+2. Doiciméadacht theicniúil
---+2.1. Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin …
---+2.2. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid a …
|
2. Doiciméadacht theicniúil
2. Doiciméadacht theicniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
2.1. Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin …
|
|
2.1.
|
Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin, féadfar a mheas an bhfuil na ceanglais ábhartha á gcomhlíonadh ag an nglantach nó ag an dromchlaghníomhaí, agus beidh inti anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.
|
|
|
2.2. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid a …
|
|
2.2.
|
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid a bhaineann sé le measúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí. Sa doiciméadacht theicniúil, beidh ar a laghad na gnéithe seo a leanas:
|
(a)
|
tuairisc ghinearálta ar an nglantach nó ar an dromchlaghníomhaí;
|
|
(b)
|
i gcás inarb infheidhme, na tuarascálacha tástála lena dtaispeántar gur comhlíonadh Iarscríbhinní I agus II agus tuarascáil an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II;
|
|
(c)
|
i gcás inarb infheidhme, liosta de na modhanna tástála a úsáideadh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a léiriú;
|
|
(d)
|
torthaí na ríomhanna a rinneadh, lena n-áirítear chun a léiriú gur comhlíonadh na teorainnluachanna a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III, i gcás inarb infheidhme, agus na scrúduithe a rinneadh;
|
|
(e)
|
bileog sonraí comhábhar ina bhfuil na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
ainm nó trádainm an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí, an t-aitheantóir foirmle uathúil, ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra agus an úsáid atá beartaithe don ghlantach nó don dromchlaghníomhaí;
|
|
(ii)
|
liosta na substaintí uile a cuireadh leis d’aon ghnó; chun críocha an liosta sin, measfar cumhrán, bláthola nó oibreán dathúcháin a bheith ina chomhábhar aonair, agus liostófar leasaithigh agus ailléirginí cumhráin freisin más gá iad a lipéadú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 nó (AE) Uimh. 528/2012 nó le Cuid A, pointí 1 (h)(iii) agus (iv), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Déanfar na substaintí uile a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Mar sin féin, féadfar ainm Ainmníocht Idirnáisiúnta na gComhábhar Cosmaideach, ainm innéacs dathanna nó ainm ceimiceach idirnáisiúnta eile a úsáid, ar choinníoll go bhfuil an t-ainm ceimiceach ar eolas go maith agus go sainmhínítear céannacht na substainte leis gan débhrí. Soláthrófar freisin ainm ceimiceach na substaintí ar ceadaíodh ainm ceimiceach malartach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán sin. Mar sin féin, féadfar na haitheantóirí comhábhair cineálacha ‘cumhráin’ nó ‘oibreáin dathúcháin’ a úsáid i gcás comhábhar a úsáidtear go heisiach chun cumhrán nó dath a chur leo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
—
|
nach bhfuil na comhábhair aicmithe maidir le haon ghuais sláinte;
|
|
—
|
tiúchan na gcomhábhar a shainaithnítear le haitheantóir comhábhair cineálach ar leith, ní mó é ná 5 %, san iomlán, i gcás suim na gcumhrán agus 25 % i gcás suim na n-oibreán dathúcháin.
|
Déanfar na substaintí uile a liostú in ord flúirse laghdaitheach de réir meáchain, agus foroinnfear an liosta sna raonta céatadáin meáchain seo a leanas, mura roghnaíonn an monaróir an tiúchan bheacht a sholáthar:
|
|
(iii)
|
i gcás inarb infheidhme, liosta de na miocrorgánaigh uile a cuireadh leis d’aon ghnó lena soláthraítear a n-aicmiú tacsanomaíoch (ainm nó cód géinis, speicis agus tréithchineál), uimhir aontachais deascáin gach tréithchineáil mhiocróbaigh ag IDA, agus áireamh caighdeánach coilíneachtaí na miocrorgánach sa ghlantach, arna shloinneadh in CFUanna in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge;
|
|
(iv)
|
pH an mheascáin, má tá sé ar fáil, nó i gcás inar táirge soladach é, pH leachta uiscí nó tuaslagáin uiscí ag tiúchan áirithe; sonrófar tiúchan an mheascáin tástála in uisce; mura bhfuil an pH ar fáil, tabharfar na cúiseanna;
|
|
(v)
|
sampla de lipéad an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir le hAirteagal 17.
|
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|