+Airteagal 34 Raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart feabhsaithe díchill chuí
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
---+Airteagal 34 4
---+Airteagal 34 5
---+Airteagal 34 6
---+Airteagal 34 7
---+Airteagal 34 8
|
Airteagal 34 Raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart feabhsaithe díchill chuí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1
|
1. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31 agus 36 go 46, chomh maith le cásanna eile de riosca níos airde a shainaithníonn na heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 20(2), an dara fomhír, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí i bhfeidhm chun rioscaí den sórt sin a bhainistiú agus a mhaolú go cuí.
|
|
Airteagal 34 2
|
2. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid scrúdú ar thionscnamh agus ar cheann scríbe na gcistí a bhaineann le gach idirbheart a chomhlíonann ceann amháin, ar a laghad, de na coinníollacha seo a leanas, agus chun críche na n-idirbheart sin:
|
(a)
|
tá na é an t-idirbheart de chineál casta;
|
|
(b)
|
is idirbheart é atá níos mó ná mar is gnách;
|
|
(c)
|
tá pátrún neamhghnách ag baint leis an gcaoi a ndéantar an t-idirbheart;
|
|
(d)
|
ní léir go bhfuil cuspóir eacnamaíoch nó dleathach ag an idirbheart.
|
|
|
Airteagal 34 3
|
3. Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus measúnú á dhéanamh acu ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gaolmhaireacht gnó nó le hidirbheart ócáideach, cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid ar a laghad na tosca maidir le riosca a d’fhéadfadh a bheith níos airde a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus na treoirlínte a ghlac AMLA de bhun Airteagal 32 san áireamh, chomh maith le haon táscairí eile a bhaineann le riosca níos airde mar shampla fógraí arna n-eisiúint ag an FIU agus torthaí an mheasúnaithe riosca uileghnó faoi Airteagal 10.
|
|
Airteagal 34 4
|
4. Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm, a bheidh comhréireach leis na rioscaí níos airde arna sainaithint, ina bhféadfar na bearta seo a leanas a áireamh
|
(a)
|
faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoi na húinéirí tairbhiúla;
|
|
(b)
|
faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;
|
|
(c)
|
faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus na n-úinéirí tairbhiúla;
|
|
(d)
|
faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta agus faoina gcomhsheasmhacht leis an ngaolmhaireacht gnó;
|
|
(e)
|
faomhadh na bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht gnó a bhunú nó leanúint léi;
|
|
(f)
|
faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht gnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh;
|
|
(g)
|
a éileamh go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid creidmheasa faoi réir caighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo.
|
|
|
Airteagal 34 5
|
5. Sa bhreis ar mhír 4, i gcás ina mbaineann láimhseáil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, le gaolmhaireacht gnó a shainaithnítear mar ghaolmhaireacht gnó a bhfuil riosca níos airde ag baint léi, trí sheirbhísí pearsantaithe do chustaiméir a shealbhaíonn sócmhainní iomlána ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, cibé acu i sócmhainní airgeadais, in-infheistithe nó réadmhaoine, nó meascán díobh sin, seachas áit chónaithe phríobháideach an chustaiméara sin, cuirfidh institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta na bearta feabhsaithe díchill chuí seo a leanas i bhfeidhm, sa bhreis ar aon bheart feabhsaithe díchill chuí a chuirtear i bhfeidhm de bhun mhír 4:
|
(a)
|
bearta sonracha lena n-áirítear nósanna imeachta chun rioscaí a bhaineann le seirbhísí pearsantaithe agus táirgí a thairgtear don chustaiméir sin a mhaolú;
|
|
(b)
|
faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse cistí an chustaiméara sin;
|
|
(c)
|
coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú idir an custaiméir agus an bhainistíocht shinsearach nó fostaithe an eintitis faoi oibleagáid a thugann faoi chúraimí a bhaineann le comhlíonadh an eintitis sin faoi oibleagáid i ndáil leis an gcustaiméir sin.
|
Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na bearta a bheidh le déanamh ag institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta chun a shuí an bhfuil sócmhainní iomlána ag custaiméir ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, i sócmhainní airgeadais, in-infheistithe nó réadmhaoine agus conas an luach sin a chinneadh.
|
|
Airteagal 34 6
|
6. Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcás ina sainaithníonn Ballstáit cásanna de riosca níos airde de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear mar thoradh ar mheasúnuithe riosca earnála a dhéanann na Ballstáit, féadfaidh siad a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta sin a shonrú. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún agus AMLA maidir lena gcinntí lena bhforchuirtear ceanglais fheabhsaithe díchill chuí ar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe ina gcríoch laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a nglactar iad, chomh maith le réasúnú leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca faoin gcinneadh sin.
I gcás inar dócha go dtiocfaidh na rioscaí arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre ó lasmuigh den Aontas agus go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do chóras airgeadais an Aontais, breithneoidh AMLA, ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 32 a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 34 7
|
7. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcás ina sainaithníonn sé cásanna breise de riosca níos airde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanann difear don Aontas ina iomláine agus bearta feabhsaithe díchill chuí a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhm sna cásanna sin, agus na fógraí ó na Ballstáit de bhun mhír 6, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 34 8
|
8. Ní dhéanfar bearta feabhsaithe díchill chuí a agairt go huathoibríoch maidir le brainsí nó le fochuideachtaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid atá san Aontas atá lonnaithe sna tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 29, 30 agus 31, i gcás ina gcomhlíonann na brainsí sin nó na fochuideachtaí sin go hiomlán na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 17.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|