+93. I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go …
|
93. I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go …
I gcás ina bhfaigheann SSI an íocóra amach, agus é ag fáil na mbailiúchán dochair dhírigh, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2023/1113 ar iarraidh nó neamhiomlán, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin á n úsáid, ba cheart do SSI an íocóra na roghanna a leagtar amach in Airteagal 8(1), an dara fomhír, den Rialachán sin a chur ‑ i bhfeidhm. Ba cheart do SSI an íocóra a roghnú an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh sula gcuirfear cuntas an íocóra do dhochar nó ina dhiaidh sin, i gcur chuige rioscabhunaithe. Go háirithe, ba cheart dó a mheas ar cheart an íocaíocht a chreidiúnú fós i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó ar cheart cistí a chur ar fáil don íocaí a bhraitheann ar fhaisnéis a fhaightear ón íocóir agus a fhíoraítear mar chuid de phróiseas díchill chuí an chustaiméara, i gcomhréir le Cuid 4.4.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|