+Airteagal 53 1

Airteagal 53 1

1.   Ní dhéanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 51 le haghaidh úsáid thánaisteach a dheonú d’úsáideoir sonraí sláinte ach i gcás inar gá próiseáil na sonraí ag an úsáideoir sonraí sláinte sin le haghaidh ceann de na críocha seo a leanas:

(a)

leas an phobail i réimsí na sláinte poiblí nó ceirde, amhail gníomhaíochtaí maidir le cosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, faireachas ar an tsláinte phoiblí nó gníomhaíochtaí lena n-áirithítear ardleibhéal cáilíochta agus sábháilteachta do chúram sláinte, lena n-áirítear sábháilteacht othar, agus do tháirgí íocshláinte nó d’fheistí leighis;

(b)

gníomhaíochtaí ceaptha beartas agus rialála chun tacú le comhlachtaí earnála poiblí nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, lena n-áirítear údaráis rialála, san earnáil sláinte nó san earnáil cúraim, na cúraimí atá sainithe ina sainorduithe a dhéanamh;

(c)

staidreamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, amhail staidreamh oifigiúil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal ilnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, a bhaineann leis an earnáil sláinte nó leis an earnáil cúraim;

(d)

gníomhaíochtaí oideachais nó teagaisc san earnáil sláinte nó san earnáil cúraim ar leibhéal an ghairmoideachais nó an ardoideachais;

(e)

taighde eolaíoch a bhaineann leis an earnáil sláinte nó leis an earnáil cúraim, lena rannchuidítear leis an tsláinte phoiblí nó le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte, nó lena n-áirithítear ardleibhéal cáilíochta agus sábháilteachta cúraim sláinte, táirgí íocshláinte nó feistí leighis, arb é is aidhm dóibh sin dul chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh, amhail othair, gairmithe sláinte agus riarthóirí sláinte, lena n-áirítear:

(i)

gníomhaíochtaí forbartha agus nuálaíochta le haghaidh táirgí nó seirbhísí;

(ii)

algartaim a oiliúint, a thástáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear i bhfeistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro, córais IS agus feidhmchláir sláinte digití;

(f)

feabhas a chur ar an soláthar cúraim, ar optamú na cóireála agus ar an soláthar cúraim sláinte, bunaithe ar shonraí leictreonacha sláinte daoine nádúrtha eile.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.