+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
---+Airteagal 2 (24)
---+Airteagal 2 (25)
---+Airteagal 2 (26)
---+Airteagal 2 (27)
---+Airteagal 2 (28)
---+Airteagal 2 (29)
---+Airteagal 2 (30)
---+Airteagal 2 (31)
---+Airteagal 2 (32)
---+Airteagal 2 (33)
---+Airteagal 2 (34)
---+Airteagal 2 (35)
---+Airteagal 2 (36)
---+Airteagal 2 (37)
---+Airteagal 2 (38)
---+Airteagal 2 (39)
---+Airteagal 2 (40)
---+Airteagal 2 (41)
---+Airteagal 2 (42)
---+Airteagal 2 (43)
---+Airteagal 2 (44)
---+Airteagal 2 (45)
---+Airteagal 2 (46)
---+Airteagal 2 (47)
---+Airteagal 2 (48)
---+Airteagal 2 (49)
---+Airteagal 2 (50)
---+Airteagal 2 (51)
---+Airteagal 2 (52)
---+Airteagal 2 (53)
---+Airteagal 2 (54)
---+Airteagal 2 (55)
---+Airteagal 2 (56)
---+Airteagal 2 (57)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘córas íocaíochta’ socrú foirmiúil idir trí rannpháirtí nó níos mó, gan bainc socraíochta, contrapháirtithe lárnacha, tithe imréitigh ná rannpháirtithe indíreacha féideartha a chur san áireamh, a bhfuil rialacha coiteanna agus socruithe caighdeánaithe acu i gcomhair forghníomhú orduithe um aistriú idir na rannpháirtithe;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘bonneagar margaidh airgeadais’ (BMA) córas iltaobhach i measc institiúidí rannpháirteacha, ar a n-áirítear oibreoir an chórais, a úsáidtear chun íocaíochtaí, urrúis, díorthaigh, nó idirbhearta airgeadais eile a imréiteach, a shocrú, nó a thaifeadadh;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘SIPSanna an Eurochórais’ SIPS atá faoi úinéireacht bainc ceannais de chuid an Eurochórais agus atá á oibriú ag banc ceannais de chuid an Eurochórais;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘comhthaobhacht’ sócmhainn nó gealltanas tríú pháirtí a úsáideann soláthróir comhthaobhachta chun oibleagáid a urrú i leith glacadóir comhthaobhachta. Áirítear le comhthaobhacht comhthaobhacht intíre agus comhthaobhacht trasteorann araon;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘riosca infheistíochta’ an riosca caillteanais a bhíonn roimh oibreoir SIPS nó roimh rannpháirtí in SIPS nuair a infheistíonn oibreoir an SIPS a chuid acmhainní féin nó acmhainní a chuid rannpháirtithe, e.g. comhthaobhacht;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘oibreoir SIPS’:
|
(a)
|
an t-eintiteas dlítheanach atá bunaithe sa limistéar euro agus atá freagrach as SIPS a oibriú; nó
|
|
(b)
|
ar bhonn eisceachtúil, an brainse atá bunaithe sa limistéar euro agus atá freagrach as SIPS a oibriú, agus a bhaineann le heintiteas dlítheanach atá bunaithe lasmuigh den limistéar euro.
