+Airteagal 45 Úsáid sholúbtha an aerspáis
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
---+Airteagal 45 4

Airteagal 45 Úsáid sholúbtha an aerspáis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1

1.   Agus saintréithe agus cineál na gníomhaíochta míleata i ngach Ballstát, mar aon le heagrú na gcúrsaí míleata atá faoina bhfreagracht, á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit cur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis faoin Aerspás Eorpach Aonair chun bainistíocht aerspáis agus bainistíocht aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhsheasmhacht le Máistirphlean Eorpach BAT.

Airteagal 45 2

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis, i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht.

Airteagal 45 3

3.   I gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha, go háirithe i bhfianaise na dtuarascálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit, chun cur i bhfeidhm a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis faoin Aerspás Eorpach Aonair, glacfaidh an Coimisiún, laistigh de theorainneacha an chomhbheartais iompair agus gan dochar d’Airteagal 1(2), gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos na coinníollacha aonfhoirmeacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 45 4

4.   I gcásanna ina mbíonn deacrachtaí suntasacha oibríochtúla i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo, ar deacrachtaí iad lena ndéantar dochar do choimirce na slándála riachtanaí nó leasanna maidir le beartas cosanta, féadfaidh na Ballstáit an cur i bhfeidhm sin a chur ar fionraí go sealadach ar choinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin gan mhoill. Tar éis fionraí shealadach a thabhairt isteach, féadfar coigeartuithe ar na rialacha arna nglacadh faoi mhír 3 a fhorbairt don aerspás faoi fhreagracht an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí shealadach agus le haon choigeartú mar sin nuair a thiocfaidh deireadh leis na deacrachtaí oibríochtúla sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.