+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht’ earra, gan beann ar na hábhair as a ndearnadh é, a bhfuil sé beartaithe é a bheith á úsáid ag oibreoir eacnamaíoch chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair chuig oibreoir eacnamaíoch eile nó chuig úsáideoir deiridh agus ar féidir é a idirdhealú ina fhormáid phacáistíochta bunaithe ar an bhfeidhm, ábhar agus dearadh atá aige, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a)
|
earra atá riachtanach chun táirge a choimeád, chun tacú leis nó chun an táirge a chaomhnú le linn a shaolré gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;
|
|
(b)
|
comhpháirt, agus cuid choimhdeacha, d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) atá comhtháite san earra;
|
|
(c)
|
cuid choimhdeach d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) a chuirtear ar crochadh ar an táirge go díreach, nó a cheanglaítear go díreach den táirge, a bhfuil feidhm phacáistíochta aige gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;
|
|
(d)
|
earra atá deartha agus a bheartaítear lena líonadh ag an díolphointe chun an táirge a dháileadh, dá ngairtear ‘pacáistíocht seirbhíse’ freisin;
|
|
(e)
|
earra indiúscartha a dhíoltar, a líontar nó a dheartar chun é a líonadh ag an díolphointe, agus a bhfuil feidhm phacáistíochta aige;
|
|
(f)
|
aonad aon fhreastail mála tae nó caife tréscaoilteach nó mála deochanna eile, nó córas bog iarúsáide ina gcoinnítear táirge tae, caife nó deoch eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;
|
|
(g)
|
aonad aon fhreastail mála tae nó caife neamh-thréscaoilteach, nó córais dí eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid i meaisín agus a dhéantar a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;
|
|
|
(2)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE; ní mheastar gur dramhaíl í pacáistíocht in-athúsáidte a chuirtear ar aghaidh lena hathriochtú;
|
|
(3)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht beir leat’ pacáistíocht seirbhíse a líontar ag díolphointí ar a bhfreastalaítear le deochanna nó le bia réamhullmhaithe a dhéantar a phacáistiú lena iompar agus lena chaitheamh láithreach ag suíomh eile gan gá le tuilleadh ullmhúcháin agus a chaitear de ghnáth ón bpacáistíocht;
|
|
(4)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht táirgthe phríomhúil’ earraí a dheartar agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar phacáistíocht le haghaidh táirgí neamhphróiseáilte ó tháirgeadh príomhúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54);
|
|
(5)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina haonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht don úsáideoir deiridh ag an díolphointe;
|
|
(6)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina grúpáil de líon áirithe aonad díolacháin ag an díolphointe, gan beann ar cibé acu a dhíoltar grúpáil na n-aonad díolacháin sin sa cháil sin leis an úsáideoir deiridh nó a fhónann sí mar mhodh chun athstocáil na seilfeanna ag an díolphointe a éascú nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus is féidir a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe;
|
|
(7)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht iompair’ pacáistíocht a cheaptar chun láimhseáil agus iompar aonaid díolacháin amháin nó níos mó nó grúpáil na n-aonad díolacháin a éascú, chun damáiste don táirge de bharr a láimhseála nó a iompair a chosc, lena n-eisiatar coimeádáin bhóthair, iarnróid, loinge agus aeir;
|
|
(8)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht ríomhthráchtála’ pacáistíocht iompair a úsáidtear chun táirgí a sheachadadh i gcomhthéacs díol ar líne nó modh eile ciandíola leis an úsáideoir deiridh;
|
|
(9)
|
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ pacáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
|
|
(10)
|
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ pacáistíocht a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair, bíodh sí folamh nó le táirge;
|
|
(11)
|
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar chríoch an Bhallstáit’ pacáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid ar chríoch an Bhallstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
|
|
(12)
|
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an soláthróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an t-ionadaí údaraithe, an dáileoir deiridh agus an soláthraí seirbhíse comhlíonta;
|
|
(13)
|
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn pacáistíocht nó táirge pacáistithe; mar sin féin:
|
(a)
|
faoi réir phointe (b), i gcás ina ndeartar nó ina monaraítear don duine nádúrtha nó dlítheanach sin pacáistíocht nó táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, gan beann ar aon trádmharcanna eile a bheith infheicthe ar an bpacáistíocht nó ar an táirge pacáistithe, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach sin;
|
|
(b)
|
i gcás, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, ina dtagann sé faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht faoi nó faoi thrádmharc an duine sin lonnaithe sa Bhallstát céanna, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht;
|
|
|
(14)
|
ciallaíonn ‘cianchonradh’ cianchonradh de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55);
|
|
(15)
|
ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas maidir leis, gan beann ar an modh díola a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí:
|
(a)
|
tá an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin agus ón taobh istigh den chríoch chéanna pacáistíocht iompair, pacáistíocht seirbhíse, nó pacáistíocht táirgthe phríomhúil, bíodh sin mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte; nó
|
|
(b)
|
tá an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus cuireann sé ar fáil den chéad uair, ar chríoch an Bhallstáit sin agus ó shuíomh laistigh den chríoch chéanna sin táirgí atá pacáistithe i bpacáistíocht nach dtagraítear dóibh i mír (a); nó
|
|
(c)
|
tá an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch Ballstáit eile, go díreach d’úsáideoirí deiridh, pacáistíocht iompair, pacáistíocht seirbhísí, nó pacáistíocht táirgthe phríomhúil, bíodh sin mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte); nó
|
|
(d)
|
tá an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus cuireann sé ar fáil den chéad uair ar chríoch Ballstáit eile, go díreach d’úsáideoirí deiridh, pacáistíocht atá pacáistithe i bpacáistíocht seachas an phacáistíocht dá dtagraítear i bpointe (c); nó
|
|
(e)
|
tá an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir bunaithe i mBallstát agus déanann sé táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh,, murab é gur duine eile an táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d).
|
|
|
(16)
|
ciallaíonn ‘soláthróir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a sholáthraíonn pacáistíocht nó ábhar pacáistíochta do mhonaróir
|
|
(17)
|
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann pacáistíocht ó thríú tír ar an margadh;
|
|
(18)
|
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir a chuireann pacáistíocht ar fáil ar an margadh;
|
|
(19)
|
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ón monaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo;
|
|
(20)
|
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Bhallstát ina gcuireann an táirgeoir pacáistíocht nó táirge pacáistithe ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair, nó i gcás ina ndíphacálann sé nó sí táirgí pacáistithe gan bheith ina úsáideoir nó ina húsáideoir deiridh, ar chríoch an Bhallstáit seachas an Ballstát nó an tríú tír ina bhfuil an táirgeoir bunaithe, agus a cheapann an táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 8a(5), an tríú fomhír, de Threoir 2008/98/CE chun oibleagáidí an táirgeora sin faoi Chaibidil VIII den Rialachán seo a chomhlíonadh;
|
|
(21)
|
ciallaíonn ‘dáileoir deiridh’ an duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair a sheachadann táirgí pacáistithe, lena n-áirítear trí athúsáid, nó táirgí is féidir a cheannach trí athlíonadh, chuig an úsáideoir deiridh;
