1. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leanúnach ar ghaolmhaireachtaí gnó, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann an custaiméir le linn gaolmhaireacht gnó, chun a áirithiú go mbeidh na hidirbhearta sin comhsheasmhach le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, le gníomhaíocht gnó agus le próifíl riosca an chustaiméara, agus i gcás inar gá, leis an bhfaisnéis faoi thionscnamh agus ceann scríbe na gcistí, agus chun na hidirbhearta sin a bhrath a dhéanfar faoi réir measúnú níos cuimsithí de bhun Airteagal 69(2).
I gcás ina gcumhdóidh gaolmhaireachtaí gnó níos mó ná táirge nó seirbhís amháin, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcumhdófar leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí na táirgí agus na seirbhísí sin go léir.
I gcás ina bhfuil gaolmhaireachtaí gnó ag eintitis faoi oibleagáid atá i ngrúpa le custaiméirí ar custaiméirí iad freisin de chuid eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin, cibé acu is eintitis faoi oibleagáid nó gnóthais nach bhfuil faoi réir cheanglais AML/CFT iad, cuirfidh siad san áireamh faisnéis a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí gnó eile sin chun faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó lena gcustaiméirí.