4. I dteannta an fhaireacháin leanúnaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, fíoróidh eintitis faoi oibleagáid go tráthrialta an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointe (d). Beidh minicíocht an fhíoraithe sin i gcomhréir le neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid agus na gaolmhaireachta gnó ar rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.
I gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, déanfar an fíorú dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a dhéanfar aon ainmniú nua a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe freisin.
Ní chuirfear ceanglais na míre seo in ionad na hoibleagáide maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ná ceanglais níos déine faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais ná faoin dlí náisiúnta maidir le fíorú ar an mbonn cliant i gcoinne liostaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.