+IARSCRÍBHINN V
---+1. Ábhair orgánacha Is déanta as an méid seo a leanas agus an méid sin amháin a bheidh ábhair …
---+2. Ábhair mhiotalacha Ní úsáidfear ach ábhair mhiotalacha a áirítear ar an liosta dearfach Eorpach …
---+3. Ábhair stroighniúla Is déanta as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas agus astu amháin …
---+4. Cruain agus ábhair cheirmeacha Is déanta as substaintí tosaithe ón liosta dearfach Eorpach de …
---+5. Eisceachtaí i ndáil le measúnú ábhar a úsáidtear i mion-chomhpháirteanna cóimeáilte I gcás …
|
IARSCRÍBHINN V
IARSCRÍBHINN V
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Ábhair orgánacha Is déanta as an méid seo a leanas agus an méid sin amháin a bheidh ábhair …
|
|
1.
|
Ábhair orgánacha
Is déanta as an méid seo a leanas agus an méid sin amháin a bheidh ábhair orgánacha:
|
(a)
|
na substaintí tosaithe a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2); agus
|
|
(b)
|
substaintí nach bhfuil aon fhéidearthacht ann ina leith go bhfuil an tsubstaint sin agus a táirgí imoibriúcháin i láthair ag leibhéil is airde ná 0,1 μg/l in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ach amháin má theastaíonn luach níos déine ó shubstaintí sonracha agus a dtocsaineacht á cur san áireamh.
|
Déanfar ábhair orgánacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais siúd, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.
|
|
|
2. Ábhair mhiotalacha Ní úsáidfear ach ábhair mhiotalacha a áirítear ar an liosta dearfach Eorpach …
|
|
2.
|
Ábhair mhiotalacha
Ní úsáidfear ach ábhair mhiotalacha a áirítear ar an liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2). Comhlíonfar na teorannacha a leagtar síos sa liosta dearfach Eorpach i ndáil le comhdhéanamh na n-ábhar sin, an úsáid atá acu i dtaobh táirgí áirithe agus úsáid na dtáirgí sin.
Déanfar ábhair mhiotalacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu.
|
|
|
3. Ábhair stroighniúla Is déanta as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas agus astu amháin …
|
|
3.
|
Ábhair stroighniúla
Is déanta as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas agus astu amháin a bheidh ábhair stroighniúla:
|
(a)
|
comhábhair orgánacha a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);
|
|
(b)
|
comhábhair orgánacha nach bhfuil aon fhéidearthacht ann ina leith go bhfuil na comhábhair agus a dtáirgí imoibriúcháin i láthair ag leibhéil is mó ná 0,1 μg/l in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; nó
|
|
(c)
|
comhábhair neamhorgánacha.
|
Déanfar ábhair stroighniúla a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.
|
|
|
4. Cruain agus ábhair cheirmeacha Is déanta as substaintí tosaithe ón liosta dearfach Eorpach de …
|
|
4.
|
Cruain agus ábhair cheirmeacha
Is déanta as substaintí tosaithe ón liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2), tar éis measúnú a dhéanamh ar na heilimintí a úsáidtear i gcomhdhéanamh na n-ábhar sin, agus astu amháin a bheidh cruain agus ábhair cheirmeacha.
Déanfar cruain agus ábhair cheirmeacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.
|
|
|
5. Eisceachtaí i ndáil le measúnú ábhar a úsáidtear i mion-chomhpháirteanna cóimeáilte I gcás …
|
|
5.
|
Eisceachtaí i ndáil le measúnú ábhar a úsáidtear i mion-chomhpháirteanna cóimeáilte
I gcás táirgí cóimeáilte: tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar mhion-chomhpháirteanna, ar mhionchodanna agus ar mhionábhair agus laghdófar an tástáil dá réir. Chun na críche sin, tagraíonn “mion! do leibhéal tionchair ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine nach dteastaíonn an tástáil iomlán ina leith.
Tábla 1. Tástáil maidir le cineálacha ábhair
|
Na critéir
|
Orgánach (Féach Nóta 1)
|
Miotalach (Féach Nóta 2)
|
Stroighniúil
|
Cruain agus ábhair cheirmeacha
|
|
Liostaí dearfacha Eorpacha
|
|
|
|
|
|
Liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha
|
X
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
|
Liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha a bhfuil glacadh leo
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
N.N.
|
|
Liosta dearfach Eorpach de chomhábhair le haghaidh ábhair stroighniúla
|
N.N.
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
|
Liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh le haghaidh cruan agus ábhair cheirmeacha
|
N.N.
|
N.N.
|
N.N.
|
X
|
|
Tástálacha orgánaileipteacha
|
|
|
|
|
|
Boladh agus blas
|
X
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
|
Dath agus Moirtiúlacht
|
X
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
|
Measúnuithe sláinteachais ghinearálta
|
|
|
|
|
|
Láisteadh an charbóin orgánaigh iomláin
|
X
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
|
Iarmhair dromchla (miotail)
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
N.N.
|
|
Tástáil ascnaimh
|
|
|
|
|
|
Paraiméadair ábhartha na Treorach seo
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
MTCtap de shubstaintí PL
|
X
|
N.N.
|
X (Féach Nóta 3)
|
N.N.
|
|
Substaintí nach rabhthas ag súil leo (GCMS)
|
X
|
N.N.
|
X (Féach Nóta 3)
|
N.N.
|
|
Comhlíonadh liostaí de chomhdhéanaimh
|
N.N.
|
X
|
N.N.
|
X
|
|
Cur le fás miocróbach
|
X
|
N.N.
|
X (Féach Nóta 3)
|
N.N.
|
|
MTCtap:
|
An t-uastiúchan is inghlactha ag an mbuacaire (bíodh sé sin bunaithe ar thuairim ECHA chun na gcríoch an tsubstaint a chur ar an liosta dearfach Eorpach, nó bunaithe ar theorainn ascnaimh shonrach a shocraítear i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún () agus aird á tabhairt ar fhachtóir leithdháilte 10 % agus ar thomhaltas uisce 2 lítear in aghaidh an lae)
|
|
GCMS:
|
Crómatagrafaíocht Gháis - Mais-Speictriméadracht (modh scagtha)
|
|
Nóta 1:
|
Eisceachtaí sonracha le cinneadh i gcomhréir le pointe 5 den Iarscríbhinn seo.
|
|
Nóta 2:
|
Ní bheidh miotail faoi réir tástáil orgánaileipteach toisc go nglactar leis i gcoitinne gur beag seans go mbeidh fadhbanna orgánaileipteacha ann má chomhlíontar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
|
|
Nóta 3:
|
Ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil substaintí orgánacha sa chomhdhéanamh.
|
|
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|