+Airteagal 13 Ionracas na bhfostaithe
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
|
Airteagal 13 Ionracas na bhfostaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Aon fhostaí, nó duine i bpost inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, atá rannpháirteach go díreach i gcomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid, déanfar measúnú orthu atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na cúraimí a dhéantar agus a bhformheasann an t-oifigeach um chomhlíonadh a n-ábhar, i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
scileanna, eolas agus saineolas aonair chun tabhairt faoina bhfeidhmeanna ar bhealach éifeachtach;
|
|
(b)
|
dea-chlú, macántacht agus ionracas.
|
Déanfar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír sula rachaidh an fostaí nó an duine a bhfuil post inchomparáide aige nó aici, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, i mbun gníomhaíochtaí agus déanfar é arís agus arís eile. Cinnfear déine na measúnuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar bhonn na gcúraimí a chuirfear ar an duine agus na rioscaí a bhaineann leis an bhfeidhm a dhéanann siad.
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Na fostaithe, nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, ar a gcuirtear cúraimí a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid, cuirfidh siad an t-oifigeach um chomhlíonadh ar an eolas faoi aon ghaolmhaireacht phríobháideach nó ghairmiúil atá bunaithe le custaiméirí nó custaiméirí ionchais an eintitis faoi oibleagáid, agus cuirfear cosc orthu tabhairt faoi chúraimí ar bith a bhaineann le comhlíonadh an eintitis faoi oibleagáid i ndáil leis na custaiméirí sin.
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur i gcrích cúraimí a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a ghníomhaíochtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|