|
|
(22)
|
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm;
|
|
(23)
|
ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá ina chónaí nó ina cónaí nó atá bunaithe san Aontas ar cuireadh táirge ar fáil dó nó di ina cháil mar thomhaltóir nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil le linn a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla, agus nach gcuireann an táirge sin ar fáil ar an margadh san fhoirm inar soláthraíodh dó nó di é;
|
|
(24)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá comhdhéanta de dhá ábhar éagsúla nó níos mó atá ina gcuid de mheáchan an phríomhábhair pacáistíochta agus nach féidir a dheighilt ó chéile de láimh agus ar aonad comhtháite amháin iad dá bhrí sin, seachas ceann de na hábhair nach bhfuil ann ach cuid gan tábhacht den aonad pacáistíochta, agus in aon chás nach mó é ná 5 % de mhais iomlán an aonaid pacáistíochta gan lipéid, vearnaisí, péinteanna, dúch, greamachán ná laicir san áireamh; ní dochar an méid sin do Threoir (AE) 2019/904;
|
|
(25)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht’ aon phacáistíocht nó ábhar pacáistíochta ar dramhaíl í, cé is moite d’iarmhair táirgthe;
|
|
(26)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht a chosc’ bearta a dhéantar sula dtagann aon phacáistíocht nó ábhar pacáistíochta chun bheith ina dramhaíl ó phacáistíocht agus bearta lena laghdaítear méid na dramhaíola ó phacáistíocht, ionas nach mbeidh an oiread céanna pacáistíochta nó aon phacáistíochta de dhíth, chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair, lena n-áirítear bearta maidir le hathúsáid na pacáistíochta agus bearta chun ré na pacáistíochta a shíneadh sula dtiocfaidh sí chun bheith ina dramhaíl;
|
|
(27)
|
ciallaíonn ‘athúsáid’ aon oibríocht ina n-úsáidtear pacáistíocht in-athúsáidte arís go mion minic don fheidhm chéanna ar ceapadh dó é;
|
|
(28)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht aon úsáide’ pacáistíocht nach pacáistíocht in-athúsáidte í;
|
|
(29)
|
ciallaíonn ‘uainíocht’ saolré pacáistíocht in-athúsáidte ón tráth a chuirtear ar an margadh in éineacht leis an táirge a bhfuil sí ceaptha a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair go dtí an tráth atáthar réidh í a athúsáid laistigh de chóras athúsáide d’fhonn í a sholáthar d’úsáideoirí deiridh arís, in éineacht le táirge eile;
|
|
(30)
|
ciallaíonn ‘turas’ aistriú pacáistíochta, ó líonadh nó luchtú go folmhú nó díluchtú, mar chuid d’uainíocht nó ina aonar;
|
|
(31)
|
ciallaíonn ‘córais athúsáide’ socruithe eagraíochtúla, teicniúla nó airgeadais, mar aon le dreasachtaí, lena n-éascaítear an athúsáid i gcóras lúbiata nó córas lúboscailte, amhail córas aisíoctha éarlaise lena n-áirithítear go mbailítear pacáistíocht lena hathúsáid;
|
|
(32)
|
ciallaíonn ‘athriochtú’ aon oibríocht a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a bhfuil gá léi chun pacáistíocht in-athúsáidte a athchóiriú ionas go mbeidh feidhm aici ar mhaithe lena athúsáid;
|
|
(33)
|
ciallaíonn ‘athlíonadh’ oibríocht ina líonann an t-úsáideoir deiridh nó an dáileoir deiridh coimeádán a chomhlíonann an fheidhm phacáistíochta, agus atá faoi úinéireacht an úsáideora deiridh nó a cheannaigh an t-úsáideoir deiridh ag pointe díola an dáileora deiridh, le táirge amháin nó le roinnt táirgí a cheannaigh an t-úsáideoir deiridh ón dáileoir deiridh;
|
|
(34)
|
ciallaíonn ‘stáisiún athlíonta’ áit a dtairgeann dáileoir deiridh táirgí, is féidir a cheannach trí athlíonadh, d’úsáideoirí deiridh;
|
|
(35)
|
ciallaíonn ‘earnáil HORECA’ Gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia de réir NACE Ath. 2 – Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha;
|
|
(36)
|
ciallaíonn ‘limistéar díolacháin’ an limistéar a thiomnaítear le haghaidh thaispeáint na n-earraí a thairgtear lena ndíol, íocaíocht na n-earraí sin, agus cúrsaíocht agus láithreacht custaiméirí, ach ní áirítear leis sin na limistéir nach bhfuil ar oscailt don phobal, amhail limistéir stórála, nó limistéir eile nach dtaispeántar táirgí iontu, amhail carrchlóis; i gcomhthéacs na pacáistíochta ríomhthráchtála, measfar gur limistéar díolacháin é an limistéar stórála agus seolta;
