|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
fuíolluisce teaghlaigh;
(b)
an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh agus fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;
(c)
an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh agus rith chun srutha uirbeach;
(d)
an meascán d’fhuíolluisce teaghlaigh, fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é agus rith chun srutha uirbeach;
(2)
ciallaíonn ‘fuíolluisce teaghlaigh’ fuíolluisce ó lonnaíochtaí, seirbhísí agus institiúidí cónaitheacha a thagann go príomha ón meitibileacht dhaonna nó ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh in áit chónaithe, nó iad araon;
(3)
ciallaíonn ‘fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é’ fuíolluisce, seachas fuíolluisce teaghlaigh agus rith chun srutha uirbeach, a sceitear ó áitribh a úsáidtear chun gníomhaíochtaí trádála nó tionsclaíocha nó eacnamaíocha a dhéanamh;
(4)
ciallaíonn ‘ceirtleán’ limistéar ina bhfuil an daonra arna shloinneadh i gcoibhéis daonra sách ard, bíodh sé comhcheangailte le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ná bíodh, chun go ndéanfar fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a iompar chuig gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh amháin nó níos mó nó chuig ceann amháin nó níos mó de na pointí sceite deiridh;
(5)
ciallaíonn ‘rith chun srutha uirbeach’ frasaíocht i gceirtleáin a bhailítear i séaraigh chomhcheangailte nó i séarach amháin ar leithligh;
(6)
ciallaíonn ‘forshreabhadh uisce stoirme’ fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte a sceitear isteach in uiscí glactha ó shéaraigh chomhcheangailte de dheasca frasaíochta nó de dheasca teipe sa chóras;
(7)
ciallaíonn ‘córas bailiúcháin’ córas seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach;
(8)
ciallaíonn ‘séarach comhcheangailte’ seolphíobán amháin a bhailíonn agus a iompraíonn fuíolluisce uirbeach, lena n-áirítear rith chun srutha uirbeach;
(9)
ciallaíonn ‘séarach ar leithligh’ seolphíobán a bhailíonn agus a iompraíonn ar leith óna chéile aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
fuíolluisce teaghlaigh;
(b)
fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;
(c)
meascán ina bhfuil fuíolluisce teaghlaigh agus fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é;
(d)
rith chun srutha uirbeach;
(10)
ciallaíonn ‘coibhéis daonra 1’ nó ‘(1 p.e.)’ an t-ualach orgánach in-bhithdhíghrádaithe in aghaidh an lae a bhfuil éileamh bitheolaíoch ocsaigine 5 lá (BOD5) aige ar luach 60g ocsaigine in aghaidh an lae;
(11)
ciallaíonn ‘cóireáil phríomhúil’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas fisiceach nó ceimiceach, nó iad araon, ina ligtear solaid atá ar fuaidreamh a shocrú, nó trí phróisis eile ina laghdaítear BOD5 an fhuíolluisce isteach 20 % ar a laghad roimh an sceitheadh agus ina laghdaítear iomlán na solad atá ar fuaidreamh san fhuíolluisce isteach 50 % ar a laghad;
(12)
ciallaíonn ‘cóireáil thánaisteach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas inarb iondúil go ndéantar cóireáil bhitheolaíoch mar aon le síothlú tánaisteach nó próiseas eile lena laghdaítear ábhar orgánach in-bhithdhíghrádaithe ó fhuíolluisce uirbeach;
(13)
ciallaíonn ‘cóireáil threasach’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear nítrigin nó fosfar, nó iad araon, i bhfuíolluisce uirbeach;
(14)
ciallaíonn ‘cóireáil cheathartha’ fuíolluisce uirbeach a chóireáil trí phróiseas lena laghdaítear speictream leathan micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach;
(15)
ciallaíonn ‘sloda’ iarmhar orgánach agus neamhorgánach a thagann ó chóireáil fuíolluisce uirbigh ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, seachas grean, gréisc, smionagar eile agus aon ábhar scagtha ná iarmhair eile ón gcéim réamhchóireála;
(16)
ciallaíonn ‘eotrófú’ uisce a shaibhriú le cothaithigh, go háirithe le comhdhúile ina bhfuil nítrigin nó fosfar, nó iad araon, lena gcuirtear faoi deara fás luathaithe ar algaí agus ar chineálacha níos airde de phlandaí, rud a chuireann ar sceabha ar bhealach neamh-inmhianaithe cothromaíocht na n-orgánach atá san uisce agus cáilíocht an uisce lena mbaineann;
(17)
ciallaíonn ‘micreathruailleán’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), lena n-áirítear a cuid táirgí díghrádúcháin, de ghnáth a bhíonn sa chomhshaol uisceach, san fhuíolluisce uirbeach nó sa sloda agus ar féidir a mheas gur substaint ghuaiseach í don chomhshaol nó do shláinte an duine ar bhonn na gcritéar ábhartha a leagtar amach i gCodanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, fiú ar leibhéil ísle tiúchana;
(18)
ciallaíonn ‘cóimheas caolúcháin’ an cóimheas idir an meán le cúig bliana anuas de shreabhadh bliantúil na n-uiscí glactha ag pointe an sceite agus an meán le cúig bliana anuas de thoirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a sceitear isteach in uiscí dromchla;
(19)
ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a chuireann táirgí ar mhargadh Ballstáit ar bhonn gairmiúil, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
(20)
ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht tairgeoirí’ eagraíocht a aithnítear go náisiúnta arna bunú chun é a chur ar chumas do tháirgeoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagail 9 agus 10 a chomhlíonadh;
(21)
ciallaíonn ‘sláintíocht’ saoráidí agus seirbhísí chun fual agus faecas daonna a bhainistiú agus a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, sláintiúil, slán agus inghlactha go sóisialta agus go cultúrtha, agus chun táirgí míosta a athrú agus a dhiúscairt, lena soláthraítear príobháideachas agus lena n-áirithítear dínit;
(22)
ciallaíonn ‘frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha’ cumas miocrorgánach teacht slán i láthair leibhéal tiúchana oibreáin fhrithmhiocróbaigh ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú;
(23)
ciallaíonn ‘Aon Sláinte Amháin’ Aon Sláinte Amháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
(24)
ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a mbeadh éifeacht air nó ar dócha go mbeadh éifeacht air ag cinneadh a bheith déanta chun oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6, 7 nó 8 den Treoir seo a chur chun feidhme nó a mbeadh leas aige sa chinneadh sin a bheith déanta; chun críocha an tsainmhínithe seo, meastar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta;
(25)
ciallaíonn ‘bithmheán’ aon taca, atá déanta as plaisteach de ghnáth a úsáidtear chun na baictéir a fhorbairt is gá chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil;
(26)
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit;
(27)
ciallaíonn ‘ualach’ méid an ábhair in-bhithdhíghrádaithe orgánaigh arna thomhas mar BOD5 i bhfuíolluisce uirbeach, arna shloinneadh in p.e., nó aon truailleán nó aon chothaitheach, arna shloinneadh in aonaid mhaise in aghaidh ama;
(28)
ciallaíonn ‘córas aonair’ saoráid sláintíochta a bhailíonn, a stórálann, a chóireálann nó a dhiúscraíonn fuíolluisce teaghlaigh ó fhoirgnimh nó ó chodanna d’fhoirgnimh nach bhfuil nasctha le córas bailiúcháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|