+Airteagal 6 Díolúintí do ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
|
Airteagal 6 Díolúintí do ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Cé is moite de dhaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht na seoltán airgid arna sainiú in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir (AE) 2015/2366, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine dlítheanacha nó nádúrtha a ghlacann páirt i ngníomhaíocht airgeadais faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí (2) go (12), (14) agus (15), a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ar bhonn ócáideach nó fíorannamh, i gcás inar beag riosca go dtarlódh sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir go léir seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta i ndearbhthéarmaí;
|
|
(b)
|
go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta ar bhonn idirbhirt;
|
|
(c)
|
nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin an ghníomhaíocht airgeadais;
|
|
(d)
|
go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais coimhdeach agus bainteach go díreach le príomhghníomhaíocht na ndaoine sin;
|
|
(e)
|
nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a) go (d) nó (g), den Rialachán seo;
|
|
(f)
|
gur do chustaiméirí phríomhghníomhaíocht na ndaoine sin agus dóibh siúd amháin a sholáthraítear an ghníomhaíocht airgeadais agus nach iondúil go soláthraítear don phobal í.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), ceanglóidh na Ballstáit nach sáróidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais tairseach a bheidh íseal go leor. Bunófar an tairseach sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm tairseach uasta in aghaidh an chustaiméara agus in aghaidh an idirbhirt aonair, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích é. Bunófar an tairseach uasta sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais. Beidh sí íseal go leor chun a áirithiú gur modh neamhphraiticiúil neamhéifeachtach le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta na cineálacha idirbheart atá i gceist, agus nach mbeidh sí níos mó ná EUR 1 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Chun críocha mhír 1, pointe (c), éileoidh na Ballstáit nach mbeidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais níos mó ná 5 % de láimhdeachas iomlán an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta chun críocha an Airteagail seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar aon ghníomhaíocht airgeadais a meastar gur an-dócha, de thoradh a cineáil, go mbainfí úsáid nó mí-úsáid aisti chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|