+Airteagal 33 Oibleagáidí dáileoirí
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
|
Airteagal 33 Oibleagáidí dáileoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1
|
1. Sula gcuirfidh na dáileoirí córas RTS ar fáil ar an margadh, áiritheoidh siad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil dearbhú comhréireachta AE tarraingthe suas ag an monaróir;
|
|
(b)
|
go bhfuil an mharcáil chomhréireachta CE ar an gcóras RTS;
|
|
(c)
|
go bhfuil an bhileog faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 38 agus treoracha úsáide soiléire agus iomlána i bhformáidí atá inrochtana ag gabháil leis an gcóras RTS;
|
|
(d)
|
i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 32(3) comhlíonta ag an allmhaireoir.
|
|
|
Airteagal 33 2
|
2. Áiritheoidh na dáileoirí, fad atá córas RTS faoina bhfreagracht, nach n-athrófar an córas RTS ar bhealach ina gcuirfear a chomhréireacht leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus le haon cheanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 42 i gcontúirt.
|
|
Airteagal 33 3
|
3. I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil córas RTS i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus le haon cheanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 42, ní chuirfidh sé an córas RTS sin ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir, mar aon le húdaráis faireachais margaidh na mBallstát inar cuireadh an córas RTS ar fáil ar an margadh nó ina bhfuil an córas RTS le cur ar fáil ar an margadh, ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag baint le córas RTS do shláinte nó do shábháilteacht daoine nádúrtha, cuirfidh sé údaráis faireachais margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an dáileoir bunaithe, mar aon leis an monaróir agus an t-allmhaireoir, ar an eolas.
|
|
Airteagal 33 4
|
4. Tar éis do dháileoirí iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás faireachais margaidh, cuirfidh siad an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht córais RTS a léiriú ar fáil dó. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, agus leis an monaróir, leis an allmhaireoir agus, i gcás inarb infheidhme, le hionadaí údaraithe an mhonaróra maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun córas RTS a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus le haon cheanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 42, nó chun é a aisghairm nó a tharraingt siar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|