|
|
(37)
|
ciallaíonn ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ an dearadh pacáistíochta, lena n-áirítear comhpháirteanna aonair pacáistíochta, chun a áirithiú gur féidir í a athchúrsáil le próisis sheanbhunaithe bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil;
|
|
(38)
|
ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ comhoiriúnacht na pacáistíochta le bainistiú agus próiseáil dramhaíola de bharr dearadh, bunaithe ar bhailiú ar leithligh, sórtáil i sruthanna ar leithligh, athchúrsáil ar an mórchóir, agus úsáid na n-ábhar athchúrsáilte chun amhábhair phríomhúla a ionadú;
|
|
(39)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht arna hathchúrsáil ar an mórchóir’ dramhaíl ó phacáistíocht a dhéantar a bhailiú ar leithligh agus a shórtáil agus a athchúrsáil i mbonneagar suiteáilte, agus úsáid á baint as próisis sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil lena n-áirithítear, ar leibhéal an Aontais, gur ann do chainníocht bhliantúil d’ábhar athchúrsáilte faoi gach catagóir pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 Iarscríbhinn II cothrom le nó níos mó ná 30 % i gcás adhmaid agus 55 % i gcás gach ábhair eile; airítear leis sin an dramhaíl ón bpacáistíocht sin a onnmhairítear ón Aontas chun críche bainistithe dramhaíola agus ar féidir a mheas go gcomhlíonann sí ceanglais Airteagal 53(11);
|
|
(40)
|
ciallaíonn ‘athchúrsáil ábhar’ aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil go hábhair nó go substaintí, bíodh sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile, cé is moite de chóireáil bhitheolaíoch dramhaíola, athphróiseáil bithábhair orgánaigh, aisghabháil fuinnimh agus an athphróiseáil in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta;
|
|
(41)
|
ciallaíonn ‘athchúrsáil ardcháilíochta’ aon phróiseas athchúrsála lena dtáirgtear ábhair athchúrsáilte atá ar cháilíocht atá coibhéiseach leis na hábhair bhunaidh, bunaithe ar shaintréithe teicniúla caomhnaithe, agus a úsáidtear chun príomh-amhábhair a ionadú i bpacáistíocht nó i feidhmeanna eile ina gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte;
|
|
(42)
|
ciallaíonn ‘catagóir phacáistíochta’ meascán d’ábhar agus dearadh sonrach pacáistíochta lena gcinntear an in-athchúrsáilteacht trí thagairt do phróisis bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála úrscothacha sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil agus atá ábhartha maidir le sainmhíniú na gcritéar maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála;
|
|
(43)
|
ciallaíonn ‘comhpháirt chomhtháite’ comhpháirt phacáistíochta, bíodh sí den ábhar céanna de phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta nó ná bíodh, nó d’ábhar atá ar leithligh uaidh, atá ina dlúthchuid den aonad pacáistíochta agus dá fheidhmiú, nach gá í a dheighilt ó phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta chun feidhmiúlacht an aonaid pacáistíochta a áirithiú agus a dhiúscraítear de ghnáth ag an am céanna le príomhchabhail an aonaid pacáistíochta, cé nach gá go ndéanfaí amhlaidh tríd an mbealach diúscartha céanna;
|
|
(44)
|
ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’ comhpháirt phacáistíochta, bíodh sí den ábhar céanna nó d’ábhar eile seachas príomhchabhail an aonaid pacáistíochta nó ná bíodh, atá éagsúil le príomhchabhail an aonaid pacáistíochta, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ó phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta agus a dhiúscraítear de ghnáth roimh phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta agus ar leithligh uaidh, lena n-áirítear comhpháirteanna pacáistithe is féidir a dheighilt óna chéile go simplí trí strus meicniúil le linn iompair nó sórtála;
|
|
(45)
|
