+Airteagal 5 1.

Airteagal 5 1.

Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis arna tíolacadh ag na heintitis a bhailiú;

(b) 

an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis nó arna giniúint ag na comhlachtaí bailiúcháin féin a stóráil agus, i gcás inarb ábhartha, brath ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana chun faisnéis a stóráil;

(c) 

bailíochtú teicniúil uathoibrithe a dhéanamh i leith na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis na nithe seo a leanas:

(i) 

tíolacadh í agus úsáid á baint as formáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás inarb iomchuí, as an bhformáid mheaisín-inléite a shonraítear in aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), ar dá bhun a thíolactar an fhaisnéis;

(ii) 

tá na meiteashonraí don fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun mhír 10, pointe (e), den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 3(1), pointe (a), ar fáil agus iomlán;

(iii) 

tá ríomhshéala cáilithe ag gabháil léi, i gcás inar gá;

(d) 

gan coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP, seachas coinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear in Airteagal 9;

(e) 

API a chur chun feidhme agus an fhaisnéis, na meiteashonraí le haghaidh na faisnéise sin agus, i gcás inar gá, an ríomhshéala cáilithe a sholáthar do ESAP saor in aisce agus laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme;

(f) 

a mhéid a thagann sé faoi inniúlacht theicniúil an chomhlachta bailiúcháin, cúnamh a sholáthar do na heintitis a thíolacann an fhaisnéis i ndáil leis an bpróiseas a bhaineann le tíolacadh, diúltú agus atíolacadh na faisnéise ar a laghad;

(g) 

a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fós ar fáil do ESAP go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a).

Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo, agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina dtagraítear leis na meiteashonraí a ghabhann leis an bhfaisnéis a tíolacadh d’aon sonraí pearsanta, nach gcoinneofar an fhaisnéis sin chun í a chur ar fáil do ESAP, ná nach ndéanfar inrochtana ar ESAP í, ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.