+Airteagal 4 Éiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athchóiriú
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
---+Airteagal 4 7
---+Airteagal 4 8
---+Airteagal 4 9
---+Airteagal 4 10
---+Airteagal 4 11
---+Airteagal 4 12
---+Airteagal 4 13
---+Airteagal 4 14
---+Airteagal 4 15
---+Airteagal 4 16
---+Airteagal 4 17

Airteagal 4 Éiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athchóiriú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun feabhas a chur ar limistéir na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil dea-bhail orthu go dtí go mbeidh dea-bhail orthu. Cuirfear bearta athchóiriúcháin den sórt sin i bhfeidhm:

(a)

faoi 2030 ar 30 % ar a laghad de limistéar iomlán na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

faoi 2040 ar 60 % ar a laghad, agus faoi 2050, ar 90 % ar a laghad de limistéar gach grúpa de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15.

Chun críche na míre seo, tabharfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, go dtí 2030, tosaíocht do bhearta athchóiriúcháin i limistéir atá lonnaithe i láithreáin Natura 2000.

Airteagal 4 2

2.   De mhaolú ar mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar cuí leis chun críocha na míre sin, cineálacha gnáthóige atá an-choitianta agus forleathan lena gcumhdaítear níos mó ná 3 % dá gcríoch Eorpach a eisiamh ón ngrúpa ábhartha de chineálacha gnáthóige.

I gcás ina gcuirfidh Ballstát an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, cuirfidh an Ballstát bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm:

(a)

faoi 2050 ar limistéar arb ionann é agus 80 % ar a laghad den limistéar nach bhfuil dea-bhail air do gach ceann de na cineálacha gnáthóige sin;

(b)

faoi 2030 ar aon trian ar a laghad den chéatadán dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c)

faoi 2040 ar dhá thrian ar a laghad den chéatadán dá dtagraítear i bpointe (a).

Ní chuirfear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ach amháin má áirithítear nach gcuirfidh an céatadán dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír cosc ar an stádas caomhantais fabhrach le haghaidh gach ceann de na cineálacha gnáthóige sin a bhaint amach nó a choinneáil ar an leibhéal bithgheografach náisiúnta.

Airteagal 4 3

3.   Má chuireann Ballstát an maolú i bhfeidhm de bhun mhír 2, beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), maidir le limistéar iomlán na gcineálacha gnáthóige uile atá fágtha a liostaítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil dea-bhail orthu agus beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), maidir leis na limistéir eile de na grúpaí ábhartha de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil dea-bhail orthu.

Airteagal 4 4

4.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a athbhunú i limistéir nach bhfaightear na cineálacha gnáthóige sin, agus é mar aidhm acu an limistéar tagartha fabhrach a bhaint amach le haghaidh na gcineálacha gnáthóige sin. Beidh bearta den sórt sin i bhfeidhm ar limistéir arb ionann iad agus 30 % ar a laghad den dromchla breise is gá chun an limistéar tagartha fabhrach do gach grúpa de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhaint amach, mar atá cainníochtaithe sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15, faoi 2030, ar limistéir arb ionann iad agus 60 % den dromchla sin ar a laghad faoi 2040, agus ar 100 % den dromchla sin faoi 2050.

Airteagal 4 5

5.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, má mheasann Ballstát nach féidir bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm faoi 2050 atá riachtanach chun go mbainfear amach limistéar tagartha fabhrach le haghaidh cineál sonrach gnáthóige ar 100 % den dromchla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann céatadán níos ísle a shocrú ar leibhéal idir 90 % agus 100 % ina phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15 agus féadfaidh sé bonn cirt leordhóthanach a sholáthar. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm de réir a chéile atá riachtanach chun an céatadán níos ísle sin a bhaint amach faoi 2050. Faoi 2030, cumhdóidh na bearta athchóiriúcháin sin 30 % ar a laghad den dromchla breise is gá chun an céatadán níos ísle sin a bhaint amach faoi 2050, agus faoi 2040, cumhdóidh siad 60 % ar a laghad den dromchla breise is gá chun an céatadán níos ísle sin a bhaint amach faoi 2050.

Airteagal 4 6

6.   Má chuireann Ballstát an maolú de bhun mhír 5 i bhfeidhm maidir le cineálacha gnáthóige sonracha, beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 4 maidir leis na cineálacha gnáthóige eile atá mar chuid de na grúpaí de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I lena mbaineann na cineálacha gnáthóige sonracha sin.

Airteagal 4 7

7.   Cuirfidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na n-éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, sa bhreis ar na bearta athchóiriúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, atá riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus cainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

Airteagal 4 8

8.   Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 4 agus 7 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a thomhaistear de réir an struchtúir agus na bhfeidhmeanna is gá dá gcothabháil fhadtéarmach, lena n-áirítear a ngnáthspeicis, dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (e), de Threoir 92/43/CEE, agus maidir le cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus i gcás inarb iomchuí, éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 14(16), pointe (c), den Rialachán seo, á cur san áireamh.

Airteagal 4 9

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, go mbeifear ar an eolas faoin mbail atá ar 90 % ar a laghad den limistéar arna dháileadh ar gach cineál gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I agus faoi 2040, go mbeifear ar an eolas faoin mbail atá ar na limistéir uile de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4 10

10.   Leis na bearta athchóiriúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, measfar an gá atá le nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 7 a fhaightear sna cineálacha gnáthóige sin.

Airteagal 4 11

11.   Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu a áirithiú sna limistéir atá faoi réir bearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 4 agus 7, go bhfeicfear feabhas leanúnach ar bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí go mbainfear dea-bhail amach, agus go bhfeicfear feabhas leanúnach ar cháilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 7, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

Gan dochar do Threoir 92/43/CEE, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu a áirithiú nach dtiocfaidh meath suntasach ar limistéir inar baineadh dea-bhail amach, agus inar baineadh cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas amach.

Airteagal 4 12

12.   Gan dochar do Threoir 92/43/CEE, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall, faoi dháta foilsithe a bpleananna athchóirithe náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17(6) den Rialachán seo, na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun cosc a chur le meathlú suntasach ar limistéir ina bhfaightear na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar a bhfuil dea-bhail nó a bhfuil gá leo chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach i mír 17 den Airteagal seo a bhaint amach.

Airteagal 4 13

13.   Maidir le míreanna 11 agus 12 den Airteagal seo, lasmuigh de láithreáin Natura 2000, féadfaidh na Ballstáit, in éagmais roghanna malartacha, na ceanglais maidir le neamh-mheathlú a leagtar amach sna míreanna sin a chur i bhfeidhm ar leibhéal gach réigiúin bhithgheografaigh ina gcríoch maidir le gach cineál gnáthóige agus gach gnáthóg speiceas, ar choinníoll go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra faoin rún atá aige an mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis an gCoimisiún faoin 19 Feabhra 2025 agus go gcomhlíonann sé na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 15(3), pointe (g), Airteagal 20(1), pointe (j), Airteagal 21(1) agus Airteagal 21(2), pointe (b).

Airteagal 4 14

14.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 11 maidir le meathlú de bharr na nithe seo a leanas:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ar fáil ina leith, a chinnfear ar bhonn cás ar chás; nó

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht tríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

Airteagal 4 15

15.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 12 maidir le meathlú arb é is cúis leis:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; nó

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht tríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

Airteagal 4 16

16.   Laistigh de láithreáin Natura 2000, tá údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 11 agus 12, más é is cúis leis:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó

(c)

plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.

Airteagal 4 17

17.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:

(a)

méadú ar an limistéar a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % de ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;

(b)

treocht mhéadaitheach i dtreo cháilíocht leordhóthanach agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.