ciallaíonn ‘aonad pacáistíochta’ aonad, lena n-áirítear aon chomhpháirteanna comhtháite nó ar leithligh, a bhfuil feidhm phacáistíochta acu ina n-iomláine, amhail táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh, a stóráil, a iompar agus a chur i láthair, agus lena n-áirítear aonaid neamhspleácha pacáistíochta grúpáilte nó pacáistíochta iompair i gcás ina ndiúscraítear iad roimh an díolphointe;
|
|
(46)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht nuálach’ cineál pacáistíochta a mhonaraítear le hábhair nua, as a dtagann feabhas suntasach ar fheidhmeanna na pacáistíochta, amhail coimeád, cosaint, láimhseáil, nó seachadadh táirgí, agus ar shochair chomhshaoil fhoriomlána inléirithe, cé is moite de phacáistíocht atá mar thoradh ar mhodhnú ar phacáistíocht atá ann cheana chun cur i láthair táirgí agus margaíocht a fheabhsú go príomha;
|
|
(47)
|
ciallaíonn ‘amhábhair thánaisteacha’ ábhair a chuaigh faoi réir gach próiseas seiceála agus sórtála ba ghá agus a fuarthas trí phróisis athchúrsála agus is féidir bun-amhábhair a ionadú;
|
|
(48)
|
ciallaíonn ‘dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais’ dramhaíl ar plaisteach í agus a gineadh ó tháirgí plaisteacha a cuireadh ar an margadh nó a soláthraíodh lena ndáileadh, lena tomhailt nó lena n-úsáid i dtríú tír le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
|
|
(49)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de’ pacáistíocht a bheartaítear a úsáid i gcás táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56), (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57), (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58), (AE) 2017/745, (AE) 2017/746, (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59), nó (AE) 2019/6, nó faoi chuimsiú Threoracha 2001/83/CE, nó 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), 2008/68/CE nó táirgí mar a shainmhínítear in Airteagail 1 agus 2 de Chinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún (61),;
|
|
(50)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht inmhúirínithe’ pacáistíocht a bhith-dhíghrádaíonn faoi dhálaí a rialaítear go tionsclaíoch, nó ar féidir dianscaoileadh bitheolaíoch a dhéanamh uirthi sna dálaí sin, lena n-áirítear trí dhíleá anaeróbach, ach nárbh amhlaidh a d’fhéadfadh a dhéanamh i dtimpeallacht múirínithe baile, in éineacht le cóireáil fhisiciúil, más gá, as a n-eascraíonn ar deireadh tiontú na pacáistíochta ina dé-ocsaíd charbóin nó, in éagmais ocsaigine, meatáin, agus salainn mhianracha, bithmhais agus uisce, agus nach gcuireann bac nó bagairt ar an mbailiú ar leithligh agus ar an bpróiseas múirínithe agus díleá anaeróbach;
|
|
(51)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht inmhúirínithe sa bhaile’ pacáistíocht atá in ann bith-dhíghrádú i ndálaí neamhrialaithe nach saoráidí múirínithe ar scála tionsclaíoch iad agus ar daoine aonair príobháideacha a dhéanann í a mhúiríniú d’fhonn múirín a tháirgeadh dá n-úsáid féin;
|
|
(52)
|
ciallaíonn ‘plaisteach’ ábhar déanta as polaiméir de réir bhrí Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a d’fhéadfadh go mbeadh breiseáin nó substaintí eile curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirt struchtúrach de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;
|
|
(53)
|
ciallaíonn ‘plaistigh bhithbhunaithe’ plaistigh a dhéantar, as acmhainní bitheolaíocha amhail bunábhar bithmhaise, dramhaíl orgánach nó seachtháirgí; agus gan beann ar cé acu atá na plaistigh in-bhithdhíghrádaithe nó do-bhithdhíghrádaithe;
|
|
(54)
|
ciallaíonn ‘buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide’ buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904;
|
|
(55)
|
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha’ málaí siopadóireachta déanta as plaisteach, bíodh lámh orthu nó ná bíodh, a sholáthraítear do thomhaltóirí ag díolphointe táirgí;
|
|
(56)
|
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar lú ná 50 miocrón a dtiús balla;
|
|
(57)
|
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar lú ná 15 mhiocrón a dtiús balla;
|
|
(58)
|
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla atá idir 50 miocrón agus 99 miocrón;
