5. Déanfar lipéid dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 agus an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte, de chineál eile dá dtagraítear i mír 2 a ghreamú, a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go daingean ar an bpacáistíocht, ionas nach féidir iad a scriosadh go héasca. Beidh an fhaisnéis atá iontu ar fáil freisin d’úsáideoirí deiridh sula gceannóidh siad an táirge trí dhíolacháin ar líne. I gcás nach féidir an greamú, an phriontáil nó an greanadh sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis sin mar gheall ar chineál agus ar mhéid na pacáistíochta, greamófar an lipéad, an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile den phacáistíocht ghrúpáilte. I gcás nach féidir fiú é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál agus méid na pacáistíochta nó i gcás ina bhfuil sé ábhartha foráil a dhéanamh do rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis le haghaidh grúpaí leochaileacha, go háirithe daoine lagamhairc, soláthrófar an fhaisnéis trí chód aonair atá inléite go leictreonach nó trí chineál eile iompróra sonraí.
Cuirfear an fhaisnéis atá ar na lipéid dá dtagraítear i míreanna 1,2 agus 4 agus sa chód QR nó in iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile ar fáil i dteanga amháin nó níos mó is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an phacáistíocht le cur ar fáil ar an margadh.
I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil trí mheán leictreonach i gcomhréir le míreanna1, 2 agus 4, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
is ar mhaithe le rochtain theoranta a thabhairt don úsáideoir ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo i ndáil le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68) agus ar mhaithe leis sin amháin a bhaileofar sonraí pearsanta leordhóthanacha ábhartha;
|
|
(b)
|
ní thaispeánfar an fhaisnéis in éineacht le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta.
|
I gcás ina n-éilítear le dlí de chuid an Aontais faisnéis maidir leis an táirge pacáistithe atá le cur ar fáil trí mheán sonraí, bainfear úsáid as aon iompróir sonraí amháin chun an fhaisnéis a éilítear a chur ar fáil le haghaidh an táirge phacáistithe agus le haghaidh na pacáistíochta, agus beifear in ann an dá cheann a idirdhealú go héasca óna chéile.