|
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
|
(a)
|
an banc ceannais náisiúnta an Eurochórais a bhfuil an phríomhfhreagracht formhaoirseachta air a shainaithnítear amhlaidh de bhun Airteagal 3(3); nó
|
|
(b)
|
i ndáil le córas íocaíochta ar SIPS é a chomhlíonann na critéir in Airteagal 3(1), pointe (iii), ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
|
(ii)
|
i gcás inar cuireadh an phríomhfhreagracht formhaoirseachta ar bhanc ceannais náisiúnta an Eurochórais ar feadh tréimhse cúig bliana nó níos mó díreach sular glacadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), BCE agus an banc ceannais náisiúnta sin araon;
|
|
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘brainse’ gnóthas nach bhfuil aon trócracht dhlíthiúil aige
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘an Bord’: (a) i gcóras boird aonadaigh, bord aonair oibreora SIPS nó,(b) i gcóras débhoird, bord maoirseachta nó bord coibhéiseach oibreora SIPS, arna cheapadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; agus (c) i gcás ina sainaithnítear brainse mar oibreoir SIPS, bord an eintitis dhlítheanaigh a bhfuil an brainse ina chuid de atá spleách ar an dlí;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘an Lucht Bainistíochta’ stiúrthóirí feidhmiúcháin, e.g., i gcóras boird aonadaigh, comhaltaí Bhord oibreoir SIPS a bhíonn ag gabháil do bhainistíocht laethúil SIPS agus aon oifigigh feidhmiúcháin eile arna gceapadh ag an mBord atá i mbun bhainistíocht laethúil SIPS nó, i gcóras débhoird, comhaltaí bhord bainistíochta an oibreora SIPS agus aon oifigigh feidhmiúcháin eile arna gceapadh ag an mBord nó ag an mbord bainistíochta atá ag gabháil do bhainistiú laethúil SIPS;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘Lucht Bainistíochta an Bhrainse’ i gcásanna ina sainaithnítear brainse mar oibreoir SIPS, na stiúrthóirí bainistíochta a ceapadh go foirmiúil le bheith freagrach as an mbrainse agus a ndéantar stiúradh bhainistíocht laethúil SIPS a tharmligean go cuí chucu;
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘údaráis ábhartha’ údaráis a bhfuil leas dlisteanach acu i rochtain a fháil ar fhaisnéis ó SIPS chun a riachtanais reachtúla a chomhlíonadh, e.g. údaráis réitigh agus maoirseoirí rannpháirtithe móra;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘riosca dlíthiúil’ an riosca a éiríonn as cur i bhfeidhm dlí nó rialacháin, a dtagann caillteanas dá bharr go hiondúil;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘riosca creidmheasa’ an riosca nach mbeidh contrapháirtí, bíodh sé ina rannpháirtí nó ina eintiteas eile, in ann a oibleagáidí airgeadais a shásamh go hiomlán nuair a bhíonn siad dlite ná ag am ar bith sa todhchaí;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘riosca leachtacha’ an riosca nach mbeidh dóthain cistíochta ag contrapháirtí, bíodh sé ina rannpháirtí nó ina eintiteas eile, chun a oibleagáidí airgeadais a shásamh go hiomlán nuair a bhíonn siad dlite, cé gur féidir go mbeadh dóthain cistíochta aige chun é sin a dhéanamh sa todhchaí;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘riosca oibriúcháin’ an riosca go dtarlóidh laghdú, meath nó cliseadh ó thaobh na seirbhísí a sholáthraíonn SIPS de de dheasca easnaimh sna córais faisnéise nó sna próisis inmheánacha, earráid dhaonna, teipeanna bainistíochta, nó míshocrachtaí ar teagmhais sheachtracha, tríú páirtithe nó feidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí seachfhoinsithe is cúis leo;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘riosca gnó ghinearálta’ lagú féideartha ar bith ar staid airgeadais an SIPS mar ghnólacht de bharr laghdú ar a ioncam nó méadú ar a chaiteachas, sa chaoi gur mó an caiteachas ná an t-ioncam agus go bhfuil caillteanas ann dá bharr sinn nach mór a mhuirearú in aghaidh caipitil;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘riosca cumhdaigh’ an riosca go dtabhófaí caillteanas ar shócmhainní arna gcoimeád faoi chumhdach i gcás dócmhainneacht, faillí, calaois, drochriarachán nó coimeád neamhleor taifead ag taisceánach nó ag fo-thaisceánach;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn ‘cibir-riosca’ an teaglaim den dóchúlacht go dtarlóidh cibirtheagmhais agus den tionchar a bheadh ag na cibirtheagmhais sin;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn ‘seachfhoinsiú’ socrú in aon fhoirm idir an t-oibreoir SIPS agus tríú páirtí nó eintiteas inghrúpa faoina dtugann an tríú páirtí nó an t-eintiteas inghrúpa sin faoi fheidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí a dhéanfadh an t-oibreoir SIPS murach sin;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ an riosca nach gcomhlíonfaidh rannpháirtí nó an t-oibreoir SIPS a n-oibleagáidí faoi seach in SIPS agus, dá bharr sin, nach mbeidh rannpháirtithe eile agus/nó an t-oibreoir SIPS in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh nuair a bheidh siad dlite, agus an baol ann dá réir go mbeidh éifeachtaí seach-iarmharta ann lena ndéanfaí dochar do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó don mhuinín atá ag daoine as an gcóras airgeadais;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn ‘beart ceartaitheach’ beart sonrach nó gníomh sonrach, gan beann ar a fhoirm, ar a fhad nó ar a thromchúisí atá sé, a fhorchuireann údarás inniúil ar oibreoir SIPS chun neamhchomhlíonadh cheanglais Airteagail 8 go 27 agus Airteagal 29 a leigheas nó chun deimhin a dhéanamh de nach dtarlóidh neamhchomhlíonadh den sórt sin an athuair;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn ‘banc socraíochta’ banc a bhfuil cuntais ina sheilbh aige maidir le híocaíochtaí, áit a gcomhlíontar na hoibleagáidí a éiríonn as córas íocaíochta;
|
|
Airteagal 2 (24)
|
ciallaíonn ‘rannpháirtí indíreach’ eintiteas dlítheanach nach bhfuil rochtain dhíreach aige ar sheirbhísí an SIPS agus nach mbíonn, de ghnáth, faoi cheangal conarthach díreach ag rialacha an SIPS atá i gceist, agus a ndéanann an SIPS a chuid orduithe um aistriú a imréiteach, a shocrú agus a thaifeadadh trí rannpháirtí díreach. Tá caidreamh conarthach ag rannpháirtí indíreach le rannpháirtí díreach. Tá na heintitis dhlítheanacha ábhartha teoranta don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);
|
|
(b)
|
gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);
|
|
(c)
|
aon ghnóthas a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Aontas agus a gcomhfhreagraíonn a fheidhmeanna do fheidhmeanna institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta de chuid an Aontais, mar a shainmhínítear i bpointí (i) agus (ii);
|
|
(d)
|
údaráis phoiblí agus gnóthais atá ráthaithe go poiblí, agus contrapháirtithe lárnacha, gníomhairí socraíochta, tithe imréitigh agus oibreoirí córais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (c), (d), (e) agus (p), de Threoir 98/26/CE;
|
|
(e)
|
institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);
|
|
|
Airteagal 2 (25)
|
ordú aistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (i), an chéad fhleasc, de Threoir 98/26/CE (11);
|
|
Airteagal 2 (26)
|
ciallaíonn ‘comhthaobhacht trasteorann’ comhthaobhacht, ó thaobh na tíre ina nglactar leis na sócmhainní mar chomhthaobhacht, ar comhthaobhacht eachtrach ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas ina leith: (a) airgeadra na hainmníochta; (b) an tír ina bhfuil na sócmhainní suite; nó (c) an tír ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe;
|
|
Airteagal 2 (27)
|
ciallaíonn ‘oibleagáidí airgeadais’ oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn, laistigh den SIPS, idir rannpháirtithe nó idir rannpháirtithe agus an t-oibreoir SIPS, de thoradh orduithe um aistriú a bheith déanta sa SIPS sin;
|
|
Airteagal 2 (28)
|
ciallaíonn ‘cibirtheagmhas’ aon tarlú inbhraite i gcóras faisnéise, lena n-áirítear na líonraí lenar féidir faisnéis agus cumarsáid a aistriú, (a) a chuireann an chibearshlándáil i mbaol nó a dhéanann dochar di nó (b) a sháraíonn na beartais slándála, na nósanna imeachta slándála nó na beartais úsáide inghlactha, bíodh siad mar thoradh ar ghníomhaíocht mhailíseach nó ná bíodh;
|
|
Airteagal 2 (29)
|
ciallaíonn ‘rannpháirtí díreach’ eintiteas dlítheanach a bhfuil rochtain dhíreach aige ar sheirbhísí an SIPS ar bhonn gaol conarthach trína bhfuil sé faoi cheangal ag rialacha an SIPS atá i gceist, a bhfuil cead aige orduithe um aistriú a sheoladh chuig an gcóras sin agus atá in ann orduithe um aistriú a fháil ón gcóras sin;
|
|
Airteagal 2 (30)
|
ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise agus/nó córas faisnéise a chaomhnú, lena n-áirítear na líonraí lenar féidir faisnéis agus cumarsáid a aistriú;
|
|
Airteagal 2 (31)
|
ciallaíonn ‘lá gnó’ lá gnó mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (n), de Threoir 98/26/CE;
|
|
Airteagal 2 (32)
|
ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ aon chúinse a d’fhéadfadh leas a bhaint as leochaileacht amháin nó níos mó agus a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar an gcibearshlándáil;
|
|
Airteagal 2 (33)
|
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí seachfhoinsiúcháin’ tríú páirtí nó eintiteas inghrúpa a thugann faoi fheidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí i gcomhthéacs socrú seachfhoinsithe;
|
|
Airteagal 2 (34)
|
ciallaíonn ‘íocaíocht trasteorann’ íocaíocht idir rannpháirtithe atá bunaithe i dtíortha éagsúla;
|
|
Airteagal 2 (35)
|
ciallaíonn ‘stiúrthóir neamhspleách’, i gcóras boird aonadaigh, comhalta neamhfheidhmiúcháin den bhord nó, i gcóras débhoird, comhalta den bhord maoirseachta nó den bhord coibhéiseach, nach bhfuil aon ghaol gnó, teaghlaigh nó eile aige nó aici lena gcruthaítear coinbhleacht leasa maidir leis an SIPS nó leis an oibreoir SIPS, lena scairshealbhóirí rialúcháin, lena lucht bainistíochta nó lena rannpháirtithe, agus nach raibh aon ghaol den sórt sin aige nó aici le linn an dá bhliain sular chomhalta den Bhord é nó í;
|
|
Airteagal 2 (36)
|
ciallaíonn ‘plean téarnaimh’ plean arna fhorbairt ag oibreoir SIPS chun oibriú rianúil SIPS a athbhunú;
|
|
Airteagal 2 (37)
|
ciallaíonn ‘plean clabhsúir ordúil’ plean arna fhorbairt ag oibreoir SIPS chun SIPS a dhúnadh ar bhealach ordúil;
|
|
Airteagal 2 (38)
|
ciallaíonn ‘geallsealbhóirí ábhartha’ rannpháirtithe, BMAnna a bhfuil tionchar acu ar an riosca in SIPS, agus, ar bhonn cás ar chás, gníomhaithe eile sa mhargadh a bhfuil difear déanta dóibh;
|
|
Airteagal 2 (39)
|
ciallaíonn ‘staid éigeandála’ teagmhas, tarlú nó imthoisc a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cailleadh na bhfeidhmeanna, na n-oibríochtaí agus/nó na seirbhísí atá ag SIPS nó le míshocracht sna nithe sin, lena n-áirítear cur isteach ar shocraíocht chríochnaitheach nó socraíocht chríochnaitheach a chosc;
|
|
Airteagal 2 (40)
|
cáilíonn ‘ábhar’ riosca, spleáchas agus/nó athrú a lena bhféadfaí difear a dhéanamh do chumas eintitis seirbhísí a chur i gcrích nó a sholáthar mar a bhíothas ag dréim leis;
|
|
Airteagal 2 (41)
|
ciallaíonn ‘soláthróir leachtachta’ soláthróir airgid faoi Airteagail 10(3), 11(5), 13(1), 13(9) agus 13(11) nó sócmhainní faoi Airteagal 13(4), lena n-áirítear rannpháirtí de chuid SIPS nó páirtí seachtrach de chuid SIPS;
|
|
Airteagal 2 (42)
|
ciallaíonn ‘neamhchosaint creidmheasa’ suim nó luach atá faoi riosca nach socróidh rannpháirtí ar a luach iomlán, an tráth a mbeidh sé dlite nó tráth ar bith ina dhiaidh sin;
|
|
Airteagal 2 (43)
|
ciallaíonn ‘córas glansocraíochta iarchurtha’ (córas DNS) córas a ndéantar socraíocht in airgead bainc ceannais ina leith ar bhonn glan ag deireadh timthrialla réamhshainithe socraíochta, e.g. ag deireadh lae gnó nó le linn lae gnó;
