+Airteagal 76 5
|
Airteagal 76 5
5. Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a ghlacadh a eascraíonn as próisis uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679, nó as próisis lena mbaineann córais intleachta saorga mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1),) de Rialachán (AE) 2024/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), ar choinníoll:
|
(a)
|
nach mbaineann na sonraí a phróiseáiltear leis na córais sin ach le sonraí a fhaightear de bhun Chaibidil III den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
go bhfuil aon chinneadh maidir le gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó diúltú gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó a choinneáil ar bun le custaiméir nó maidir le hidirbheart ócáideach a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh do chustaiméir, nó méid na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú, faoi réir idirghabháil fhóinteach dhaonna chun cruinneas agus oiriúnacht an chinnidh sin a áirithiú, agus
|
|
(c)
|
go bhféadfaidh an custaiméir míniú a fháil ar an gcinneadh ar tháinig an t-eintiteas faoi oibleagáid air, agus go bhféadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, ach amháin maidir le tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|