+Airteagal 121 Neamhchosaintí ar institiúidí gan rátáil
---+Airteagal 121 1.
---+Airteagal 121 2.
---+Airteagal 121 3.

Airteagal 121 Neamhchosaintí ar institiúidí gan rátáil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 121 1.

Déanfar neamhchosaintí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a shannadh do cheann de na gráid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád A:

(i) 

tá acmhainneacht leordhóthanach ag an institiúid chun a gealltanais airgeadais a chomhlíonadh, lena n-áirítear aisíocaíochtaí príomhshuime agus úis, go tráthúil, ar feadh shaolré mheasta na sócmhainní nó na neamhchosaintí agus gan beann ar thimthriallta eacnamaíocha ná ar dhálaí gnó;

(ii) 

comhlíonann nó sáraíonn an institiúid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1) den Rialachán seo, agus Airteagal 458(2), pointí (d)(i) agus (vi), agus Airteagal 459, pointe (a), den Rialachán seo á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme, na ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE, nó aon cheanglais mhaoirseachta agus rialála áitiúil choibhéiseacha agus bhreise i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin foilsithe agus le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 nó cistí dílse, de réir mar is infheidhme;

(iii) 

déantar an fhaisnéis faoi cibé a chomhlíonann nó a sháraíonn an institiúid na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a nochtadh go poiblí, nó cuirtear ar fáil don institiúid iasachtaí ar shlí eile í;

(iv) 

níor tugadh le fios leis an measúnú a rinne an institiúid iasachtaí i gcomhréir le hAirteagal 79 de Threoir 2013/36/AE nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo;

(b) 

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas agus nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha i bpointe (a) den mhír seo, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád B:

(i) 

tá an institiúid faoi réir riosca creidmheasa substaintiúil, lena n-áirítear acmhainneacht aisíocaíochta atá ag brath ar dhálaí eacnamaíocha nó ar dhálaí gnó cobhsaí nó fabhracha;

(ii) 

comhlíonann nó sáraíonn an institiúid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1) den Rialachán seo, agus Airteagal 458(2), pointe (d)(i), agus Airteagal 459, pointe (a), den Rialachán seo á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais cistí dílse sonracha dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, nó aon cheanglais mhaoirseachta nó rialála áitiúla choibhéiseacha agus bhreise i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin foilsithe agus le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 nó cistí dílse, de réir mar is infheidhme;

(iii) 

déantar an fhaisnéis faoi cibé a chomhlíonann nó a sháraíonn an institiúid na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a nochtadh go poiblí, nó cuirtear ar fáil don institiúid iasachtaí ar shlí eile í;

(iv) 

níor tugadh le fios leis an measúnú a rinne an institiúid iasachtaí i gcomhréir le hAirteagal 79 de Threoir 2013/36/AE nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo.

(c) 

i gcás nach ndéantar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád A nó Grád B, nó i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád C:

(i) 

tá rioscaí réamhshocraithe ábhartha agus corrlaigh sábháilteachta teoranta ag an institiúid;

(ii) 

is rídhócha nach mbeidh sé ar chumas na hinstitiúide, nó nach raibh sé ar chumas na hinstitiúide, a gealltanais airgeadais a chomhlíonadh mar gheall ar dhrochdhálaí gnó, airgeadais, nó eacnamaíocha;

(iii) 

i gcás ina gceanglaítear ráitis airgeadais iniúchta de réir dlí ar an institiúid, inar eisigh an t-iniúchóir seachtrach tuairim iniúchóireachta dhiúltach nó inar léirigh sé amhras substaintiúil maidir le cumas na hinstitiúide leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach ina chuid ráiteas airgeadais iniúchta nó ina thuarascálacha iniúchta laistigh den 12 mhí roimhe seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b)(ii), den mhír seo, ní áireofar caipiteal maolánach atá coibhéiseach leo sin a shainítear in Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE leis na ceanglais mhaoirseachta nó rialála áitiúla choibhéiseacha agus bhreise.

Airteagal 121 2.
I gcás neamhchosaintí ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5), chun a mheasúnú an gcomhlíonann na hinstitiúidí airgeadais sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a)(ii) agus (b)(ii), den Airteagal seo, measfaidh siad an gcomhlíonann na hinstitiúidí airgeadais sin aon cheanglais stuamachta inchomparáide, nó an sáraíonn siad iad sin.
Airteagal 121 3.

Is mar a leanas a dhéanfar ualú riosca a shannadh do neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C i gcomhréir le mír 1:

(a) 

neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh le haghaidh neamhchosaintí gearrthéarmacha i gcomhréir le Tábla 1:

(i) 

tá aibíocht bhunaidh 3 mhí nó níos giorra ag an neamhchosaint;

(ii) 

tá aibíocht bunaidh 6 mhí nó níos giorra ag an neamhchosaint agus eascraíonn sí as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta;

(b) 

déanfar ualú riosca 30 % a shannadh do neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A nach neamhchosaintí gearrthéarmacha iad, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

ní chomhlíonann an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a);

(ii) 

tá Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide cothrom le 14 % nó níos airde ná sin;

(iii) 

tá cóimheas luamhánaithe na hinstitiúide cothrom le 5 % nó níos airde ná sin;

(c) 

neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b), sannfar ualú riosca dóibh i gcomhréir le Tábla 1.

I gcás nach ndéantar neamhchosaint institiúide a ainmniú in airgeadra intíre dhlínse chorpraithe na hinstitiúide sin, nó i gcás inar chuir an institiúid sin an oibleagáid chreidmheasa in áirithe i mbrainse i ndlínse dhifriúil agus nach bhfuil an neamhchosaint in airgeadra intíre na dlínse ina bhfeidhmíonn an brainse, ní bheidh an t-ualú riosca arna shannadh i gcomhréir le pointí (a), (b) nó (c), maidir le neamhchosaintí seachas iad sin a bhfuil aibíocht aon bhliain amháin nó níos lú acu a eascraíonn as ítimí teagmhasacha féinleachtaitheacha a bhaineann le trádáil a eascraíonn as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta, ní bheidh sé níos ísle ná ualú riosca atá ag neamhchosaint rialtas láir na tíre ina bhfuil an institiúid ionchorpraithe.



Tábla 1

Measúnú riosca creidmheasa

Grád A

Grád B

Grád C

Ualú riosca maidir le neamhchosaintí gearrthéarmacha

20 %

50 %

150 %

Ualú riosca

40 %

75 %

150 %

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas