena n-úsáidtear comhpháirteanna córais an mhonaróra buntrealaimh (OEM); comhfhreagraíonn an próiseas sin go príomha do chóimeáil mheicniúil agus áirítear é laistigh den trealamh OEM nó den líne cóimeála feithicle; tá an tomhaltas fuinnimh agus ábhair don phróiseas sonrach seo diomaibhseach nuair a chuirtear é i gcomparáid leis an bpróiseas monaraíochta a bhaineann leis na comhpháirteanna OEM.
Eisiafar an chéim úsáide ó na ríomhanna don lorg carbóin saolré, ós rud é nach mbíonn sí faoi thionchar díreach monaróirí, seachas i gcás ina léirítear gur féidir le roghanna a dhéanann monaróirí ceallraí ag céim an dearaidh rannchuidiú go neamh-dhiomaibhseach leis an tionchar sin. 5. Tacair sonraí cuideachta-shonracha agus tánaisteacha a úsáid Mar gheall ar an líon ard comhpháirteanna ceallraí atá ann agus mar gheall ar chastacht na bpróiseas monaraíochta, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an úsáid a bhaintear as sonraí cuideachta-shonracha a theorannú, i gcás ina bhfuil údar leis, d’anailís próisis agus comhpháirte ar na comhpháirteanna a bhaineann go sonrach le ceallraí. Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hanóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgthe ar leith. Dá réir sin, ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe. Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí in éineacht leis na tacair sonraí tánaisteacha ábhartha atá comhlíontach maidir le PEF. Toisc go mbaineann an dearbhú maidir le lorg carbóin go sonrach le samhail cheallra a tháirgtear i láithreán táirgthe sainithe, ní cheadófar sampláil sonraí a bhailítear ó mhonarchana éagsúla a tháirgeann an tsamhail cheallra chéanna. I gcás ina dtagann athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidtear chun samhail cheallra a tháirgeadh, déanfar an lorg carbóin don tsamhail cheallra sin a athríomh. Áireofar leis na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear trí ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna saolré seo a leanas:
—
amhábhar a fháil agus an chéim réamhphróiseála,
—
táirgeadh,
—
dáileadh,
—
féin-táirgeadh leictreachais,
—
deireadh ré.
6. Measúnú tionchair ar an lorg carbóin Ríomhfar lorg carbóin an cheallra ag úsáid an mhodha measúnaithe tionchair den tsaolré um “athrú aeráide” a mholtar i dtuarascáil 2019 an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde dar teideal Suggestions for updating the Product Environmental Footprint (PEF) method [Moltaí chun uasdátú a dhéanamh ar an modh maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEF)]. Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe gan normalú agus ualú. Tá an liosta de thosca tréithrithe a úsáidfear ar fáil ar an Ardán Eorpach maidir le Measúnú Saolré. 7. Fritháirimh Ríomhtar fritháirimh i gcoibhneas le bonnlíne a léiríonn cás hipitéiseach den chuma a bheadh ar astaíochtaí in éagmais tionscadal maolaithe lena ngintear na fritháirimh. Ní bheidh fritháirimh san áireamh sa dearbhú maidir le lorg carbóin, ach féadfar iad a thuairisciú ar leithligh mar fhaisnéis chomhshaoil bhreise agus iad a úsáid chun críoch cumarsáide. 8. Aicmí feidhmíochta an loirg carbóin Ag brath ar dháileadh na luachanna sna dearbhuithe maidir le lorg carbóin a bhaineann le ceallraí a chuirtear ar an margadh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin saolré, chun difreáil mhargaidh maidir le catagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chumasú. Beidh leagan síos na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith le leithead na haicme sin, bunaithe ar dháileadh fheidhmíochtaí chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag dréim leo, agus tosca teicniúla eile. 9. Uastairseacha carbóin Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear trí na dearbhuithe maidir le lorg carbóin agus trí dháileadh coibhneasta na n-aicmí feidhmíochta de lorg carbóin samhlacha ceallraí a chuirtear ar an margadh, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sa réimse á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún uastairseacha an loirg carbóin saolré a leagan síos le haghaidh chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), tar éis dó measúnú tionchair tiomnaithe a dhéanamh chun na luachanna le haghaidh na dtairseach a chinneadh. Agus uastairseacha an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír á leagan síos aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh dáileadh coibhneasta na luachanna loirg carbóin le haghaidh ceallraí ar an margadh, an méid dul chun cinn atá déanta maidir le lorg carbóin na gceallraí a chuirtear ar an margadh a laghdú agus rannchuidiú iarbhír agus féideartha thairseacha an loirg carbóin saolré sin do chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus aeráidneodracht faoi 2050. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|