+Airteagal 9 Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) agus Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR).
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.

Airteagal 9 Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) agus Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Déanfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur chuig an seolaí mar a shainmhínítear in Airteagal 7, trí EPOC nó trí EPOC-PR.

Comhlánóidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe an EPOC a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó an EPOC-PR a leagtar amach in Iarscríbhinn II, síneoidh sé é agus deimhneoidh sé go bhfuil an t-inneachar atá ann cruinn agus ceart.

Airteagal 9 2.
Beidh an fhaisnéis a liostaítear i bpointí (a) go (h) de mhír 5 d’Airteagal 5 in EPOC, lena n-áirítear faisnéis leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forfheidhmiúcháin a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo, más gá.

I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, beidh san EPOC a tharchuirtear chuig an údarás sin an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(5), pointí (a) go (j).

Airteagal 9 3.
Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 6(4), pointí (a) go (f) in EPOC-PR, lena n-áirítear faisnéis atá leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an t-údarás eisiúna a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis.
Airteagal 9 4.
Nuair is gá sin, déanfar an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil glacadh ag an seolaí léi dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1544. I gcás nár shonraigh an soláthraí seirbhíse aon teanga, déanfar an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse lonnaithe.

I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, déanfar an EPOC atá le tarchur chuig an údarás sin a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit forfheidhmiúcháin nó go teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais lena nglacann an Stát sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.