+Airteagal 29 Forálacha sonracha
---+Airteagal 29 (a)
---+Airteagal 29 (b)
---+Airteagal 29 (c)
---+Airteagal 29 (d)

Airteagal 29 Forálacha sonracha

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar lena smachtbhannaí riaracháin agus lena mbearta riaracháin ar a laghad na cinn sin a leagtar síos in Airteagal 59(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 i gcás na sáruithe seo a leanas ar an Rialachán seo:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 (a)

mainneachtain arís is arís eile, nó mainneachtain chórasach, arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a chur leis an aistriú cistí, de shárú ar Airteagail 4, 5, nó 6 nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a chur leis an aistriú cripteashócmhainní, de shárú ar Airteagal 14 nó 15;

Airteagal 29 (b)

mainneachtain arís is arís eile, mainneachtain chórasach nó mainneachtain thromchúiseach arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní taifid a choinneáil, de shárú ar Airteagal 26;

Airteagal 29 (c)

mainneachtain arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagail 8 nó 12, nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 17;

Airteagal 29 (d)

mainneachtain thromchúiseach arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach Airteagal 11 nó Airteagal 12 a chomhlíonadh nó mainneachtain thromchúiseach ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach Airteagail 19, 20 nó 21 a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas