+Airteagal 31
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
---+Airteagal 31 8.
---+Airteagal 31 9.
---+Airteagal 31 10.
---+Airteagal 31 11.
|
Airteagal 31
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Agus toradh na tuarascála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an mheasúnaithe ar riachtanacht agus ar chomhréireacht chun críocha mhír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun rialacha a bhunú maidir le lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil éagsúil a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus modhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Sainaithneofar leis na rialacha ríomha agus fíoraithe ar a laghad na trí chatagóir tionchair chomhshaoil is ábhartha, a dhéanann suas formhór an loirg comhshaoil fhoriomláin. Beidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ar cheann de na catagóirí comhshaoil. Beidh an dearbhú loirg teoranta do na catagóirí tionchair chomhshaoil sin.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún faoin
►C1
24 Samhain 2025 ◄ tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach na hamhábhair chriticiúla a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an oibleagáid lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil a dhearbhú riachtanach agus comhréireach. I gcás na n-amhábhar criticiúil a shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht, cuirfidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe ar riachtanacht agus ar chomhréireacht chun críocha mhír 3 i láthair 12 mhí ó chur isteach na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún rialacha ríomha agus fíoraithe a ghlacadh le haghaidh amhábhar criticiúil sonrach más rud é, i ndiaidh dó na catagóirí tionchair comhshaoil ábhartha éagsúla a bhreithniú, go bhfuil lorg suntasach comhshaoil ag baint leis an amhábhar criticiúil lena mbaineann agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach an oibleagáid maidir le lorg comhshaoil an amhábhair chriticiúil sin a dhearbhú i ndáil leis na catagóirí tionchair chomhshaoil dá dtagraítear i mír 1, agus é á chur ar an margadh, chun cur le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais trí sholáthar amhábhar criticiúil a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu a éascú.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Nuair a bheidh an Coimisiún ag meas an bhfuil gá leis an oibleagáid dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
cibé an bhfuil cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais á mbaint amach cheana féin trí ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an amhábhar criticiúil lena mbaineann, agus cé chomh héifeachtach is atá na cuspóirí sin á mbaint amach;
(b)
caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha a bheith ann agus glacadh leo, nó an t-ionchas go dtiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin sin ar an leibhéal idirnáisiúnta, chomh maith le cleachtais inbhuanaithe ar an margadh, lena n-áirítear na scéimeanna deonacha a aithnítear de bhun Airteagal 30(2);
(c)
éifeachtacht na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha, Tionscadal Straitéiseach, comhaontuithe trádála agus ionstraimí idirnáisiúnta eile agus for-rochtain arna seoladh ag an Aontas chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach;
(d)
na costais eacnamaíocha a bhaineann leis agus an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú roimh ré ar thionchair lena chinneadh an nglacfar gníomh tarmligthe de bhun mhír 1 nó nach nglacfar. Maidir leis an measúnú sin:
(a)
beidh sé bunaithe, inter alia, ar chomhairliúchán leo seo a leanas:
(i)
na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail tionscal lena n-áirítear tionscal iartheachtach, FBManna, agus, i gcás inarb ábhartha, an tionscal ceardaíochta, comhpháirtithe sóisialta, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí a chuireann sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil chun cinn, eagraíochtaí tomhaltóirí agus lucht na hacadúlachta;
(ii)
tríú tíortha, nó OCTanna, a bhféadfaidh an oibleagáid sin difear suntasach a dhéanamh dá dtrádáil leis an Aontas;
(iv)
gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil inniúlacht acu i réimse chosaint an chomhshaoil, de réir mar is iomchuí;
(b)
áiritheoidh sé nach ndéanfar aon bheart den sórt sin a ullmhú, a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm d’fhonn bacainní neamhriachtanacha a chruthú ar thrádáil idirnáisiúnta nó lena gcruthófaí bacainní den sórt sin agus nach mbeidh sé níos sriantaí ó thaobh trádála de ná mar is gá chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus ag féachaint do sholáthraithe tríú tír cloí le dearbhú den sórt sin ar bhealach nach ndéanfar difear díréireach do shreafaí comhiomlána trádála agus do chostais amhábhar criticiúil;
(c)
measúnóidh sé ar chruthaigh oibleagáidí comhchosúla faoi dhlí an Aontais na héifeachtaí a bhí beartaithe agus ar rannchuidigh siad go mór le spriocanna comhshaoil an Aontais a bhaint amach;
(d)
measúnóidh sé an gcuirfidh an beart le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach gan tionchar díréireach a imirt ar chumas thionscal an Aontais an t-amhábhar criticiúil lena mbaineann a fhoinsiú.
|
|
Airteagal 31 6.
|
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh amhábhair chriticiúla, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla phróiseáilte agus athchúrsáilte, ar an margadh, a bhfuil rialacha maidir le ríomh agus fíorú glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1, cuirfidh siad dearbhú maidir le lorg comhshaoil ar fáil. Beidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le gach cineál amhábhair chriticiúil aonair a chuirfear ar an margadh agus ní bheidh feidhm aige maidir le hamhábhair chriticiúla a áirítear i dtáirgí idirmheánacha nó i dtáirgí deiridh.
|
|
Airteagal 31 7.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 6:
(a)
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach agus modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
(b)
faisnéis faoin gcineál amhábhair chriticiúil a bhfuil feidhm ag an dearbhú ina leith;
(c)
faisnéis faoin tír agus faoin réigiún ina ndearnadh an t-amhábhar criticiúil a eastóscadh, a phróiseáil, a mhínghlanadh agus a athchúrsáil, de réir mar is infheidhme;
(d)
lorg comhshaoil an amhábhair chriticiúil, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le fíorú agus ríomh is infheidhme arna nglacadh de bhun mhír 1;
(e)
an aicme feidhmíochta maidir leis an lorg comhshaoil a gcomhfhreagraíonn an t-amhábhar criticiúil di, arna bunú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8;
(f)
nasc gréasáin lena soláthraítear rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear le torthaí an dearbhaithe maidir leis an lorg comhshaoil.
|
|
Airteagal 31 8.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta a bhunú laistigh de thréimhse réasúnta maidir leis an lorg comhshaoil le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
|
|
Airteagal 31 9.
|
Ceanglóidh an Coimisiún, agus rialacha ríomha á socrú aige maidir le lorg comhshaoil táirgí idirmheánacha agus deiridh ina bhfuil amhábhair chriticiúla, i gcás inar féidir, go n-úsáidfear na rialacha ríomha maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 31 10.
|
Cuirfear an dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil ar fáil ar shuíomh gréasáin saor-rochtana agus beidh sé sothuigthe go héasca. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid don dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
|
|
Airteagal 31 11.
|
Agus amhábhair chriticiúla á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, nó agus iad á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an dearbhú maidir le lorg comhshaoil sula gcuirfear iad faoi cheangal conartha díolacháin. Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh, ní dhéanfaidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo maidir leis an bhfaisnéis a áirítear sa dearbhú ar an lorg comhshaoil a sholáthar ná a thaispeáint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|