+Airteagal 5 Aistrithe cistí laistigh den Aontas
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
|
Airteagal 5 Aistrithe cistí laistigh den Aontas
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta uile a bhfuil baint acu leis an slabhra íocaíochta bunaithe san Aontas, beidh uimhir chuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon, nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil, ar a laghad, ag gabháil leis an aistriú cistí gan dochar, i gcás inarb infheidhme, do na ceanglais faisnéise a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. D’ainneoin mhír 1, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra, laistigh de thrí lá oibre ó iarraidh ar fhaisnéis a fháil, in easnamh ó sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nó ón soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach, an méid seo a leanas a chur ar fáil:
|
(a)
|
i gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé acu a dhéantar aistrithe den sórt sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí i gcomhréir le hAirteagal 4;
|
|
(b)
|
i gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus nach ndealraíonn a bheith nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad, agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, ar a laghad:
|
(i)
|
ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus
|
|
(ii)
|
uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.
|
|
|
|
Airteagal 5 3
|
3. De mhaolú ar Airteagal 4(4), i gcás aistrithe cistí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra an fhaisnéis a fhíorú, ar faisnéis í a bhaineann leis an íocóir, ach amháin:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|