6. Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcás ina sainaithníonn Ballstáit cásanna de riosca níos airde de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear mar thoradh ar mheasúnuithe riosca earnála a dhéanann na Ballstáit, féadfaidh siad a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta sin a shonrú. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún agus AMLA maidir lena gcinntí lena bhforchuirtear ceanglais fheabhsaithe díchill chuí ar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe ina gcríoch laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a nglactar iad, chomh maith le réasúnú leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca faoin gcinneadh sin.
I gcás inar dócha go dtiocfaidh na rioscaí arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre ó lasmuigh den Aontas agus go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do chóras airgeadais an Aontais, breithneoidh AMLA, ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 32 a thabhairt cothrom le dáta.