|
|
(59)
|
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla atá os cionn 99 miocrón;
|
|
(60)
|
ciallaíonn ‘gabhdáin dramhaíola’ gabhdáin a úsáidtear chun dramhaíl a stóráil agus a bhailiú, mar shampla coimeádáin, boscaí bruscair agus málaí;
|
|
(61)
|
ciallaíonn ‘éarlais’ suim shainithe airgid, nach bhfuil mar chuid de phraghas an táirgthe phacáistithe nó líonta agus a bhailítear ón úsáideoir deiridh nuair a cheannaítear an táirge pacáistithe nó líonta sin, a chumhdaítear le córas aisíoctha éarlaise i mBallstát faoi leith agus atá in-aisíoctha nuair a thugann an t-úsáideoir deiridh nó aon duine eile an phacáistíocht inar cuireadh éarlais ar ais chuig pointe bailiúcháin a bhunaítear chun na críche sin;
|
|
(62)
|
ciallaíonn ‘córas aisíoctha éarlaise’ córais ina ngearrtar éarlais ar an úsáideoir deiridh nuair a cheannaítear táirge pacáistithe nó líonta a chumhdaítear leis an gcóras sin, agus a aisíoctar nuair a thugtar an phacáistíocht inar cuireadh éarlais ar ais trí cheann de na bealaí bailiúcháin arna n-údarú ag na húdaráis náisiúnta chun na críche sin;
|
|
(63)
|
ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís;
|
|
(64)
|
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
|
|
(65)
|
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais inbhuanaitheachta, sábháilteachta, lipéadaithe agus faisnéise a bhaineann le pacáistíocht sa Rialachán seo;
|
|
(66)
|
ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí faoin freagracht leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;
|
|
(67)
|
ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha idirnasctha i saolré pacáistíochta arb iad: amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha, réamhphróiseáil, monarú, stóráil, dáileadh, úsáid, deisiú, athúsáid, agus deireadh saolré;
|
|
(68)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht lena mbaineann riosca’ pacáistíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol, don tsláinte nó do leasanna poiblí eile a chosnaítear le ceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo cé is moite de na ceanglais sin a liostaítear in Airteagal 62(1) mura gcomhlíonfadh sí é;
|
|
(69)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht lena mbaineann riosca tromchúiseach’ pacáistíocht lena mbaineann riosca a meastar ina leith, bunaithe ar mheasúnú, go bhfuil gá, de thoradh mhéid an neamhchomhlíonta ábhartha nó na díobhála lena mbaineann, le hidirghabháil mhear ó na húdaráis um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear i gcásanna nach n-eascraíonn éifeachtaí láithreacha as an neamhchomhlíonadh sin;
|
|
(70)
|
ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/2065;
|
|
(71)
|
ciallaíonn ‘conarthaí poiblí’ conarthaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2014/24/AE nó mar a thagraítear dóibh i dTreoir 2014/25/AE, de réir mar is infheidhme;
|
Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘bainistiú dramhaíola’, ‘bailiú’, ‘bailiú ar leithligh’, ‘cóireáil’, ‘ullmhú don athúsáid’, ‘athchúrsáil’ agus ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’, a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (9), (10), (11), (14), (16), (17) agus (21) de Threoir 2008/98/CE.
Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faireachas margaidh’, ‘údarás faireachais margaidh’, ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’, ‘gníomhaíocht cheartaitheach’, ‘riosca’, ‘aisghairm’ agus ‘tarraingt siar’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (3), (4), (11), (16), (18), (22) agus (23) faoi seach, de Rialachán (AE) 2019/1020.
Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘substaint ar ábhar imní iad’ agus ‘iompróir sonraí’ a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (27) agus (29) faoi seach, de Rialachán (AE) 2024/ 1781.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta táscach na n-earraí a thagann faoin sainmhíniú ar phacáistíocht atá i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (1), den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|