|
|
Airteagal 2 (44)
|
ciallaíonn ‘cleamhnaí’ cuideachta atá i mbun an rannpháirtí a rialú, nó atá á rialú ag an rannpháirtí, nó atá á rialú i gcomhar leis an rannpháirtí. Sainmhínítear rialú cuideachta mar (a) úinéireacht, rialú nó sealbhú 20 % nó níos mó d’aicme urrús vótála de chuid na cuideachta; nó (b) comhdhlúthú na cuideachta le haghaidh tuairisciú airgeadais;
|
|
Airteagal 2 (45)
|
ciallaíonn ‘riosca margaidh’ an riosca go dtarlódh caillteanais, i suíomhanna ar an gclár comhardaithe nó i suíomhanna lasmuigh den chlár comhardaithe, de bharr athruithe ar phraghsanna margaidh;
|
|
Airteagal 2 (46)
|
ciallaíonn ‘riosca comhghaolmhaireachta’ riosca de dhroim neamhchosaint ar rannpháirtí nó ar eisitheoir nuair atá an chomhthaobhacht arna soláthar ag an rannpháirtí sin nó arna heisiúint ag an eisitheoir sin comhghaolaithe go dlúth lena riosca creidmheasa;
|
|
Airteagal 2 (47)
|
ciallaíonn ‘gníomhaí nostro’ banc atá á úsáid ag na rannpháirtithe in SIPS i gcomhair socraíochta;
|
|
Airteagal 2 (48)
|
ciallaíonn ‘banc taisclainne’ banc a bhfuil sócmhainní airgeadais tríú páirtithe ina sheilbh aige agus iad á gcoimirciú aige;
|
|
Airteagal 2 (49)
|
ciallaíonn ‘dálaí margaidh atá foircneach ach inchreidte’ tacar uileghabhálach dálaí stairiúla agus hipitéiseacha, lena n-áirítear na tréimhsí ba luainí a ndeachaigh na margaí dá bhfónann an SIPS tríothu;
|
|
Airteagal 2 (50)
|
ciallaíonn ‘íocaíocht aontaobhach’ íocaíocht lena ngabhann aon aistriú cistíochta amháin in aon airgeadra amháin;
|
|
Airteagal 2 (51)
|
ciallaíonn ‘íocaíocht dhéthaobhach’ íocaíocht lena ngabhann dhá aistriú cistíochta in airgeadraí difriúla i gcóras socraíochta ‘malartú ar a luach’;
|
|
Airteagal 2 (52)
|
ciallaíonn ‘dáta socraíochta beartaithe’ an dáta atá iontráilte in SIPS mar dháta socraíochta ag seoltóir ordaithe um aistriú;
|
|
Airteagal 2 (53)
|
ciallaíonn ‘riosca bunairgid’ an riosca go gcaillfidh contrapháirtí an luach iomlán a ghabhann leis an idirbheart, i.e. an riosca go seachadfaidh díoltóir sócmhainne airgeadais an tsócmhainn ar bhonn neamh-inchúlghairthe, ach nach bhfaighidh sé íocaíocht, nó an riosca go n-íocfaidh ceannaitheoir sócmhainne airgeadais as an tsócmhainn ar bhonn neamh-inchúlghairthe, ach nach bhfaighidh sé an tsócmhainn;
|
|
Airteagal 2 (54)
|
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí agus fóntas’ eintiteas tríú páirtí nó inghrúpa a sholáthraíonn próiseas, seirbhís, fóntas nó gníomhaíocht, nó codanna díobh, d’oibreoir SIPS;
|
|
Airteagal 2 (55)
|
ciallaíonn ‘faisnéis i dtaobh bagairtí’ aon fhaisnéis a rinneadh a chomhiomlánú, a chlaochlú, a anailísiú, a léirmhíniú nó a shaibhriú chun an comhthéacs is gá a sholáthar ar mhaithe leis an gcinnteoireacht chun tionchar cibirtheagmhais nó cibearbhagairte a mhaolú;
|
|
Airteagal 2 (56)
|
ciallaíonn ‘fo-sheachfhoinsiú’, maidir leis an oibleagáid atá ar sholáthraí seirbhísí seachfhoinsithe feidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí a sholáthar, aistriú na hoibleagáide sin ag an soláthraí chuig tríú páirtí eile nó chuig eintiteas inghrúpa eile;
|
|
Airteagal 2 (57)
|
ciallaíonn ‘riosca comhchruinnithe’ an riosca atá ann de bharr neamhchosaint ar sholáthraí aonair seirbhísí seachfhoinsithe nó ar sholáthraithe éagsúla seirbhísí seachfhoinsithe, a bhfuil de thoradh air go gcruthaítear spleáchas áirithe ar an tsoláthraí sin ionas go bhféadfaí, de bharr neamh-infhaighteacht, cliseadh nó easnamh eile ó thaobh sheirbhís an tsoláthraí sin, dochar a dhéanamh don SIPS agus/nó don oibreoir SIPS, lena n-áirítear trína chumas a sheirbhísí a oibriú agus a sholáthar a chur i mbaol, agus/nó cobhsaíocht airgeadais an Aontais ina iomláine a chur i mbaol.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|