+Airteagal 21 Comhar trasteorann maidir le cáilíocht gáis sa chóras gáis nádúrtha
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
---+Airteagal 21 5
---+Airteagal 21 6
---+Airteagal 21 7
---+Airteagal 21 8
---+Airteagal 21 9
---+Airteagal 21 10
---+Airteagal 21 11
---+Airteagal 21 12
---+Airteagal 21 13
---+Airteagal 21 14

Airteagal 21 Comhar trasteorann maidir le cáilíocht gáis sa chóras gáis nádúrtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1

1.   Oibreoidh oibreoirí córais tarchuir i gcomhar le chéile chun srianta ar shreafaí trasteorann a sheachaint de dheasca difríochtaí cáilíochta gáis ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit. Agus iad ag comhoibriú amhlaidh, cuirfidh oibreoirí córais tarchuir saintréithe suiteálacha na gcustaiméirí gáis nádúrtha deiridh i gcuntas.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cumaisc hidrigine i gcás inar mó ná 2 % de réir toirte an cion hidrigine a chumasctar isteach sa chóras gáis nádúrtha.

Airteagal 21 2

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear sonraíochtaí teicniúla éagsúla, lena n-áirítear paraiméadair cáilíochta gáis, amhail cion ocsaigine agus cumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha, chun srian a chur ar shreafaí gáis nádúrtha trasteorann. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumaisc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha ailínithe leis na sonraíochtaí teicniúla is inghlactha ag custaiméirí.

Airteagal 21 3

3.   I gcás nach féidir leis na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann, ina ngnáthoibríochtaí, srian ar shreafaí trasteorann de dheasca difríochtaí cáilíochtaí gáis a sheachaint, cuirfidh siad é sin in iúl do na húdaráis rialála lena mbaineann gan mhoill. San fhaisnéis sin beidh tuairisc agus na cúiseanna is údar le haon bhearta a rinne oibreoirí córais tarchuir cheana féin.

Airteagal 21 4

4.   Comhaontóidh na húdaráis rialála lena mbaineann i gcomhpháirt, laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cé acu a aithneoidh siad an srian.

Airteagal 21 5

5.   Maidir le srianta ar shreafaí trasteorann arb é is cúis leo difríochtaí i gcumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha agus a aithnítear de bhun mhír 4, glacfaidh oibreoirí córais tarchuir le sreafaí gáis nádúrtha ina bhfuil cion hidrigine ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit sa chóras gáis nádúrtha faoi réir mhíreanna 6 go 13, agus tar éis an nós imeachta a leagtar síos iontu a chríochnú.

Airteagal 21 6

6.   I gcás ina dtugann na húdaráis rialála lena mbaineann aitheantas don srian de bhun mhír 4, iarrfaidh siad ar na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh in ord, laistigh 12 mhí ón srian a aithint dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

chun dul i gcomhar chun roghanna féideartha go teicniúil a fhorbairt chun an srian sainaitheanta a bhaint, gan na sonraíochtaí cáilíochta gáis, ina n-áireofar gealltanais sreafa agus cóireáil gáis nádúrtha, a athrú, agus faisnéis arna soláthar ag custaiméirí deiridh atá nasctha go díreach le córas gáis nádúrtha an oibreora córais tarchuir lena mbaineann nó le aon gheallsealbhóir eile a bhféadfadh an próiseas sin difear a dhéanamh dóibh á cur i gcuntas;

(b)

chun measúnú costais is tairbhe ar na roghanna atá féideartha go teicniúil a dhéanamh i gcomhpháirt chun réitigh atá éifeachtúil go heacnamaíoch a shainiú, lena sonrófar miondealú ar na costais agus na tairbhí idir na catagóirí éagsúla páirtithe a ndéanfar difear dóibh;

(c)

chun meastachán a dhéanamh ar an méid ama a thógfar chun gach rogha fhéideartha a chur chun feidhme;

(d)

chun comhairliúchán poiblí a sheoladh, go háirithe leis na custaiméirí deiridh dá ndéantar difear agus atá nasctha leis an gcóras gáis nádúrtha, maidir le réitigh fhéideartha shainaitheanta agus torthaí an chomhairliúcháin sin a chur san áireamh;

(e)

chun togra comhpháirteach, ar bhonn na hanailíse costas is tairbhe agus ar an gcomhairliúchán poiblí, chun réitigh lena mbaintear an srian aitheanta, lena n-áirítear an tráthchlár chun é a chur chun feidhme, a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála lena mbaineann lena fhormheas agus faoi bhráid údaráis náisiúnta rialála gach Ballstáit lena mbaineann mar eolas.

Airteagal 21 7

7.   I gcás nach dtagann na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann ar chomhaontú togra comhpháirteach a chur isteach de bhun mhír 6, pointe (e), cuirfidh gach oibreoir córais tarchuir a údarás rialála ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 21 8

8.   Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinneadh comhpháirteach comhordaithe chun an srian aitheanta a bhaint, agus, san am céanna, agus an anailís costais is tairbhe arna hullmhú ag na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á gcur i gcuntas arna sheoladh de bhun mhír 6, pointe (d), den Airteagal seo laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.

Airteagal 21 9

9.   De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, i gcás srianta ar shreafaí trasteorann de bharr difríochtaí i gcumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha, féadfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann a dhearbhú i gcomhpháirt nach ndéanfar aon ghníomhaíocht bhreise chun na srianta sin a bhaint. Déanfar an cinneadh comhpháirteach comhordaithe laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil i gcomhréir le Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942 agus cuirfear i gcuntas ann an anailís costais is tairbhe agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí arna dhéanamh de bhun mhír 6, pointe (d), den Airteagal seo. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann athbhreithniú ar chinneadh chun an srian aitheanta a choinneáil de bhun na míre seo gach 4 bliana.

Airteagal 21 10

10.   Sa chinneadh comhpháirteach comhordaithe a dhéanfaidh na húdaráis lena mbaineann dá dtagraítear i mír 8, áireofar cinneadh ar leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le seasamh ag gach oibreoir córais tarchuir a thiocfaidh as cur chun feidhme an réitigh chomhaontaithe, chomh maith lena gcur san áireamh in ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir, agus costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an réitigh sna Ballstáit lena mbaineann agus ar na hiarmhairtí ó thaobh taraifí de á gcur i gcuntas.

Airteagal 21 11

11.   Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chun na n-údarás rialála maidir le mionsonraí na gcinntí leithdháilte costais sin dá dtagraítear i mír 10.

Airteagal 21 12

12.   I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chomhaontú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an srian, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. I gcás ina dtugann ACER aitheantas don srian, iarrfaidh sé ar na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann na gníomhartha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh, laistigh de 12 mhí, in ord.

Airteagal 21 13

13.   I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chinneadh comhordaithe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 10 den Airteagal seo, cinnfidh ACER ar an réiteach chun an srian a bhaint agus ar leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le seasamh ag gach oibreoir córais tarchuir as an réiteach comhaontaithe a chur chun feidhme nó a lua nár cheart aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh de bhun mhír 9 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. Déanfaidh ACER athbhreithniú gach 4 bliana ar aon chinneadh an srian aitheanta de bhun na míre seo a choinneáil.

Airteagal 21 14

14.   Déanfar mionsonraí breise is gá chun an Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear mionsonraí ar an anailís costas is tairbhe, a leagan síos i gcód gréasáin a bhunaítear de bhun Airteagal 71(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.