+Airteagal 73 Timpeallacht shlán phróiseála
---+Airteagal 73 1
---+Airteagal 73 2
---+Airteagal 73 3
---+Airteagal 73 4
---+Airteagal 73 5

Airteagal 73 Timpeallacht shlán phróiseála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 73 1

1.   Ní chuirfidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte ar fáil de bhun cead sonraí ach amháin trí thimpeallacht shlán phróiseála atá faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus ceanglais slándála agus idir-inoibritheachta. Go háirithe, comhlíonfaidh an timpeallacht shlán phróiseála na bearta slándála seo a leanas:

(a)

rochtain ar an timpeallacht shlán phróiseála a shrianadh do dhaoine nádúrtha údaraithe a liostaítear sa chead sonraí arna eisiúint de bhun Airteagal 68;

(b)

íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí sonraí leictreonacha sláinte arna n-óstáil sa timpeallacht shlán phróiseála a léamh, a chóipeáil, a mhodhnú nó a bhaint go neamhúdaraithe trí bhearta úrscothacha teicniúla agus eagraíochtúla;

(c)

ionchur na sonraí leictreonacha sláinte agus cigireacht, modhnú nó scriosadh sonraí leictreonacha sláinte arna n-óstáil sa timpeallacht shlán phróiseála a theorannú do líon teoranta daoine údaraithe inaitheanta;

(d)

a áirithiú nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí sonraí sláinte ach ar na sonraí leictreonacha sláinte a chumhdaítear lena gcead sonraí, trí mheán aitheantais úsáideora indibhidiúla agus uathúla agus modhanna rochtana rúnda amháin;

(e)

logaí inaitheanta rochtana ar an timpeallacht shlán phróiseála agus gníomhaíochtaí inti a choinneáil ar feadh na tréimhse is gá chun gach oibríocht phróiseála a fhíorú agus a iniúchadh sa timpeallacht sin; déanfar logaí rochtana a choinneáil ar feadh bliain amháin ar a laghad;

(f)

comhlíontacht faireacháin a áirithiú maidir leis na bearta slándála dá dtagraítear sa mhír seo chun bagairtí slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.

Airteagal 73 2

2.   Áiritheoidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte gur féidir le sealbhóirí sonraí sláinte sonraí leictreonacha sláinte ó na sealbhóirí sonraí sláinte sin san fhormáid a shonraítear sa chead sonraí a uaslódáil agus gur féidir leis an úsáideoir sonraí sláinte rochtain a fháil orthu i dtimpeallacht shlán phróiseála.

Déanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte athbhreithniú ar na sonraí leictreonacha sláinte a áirítear san iarraidh ar íoslódáil chun a áirithiú nach mbeidh úsáideoirí sonraí sláinte ach in ann sonraí leictreonacha neamhphearsanta sláinte a íoslódáil, lena n-áirítear sonraí leictreonacha sláinte i bhformáid staidrimh anaithnidithe, ón timpeallacht shlán phróiseála.

Airteagal 73 3

3.   Áiritheoidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte go ndéanfar iniúchtaí ar na timpeallachtaí slána próiseála ar bhonn tráthrialta, lena n-áirítear ag tríú páirtithe, agus déanfaidh siad gníomhaíocht cheartaitheach maidir le haon easnaimh, rioscaí nó leochaileachtaí arna sainaithint sna hiniúchtaí sin sna timpeallachtaí slána próiseála.

Airteagal 73 4

4.   I gcás ina ndéanann eagraíochtaí aitheanta altrúchais sonraí faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/868 sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a phróiseáil trí úsáid a bhaint as timpeallacht shlán phróiseála, comhlíonfaidh na timpeallachtaí sin freisin na bearta slándála a leagtar amach i mír 1, pointí (a) go (f), den Airteagal seo.

Airteagal 73 5

5.   Faoin 26 Márta 2027, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais theicniúla, eagraíochtúla, slándála faisnéise, rúndachta, cosanta sonraí agus idir-inoibritheachta le haghaidh na dtimpeallachtaí slána próiseála a leagan síos, lena n-áirítear maidir leis na saintréithe teicniúla agus na huirlisí atá ar fáil don úsáideoir sonraí sláinte laistigh den timpeallacht shlán phróiseála. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.