4. Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm, a bheidh comhréireach leis na rioscaí níos airde arna sainaithint, ina bhféadfar na bearta seo a leanas a áireamh
|
(a)
|
faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoi na húinéirí tairbhiúla;
|
|
(b)
|
faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;
|
|
(c)
|
faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus na n-úinéirí tairbhiúla;
|
|
(d)
|
faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta agus faoina gcomhsheasmhacht leis an ngaolmhaireacht gnó;
|
|
(e)
|
faomhadh na bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht gnó a bhunú nó leanúint léi;
|
|
(f)
|
faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht gnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh;
|
|
(g)
|
a éileamh go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid creidmheasa faoi réir caighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo.
|